Stádar i mBruachbhaile

Dán nua Máire Mhac an tSaoi


Leagadh falla
Agus ’ líon
Solas na gcomharsan
Isteach
Sa gheáird againne,
Ón tír mhistéirigh
’Na maireann siadsan
Ar leibhéal na talún…

Bainim sásamh as:
Tá neacha eile seach mise
A choinníonn,
Tré fhuinneoig nach liomsa,
Cuntas ar imeacht
An ama.

Dán a scríobh Máire Mhac an tSaoi agus í ag cur fúithi san Uaimh lena hiníon Máiréad. Chuir sí an dán chuig Síobhra Aiken i Meitheamh 2015.