An cúl le cine!

An cúl le cine!

‘Annamh a chastar cinsire beo ar dhuine, ach is duine dóibh Máirtín Ó Direáin’ (Inniu 12 Eanáir 1951).

Dar le Máirtín Ó Direáin gurbh iad na blianta sin chaith sé mar chinsire poist ‘ag léamh litreacha na gcomharsan’ le linn na hÉigeandála na ‘cúig bliana ba sheisce’ dár chaith sé riamh. Ach léiríonn an colún aorach coisciúil a scríobh sé in An Glór idir 1941-43 go raibh a bhealach féin aige leis an mbua a fháil ar leimhe an tsaoil oibre. Is aithris é an colún ar ‘Cruiskeen Lawn’ le Myles na gCopaleen a bhí á fhoilsiú ar The Irish Times san am céanna agus, ar aon dul le colún Mhyles, chaitheadh an Direánach maslaí magúla ar bhodaigh mhóra na litríochta, ar an nGúm agus ar ghluaiseacht na Gaeilge trí chéile. Ach, mar ba dhual do scríbhneoirí na státseirbhíse, d’fholaigh an Direánach é féin taobh thiar de phearsa bhréagach. Sa gcolún seo, chaith sé aghaidh fidil Ruairí Bhig, deoraí as ‘Oileán Dhá Bhranóg’ a bhí ag tógáil clainne le Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Seans go ndeachaigh an colún seo thar aird na gcriticeoirí mar gheall nach as a ainm féin a bhí an Direánach ag scríobh. Agus go deimhin, is cosúil nach raibh fios a rúin fiú ag na cairde ba ghaire dó: bhí an cailín lena raibh sé ag siúl amach ag an am ar bís le fáil amach ‘cén sórt duine a bhí sa bhfear a bhí ag scríobh Ruairí Beag’, agus gan a fhios aici gurb é Máirtín féin a scríobh! Duine eile a chuir spéis i ngeáitsí Ruairí Bhig ná Máirtín Ó Cadhain a léadh an colún agus é i ngéibheann i gCampa an Churraigh. Dúirt sé i litir chuig Tomás Bairéad go raibh ‘cineál iontais’ air nuair a fuair sé amach gurb é Máirtín Ó Direáin, nó ‘file Árann’ mar a thugadh sé go magúil air, a bhí ina bhun.

Seo thíos an chéad cholún sa tsraith ‘Seo is Siúd’ a foilsíodh ar an 13 Meán Fómhair 1941. Is furasta a dhearmad gur gníomh réabhlóideach a rinne Máirtín Ó Direáin nuair a chaith sé seanmheadarachtaí na Gaeilge san aer agus chuaigh i muinín na saorvéarsaíochta. Léiríonn an t-alt seo nach go réidh a ghlac sé le cáineadh ná comhairle na bhfear léinn, áfach. Is é is dóichí gur freagra atá sa sliocht seo ar mholtaí Shéamuis Uí Néill, a chomairligh don Direánach sainstaidéar a dhéanamh ar an dán díreach in alt dar teideal ‘Poetry New and Old: or Advice to Máirtín Ó Direáin’ in The Leader ar an 10 Bealtaine 1941:

Máirtín Ó Direáin, in those little poems which have appeared in the Irish Press, does not, in my opinion, give us sufficient compensation for his throwing overboard of traditional Irish verse forms… The best thing that any aspiring Gaelic poet can do is to study thoroughly Irish syllabus poetry, and for that purpose Elenor Knott’s brilliant introduction to the poems of Tadhg Dall Ó hUiginn is indispensible. A poet requires to be a master technician of language, and the study and writing of Irish syllabic metres in the dán díreach, not in brúilíghneacht or óglachas, is the surest way to craftmanship in the writing of Irish verse.

Gan bhuíochas do mholtaí na léirmheastóirí, d’fhoilsigh Ó Direáin a chéad chnuasach filíochta ar a chostas féin, Coinnle Geala, an chéad bhliain eile i 1942.

Oide an Fhile1

Dheara a dhuine! Fan go neosfad duit an t-oide millteanach a rug ar mo chompánach ródhílis, rócheanúil, róbháúil, Éamonn Mac Éamoinn — file óg.

