Thabharfadh Caitríona Pháidín vóta do Jair Bolsanaro…

Alex Hijmans
Thabharfadh Caitríona Pháidín vóta do Jair Bolsanaro…

Ag imirt cluiche dúradán a bhí mé féin agus dlúthchara de mo chuid, Moisés, oíche an chéad bhabhta de thoghchán uachtaránachta na Brasaíle, ag tús na míosa seo. Ag iarraidh smacht a choinneáil ar ár néaróga a bhí muid, ach ní raibh ag éirí linn. Ar an toghchán is cinniúnaí sa Bhrasaíl le breis agus tríocha bliain anuas a bhí mo chuid smaointe-se; ar ábhar éigin i bhfad níos tromchúisí a bhí smaointe Moisés.

Dúnmharaíodh cara leis an lá roimhe. Fear a bhí sa duine a dúnmharaíodh a raibh fadhb mheabhairshláinte ag cur as dó; bhíodh sé go breá nuair a bhíodh a chógas á thógáil aige ach d’éiríodh sé foréigneach nuair a dhéanadh sé dearmad. An lá áirithe sin, rinne sé ionsaí fíochmhar ar chomharsa. Ar eagla go gcuirfí glaoch ar na póilíní, shocraigh an bhuíon drugaí atá i gceannas ar an favela ina raibh cónaí ar an bhfear bocht (agus ina bhfuil cónaí ar Moisés) an fear a chur chun báis.

Níorbh é an chéad, an dara, ná an tríú huair gur dúnmharaíodh duine a raibh aithne mhaith ag Moisés air. Anuraidh, maraíodh col ceathrar leis nuair a chuir na póilíní míleata piléar ann. Go deimhin maraítear duine nó beirt sa cheantar ina bhfuil cónaí ar Moisés gach seachtain. Cloisim féin na hurchair á scaoileadh. Níl idir teach Moisés agus m’árasán féin ach trí chéad méadar.

Is maith le Moisés caipín cispheile a chaitheamh, ach nuair a fhágann sé m’árasán san oíche le dul abhaile baineann sé dá cheann é. ‘Nuair a fheiceann na póilíní duine dubh agus é gléasta ar an mbealach sin bíonn siad in amhras faoi.’

Ach an oiread le mórchuid daoine dubha sa Bhrasaíl, tá faitíos ar Moisés chuile nóiméad dá shaol, agus cúis mhaith aige. Tá an seans go marófaí Brasaíleach dubh go foréigneach a dhá oiread go leith níos mó ná an seans go dtarlódh an rud céanna do Bhrasaíleach geal.

Ach ní ar an bpobal dubh amháin a bhíonn eagla de lá is d’oíche. Faigheann tuairim is 64,000 duine bás go foréigneach sa Bhrasaíl gach bliain. Sin daonra Chontae Shligigh – gach bliain.

Is í an scéin atá ar chuid mhór Brasaíleach roimh an bhforéigean forleathan sin ceann de na príomhchúiseanna go bhfuil tóir chomh mór sin ar Jair Bolsonaro, iarrthóir na heite fíordheise i dtoghchán uachtaránachta na míosa seo.

Tá Bolsonaro ag iarraidh cead gunna a iompar a thabhairt do chách.

Ar ndóigh, ní hé sin an t-aon chúis amháin gur iarrthóir conspóideach é Bolsonaro. Fear é a bhfuil dímheas aige ar mhná agus fuath aige do dhaoine dubha, do bhundúchasaigh agus do dhaoine LADT. Fear é a mbíonn an deachtóireacht dheireanach sa Bhrasaíl (1964 - 1985) á moladh go hard na spéire aige, agus a bhfuil sé ráite go hoscailte aige nach nglacann sé leis an stát tuata.

Ach dar liomsa gurb é dearcadh Bolsonaro maidir le seilbh ghunnaí an dearcadh is contúirtí atá aige. Shéanfadh sé féin an líomhain seo gan dabht, ach polaiteoir ar bith atá ag iarraidh gunnaí a chur ar fáil go héasca i dtír ina ndúnmharaítear os cionn trí scór míle duine in aghaidh na bliana – agus ar daoine dubha iad formhór mór na n-íobartach – is éard atá á bheartú ag an bpolaiteoir sin, dar liom, ná cinedhíothú.

