Seirbhís

Seirbhís

Paddy Mhéime Ó Súilleabháin

Am machnaimh

I gciúnas na huaire

Roimh bhailiú an tslua.

Sa suíochán

Ag stánadh

I dtreo na haltóra,

A bhí gan éinneach beo

Go fóill,

Cé’s moite dósan

Ná raibh san áireamh feasta.

Ba scór punt a d’iarr

Agus b’in go díreach a thug

Roimh fhágáil an phub,

Ar an ngeallúint

Go mbeadh sé agam im ghlac

Ar an Aoine,

Agus nach inniu Dé hAoine?

Ansin an tseirbhís,

Ag seasamh

’S ag suí

Ag umhlú

’S ag cromadh

’S ag tochas mullach mo chinn,

Gan tada dom bhuaireamh

Ach an scór,

A bhí fós, b’fhéidir?

Ina phóca.