Is amhlaidh gur casadh duine de ‘rudaí óga geala’ na haimsire seo ar mo dhuine bocht agus é ag siúl go tláithlag leis féin sa tsráid. Cheap an créatúr gur anuas as mullach an aeir a thit sí chuige. Tháinig mar a bheadh sruth áibhéalach mór fola aníos i mbéal a chléibh, agus as sin aníos ina scornach, go dtí gur éirigh sé sa cheann aige, agus gur baineadh a urlabhra de nach mór. (Má léann tú mórán úrscéalta réadacha Anglo-Irelandacha tuigfidh tú gur cur síos réasúnta maith é sin ar an mothú a bhuail é, agus go raibh sé sa chéile ab aigeantaí nó cóir a bheith). Ní fhéadfadh sé cur síos beacht cóir cuí a dhéanamh uirthi. Maidir leis an dá shúil ghorma a bhí aici, cé a chuirfeadh síos orthu? Agus a corp seang dea-chumtha; a siúl uaibhreach maorga, maille le fiche cáilíocht eile, mar a déarfá.

Chuaigh Éamonn abhaile an oíche sin; ach cár ith sé greim. Bhí an dubhiontas ar bhean an lóistín. Chum sé dán ar an ainnir álainn, sular thit a chodladh air an oíche sin, nó an mhaidin ba chóra a rá, nó bhí sé leath i ndiaidh a trí nó mar sin. Seo an chéad dá véarsa:

I.
Ar an tsráid aréir
Leagas súil ort
Feadh ala na huaire
B’shin an méid.

II.
Thriallas ar mo leabaidh go brónach
Ach chuiris mo shuan ar fán uaim
Céad faraor géar.

Dar fia! Foilsíodh an dán. Bhí ollúna le Gaeilge, lucht rannaíochta, agus daoine eile nár chum ariamh agus nach gcumfaidh (ach míorúiltí Dé) aon dán ná tada eile den rath seo go deo, ar feadh an lae ag comhaireamh na siollaí ann, ag tomhas faid gach líne leis an gceann eile, ag rá nach raibh leanúnachas nádúrtha idir filíocht an ochtú haois déag agus é féin. Dúirt duine amháin nach raibh an t-ábhar féin Gaelach. Mheas an duine fíorGhaelach seo gur nós gallda é an grá, d’ainneoin Úna Bháin, Deirdre, Gráinne, agus iad uilig. Bhí sé de dhánaíocht i ndiúlach éigin a rá go raibh véarsaí áirithe sa dán a bhéarfadh greim ar dhuine agus a chorródh é. Ach ní raibh faic dá bharr aige ach gur rugadh greim sceadamáin airsean agus nár chuala neach trácht air ó shin i leith. Cheapfá go mbeadh a fhios ag an duine gránna nach ionann fíorfhilíocht agus rabharta tochta is mothaíochta.

Dúirt duine eile nach é nádúr filíochta na Gaeilge an chaint a bheith chomh sothuigthe. ‘Dar ndóigh, thuigfeadh duine aineolach ar bith aniar as Conamara an dán sin,’ ar seisean, ‘gan léann ar bith a bheith air ach é a léamh amach dó. Ba thubaiste mhór é sin. Níorbh fhada go mbeadh an dream seo ag éirí ‘cultúrtha’’.

Bhí sin dona go leor, i dtaca le holc, nó gur comhairlíodh d’Éamonn staidéar a dhéanamh ar na leabhra seo a leanas: gach leabhrán dár chnuasaigh Fiachra Éilgeach; Dánta Grádha; Measgra Dán; Prosóid na Gaedhilge; Saothar Aodhagáin agus Eoghain Ruaidh.

Ansin dúradh leis go raibh na mílte amhrán náisiúnta ag teastáil leis an spiorad a thabhairt ar ais arís. Go raibh na mílte amhrán éadroma aeracha ag teastáil ó leanaí scoile, agus dá réir sin.

Beidh leabhrán filíochta Béarla againn ó láimh Éamoinn go gairid a deirtear. An cúl le cine!

An Ghaeilge sa Státseirbhís
Roimh an scrúdú béil agus an fáinne acu:
Máire: An mbeidh milseán agat Caitlín?
Caitlín: Ní mhothaím cosúil leis, go raibh maith agat.
Máire: Ná habair é.

Tar éis an scrúdaithe, an fáinne acu fós:
May: What about a sweet Kay?
Kay: No ‘thanks’, don’t feel like one. Thanks all the same.
May: Okee-doke.

1. Is leagan caighdeánaithe é seo den bhunleagan. Tá an sliocht seo tógtha as bailiúchán d’aistí neamhfhoilsithe le Máirtín Ó Direáin, An Chuid Eile Díom Féin, atá curtha in eagar ag Síobhra Aiken agus atá á réiteach don chló ag Cló Iar-Chonnacht faoi láthair.