Ní i gcampaí géibhinn a tharlódh an cinedhíothú sin ach i mbruachbhailte bochta den chineál ina bhfuil cónaí ar mo chara Moisés, géarú ar an sléacht atá ar siúl cheana féin.

Ní piléir ach pléascóga tine a bhí le cloisteáil go gairid tar éis a seacht a’ chlog, oíche an chéad bhabhta vótála. D’éirigh mé ón gcluiche dúradán a bhí ar bun againn agus sheiceáil an t-idirlíon. Ní raibh na bothanna vótála sna stáit is faide siar sa tír ach tar éis dúnadh (tá ceithre chrios ama sa Bhrasaíl), ach toisc go mbaintear úsáid as vótáil leictreonach bíonn na torthaí ar fáil nach mór ar an bpointe boise.

Thit mo chroí.

Bhí 46 faoin gcéad den vóta ag Bolsonaro.

Níor leor sin le go mbeadh bua glan aige sa chéad bhabhta vótála, ach beidh jab millteanach deacair ag a chéile comhraic Fernando Haddad stop a chur leis sa dara babhta, a reachtálfar ar an 28 Deireadh Fómhair.

Bhain Fernando Haddad, iarmhéara chathair São Paulo, amach 29 faoin gcéad de na vótaí sa chéad bhabhta. Míorúilt a bhí sa mhéad sin féin toisc gur ainmníodh ag an nóiméad deireanach é, ag an bpáirtí is mó sa tír, Páirtí na nOibrithe (PT). Is é an chaoi gurb é Haddad fear ionaid Lula, an t-iar-uachtarán iomráiteach atá i bpríosún ó bhí mí Aibreáin ann agus é ciontaithe as breabanna a ghlacadh.

Le hoidhreacht ó Lula a fuair Haddad cuid mhaith de na vótaí a fuair sé – ach le hoidhreacht ó Lula a fuair Haddad an ghráin shíoraí atá ag go leor Brasaíleach ar Pháirtí na nOibrithe freisin. Polaiteoir ‘glan’ é Haddad, ach is baolach go bhfuil a pháirtí fite fuaite leis an scannal caimiléireachta is mó i stair na Brasaíle.

Le cois na scéine a chuireann an foréigean forleathan ar dhaoine, ba í an fhearg faoin gcaimiléireacht a shamhlaítear le Páirtí na nOibrithe an chúis ba mhó gur thug 49 milliún Brasaíleach vóta do Bolsonaro sa chéad bhabhta vótála.

‘Níl 49 milliún faisisteach sa Bhrasaíl,’ arsa an tráchtaire polaitíochta Wilson Gomes ar Twitter an lá tar éis an chéad bhabhta vótála. ‘Is é an chaoi go bhfuil 49 milliún duine sa Bhrasaíl a bhfuil an ghráin acu ar Pháirtí na nOibrithe.’

Bíodh sin mar atá, tá an baol dáiríre ann go gcuirfidh na scórtha milliúin sin nach faisistigh iad ábhar deachtóra faisisteach i gcumhacht.

Cén saghas daoine iad na scórtha milliúin sin?

Dá mbeadh Caitríona Pháidín beo agus dá mbeadh cónaí uirthi sa Bhrasaíl, is do Bolsonaro a thabharfadh sí a vóta. Ach an oiread le príomhcharachtar Cré na Cille, dar le lucht tacaíochta Bolsonaro gur oibrithe crua, ionraice iad féin atá ar an ngannchuid, cé go bhfuil na sluaite ann atá níos measa as ná iad.

Ceapann siad gur paca leisceoirí na bochtáin atá beo (ar éigean) ar airgead an Bolsa Família, an scéim leasa shóisialaigh a bhunaigh an t-iaruachtarán Lula.

Daoine iad lucht tacaíochta Bolsonaro nach n-éiríonn as a bheith ag déanamh gaisce as a moráltacht agus a ‘luachanna teaghlaigh’ féin; daoine iad a bhíonn de shíor ag maíomh as an meas mór atá acu ar na húdaráis agus, thar aon ní eile, ar Dhia. Dá mbeadh cónaí orthu i gCois Fharraige in aimsir Cré na Cille, is cinnte go mbeadh an ghráin shíoraí acu ar bhean a luífeadh le mairnéalaigh.

Níl dabht ar bith orm ach gur do Fernando Haddad a vótálfadh bean na mairnéalach í féin, Nóra na gCosa Lofa.

