Rúbarb

Rúbarb

Grianghraf le Cory Doctorow faoi cheadúnas CC-BY-SA

Dán le Róisín Sheehy.

I gcuimhne ar m’athair críonna Matt Ó Gráda

‘Níl aon teora leis an rúbarb
chun do bholg a fholmhú,’
a deireadh Matt, m’athair críonna as Imleach Iúir.
Ba é an rúbarb an t-aon ghlasra a d’fhásadh dó i gcúl an tí
i nDeisceart Bhaile Átha Cliath.
Scaip mo dhuine béal dorais an scéal.
Cuireadh tús le borradh rúbarb i ngairdíní
tosaigh na comharsanachta.

Gach Earrach bím craosach chuige,
chun go bhfolmhódh sé mo bholg.
’S na blianta ar fad atá tagtha aniar aduaidh orm
ó bhíos i mo ghearrchaile seacht mbliana.
D’fháiscis do lámh tharam,
gan eadrainn ach an grá.

Is file í Róisín Sheehy. Tá céim aici sa Fhraincis agus sa Spáinnis. Foilsíodh scéal dá cuid, ‘An Corp Reoite’ san iris Feasta (Feabhra 2014).