Tá cultúr ag Haddad, a déarfadh sí.

Faraor nach ficsean é seo ach fíorthoghchán, agus todhchaí na tíre is mó sa leathsféar theas idir dhá cheann na meá agus rogha idir dhá dhíogha le déanamh ag 147 milliún vótóir.

Rogha é idir iarrthóir ar mór leis an daonlathas – ach ar fear ionaid é d’iar-uachtarán conspóideach atá i bpríosún – agus ábhar deachtóra.

Tá sé ráite cheana féin ag Bolsonaro, ar captaen cúltaca de chuid arm na Brasaíle é agus a bhfuil ginearál mar leathbhádóir aige don leasuachtaránacht, nach nglacfaidh sé le toradh ar bith ach a bhua féin sa toghchán.

Tá go dtí an 28 Deireadh Fómhair ag Fernando Haddad chun a chur ina luí ar mhuintir na Brasaíle gurb é féin – taitníodh sé sin leo nó ná taitníodh – an t-aon duine a shábhálfas an tír ó réimeas nua-fhaisisteach anois.

An éireoidh leis? Agus má bhíonn an bua ag Haddad sa dara babhta, an nglacfaidh Bolsonaro leis – nó an ndoirtfear fuil?

Ar an drochuair, tá sé rómhall chun an cheist áirithe sin a chur.

Doirteadh fuil cheana de bharr an teannais pholaitiúil sa Bhrasaíl.

Oíche an chéad bhabhta vótála, lasmuigh de theach tábhairne nach bhfuil i bhfad ón áit a bhfuil cónaí orm féin i gcathair Salvador, dhúnmharaigh duine de lucht tacaíochta Bolsonaro fear 63 bliain d’aois le scian nuair a dúirt an fear sin go raibh sé tar éis vóta a chaitheamh do Pháirtí na nOibrithe. Tharla gur duine aitheanta a bhí sa té a dúnmharaíodh, Mestre Moa do Katendê, máistir capoeira cáiliúil agus laoch de chuid an phobail dhuibh i gcathair Salvador.

Bhain an scéal sin siar go mór as mo chara Moisés nuair a d’inis mé dó é – ach ba ghearr gur fhill an meangadh gáire leathan a bhí air nuair a tháinig sé isteach. Bhí Moisés dífhostaithe le bliain anuas agus é ag streachailt chun greim a chur ina bhéal. Le trí mhí anuas, is i m’árasán-sa a bhí a chuid béiltí á gcaitheamh aige. An lá tar éis an chéad bhabhta vótála, fuair sé post.

Tá vótáil éigeantach sa Bhrasaíl agus is dóichí ná a mhalairt gur do Fernando Haddad a thabharfaidh Moisés a vóta, cosúil le formhór na ndaoine sa favela ina bhfuil cónaí air. Ach dála mórchuid Brasaíleach ba chuma sa sioc leis faoi chúrsaí polaitíochta dáiríre. Tá rudaí níos tábhachtaí sa saol: a bheith in ann greim a chur i do bhéal féin, mar shampla.

Ní féidir a shéanadh go bhfuil gaois éigin ag baint leis an dearcadh sin. Leanann an saol ar aghaidh, bíodh daonlathas i réim nó deachtóireacht. Fiú má bhíonn an bua ag Jair Bolsonaro, is féidir talamh slán a dhéanamh de go n-éireoidh an ghrian sa Bhrasaíl an lá dár gcionn.

Dála mórchuid Brasaíleach ba chuma sa sioc leis faoi chúrsaí polaitíochta. Tá rudaí níos tábhachtaí sa saol…

Alex Hijmans

Is scríbhneoir agus iriseoir é Alex Hijmans. Tá céim sa Léann Ceilteach ó Ollscoil Utrecht agus Ard-Dioplóma sa Chumarsáid Fheidhmeach ó Ollscoil Éireann Gaillimh. D'oibrigh sé ina dhiaidh sin mar tuairisceoir do RTÉ agus TG4 agus don nuachtán Foinse. D'fhoilsigh sé roinnt leabhar le Cois Life, ina measc: Favela (2009), Aiséirí (2011), Gonta (2012), Splancanna ó Shaol Eile (2013), An Tearmann (2016) agus Idir Dhá Thír (2017). Bhí mar eagarthóir ar Comhar ó mhí na Bealtaine 2000 go dtí mí an Mheithimh 2001