Snámh na Saoirse

Snámh na Saoirse

Údar
Róisín Sheehy
Praghas
€10.00
  • Sraith: Guth Nua
  • ISBN: 978-1-9196013-6-6
  • Líon leathanach: 56
  • Bliain foilsithe: 2022
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Is athinsint shamhailteach fhileata é Snámh na Saoirse ar fhíorscéal tragóideach a tharla ar an mBlascaod Mór sa bhliain 1909. Scéal grá idir Domhnall Ó Criomhthain, oileánach, agus Eibhlín Nic Niocaill, scoláire ón bpríomhchathair. Tá Méiní Uí Dhuinnshléibhe, bean chabhrach an Bhlascaoid, ar a dícheall cleamhnas a shocrú eatarthu. Ag an am céanna tá Cáit Ní Chriomhthain, driofúr Dhomhnaill, ar a dícheall teitheadh ó chleamhnas agus dul ar imirce.

---

Dráma aonghnímh le Róisín Sheehy.

About the book

An imaginative and poetic retelling of a tragic true story that took place on the Blasket Islands in 1909. A love story between Domhnall Ó Criomhthain, islander, and Eibhlín Nic Niocaill, scholar from the capital. Méiní Uí Dhuinnshléibhe, the island midwife is trying her best to arrange a marriage between them. At the same time, Cáit Ní Chriomhthain, Domhnall's sister, is trying her best to escape an arranged marriage and emigrate.

---

A one-act play by Róisín Sheehy.

Údar

Róisín Sheehy

Is file, drámadóir agus craoltóir í Róisín Sheehy. Ghnóthaigh Snámh na Saoirse, a céad dráma, gradam Gaeilge Stewart Parker BBC Thuaisceart Éireann agus léiríodh é in Amharclann an Lab, An Daingean. D’fhoilsigh Coiscéim a cnuasach filíochta Líomóidí ’s Rúbarb. Ghnóthaigh a dara dráma An Bhean a Saolaíodh ar Charraig duais Oireachtais. Tá Róisín an-tógtha le rince comhaimseartha. Is as Corca Dhuibhne ó dhúchais di ach tá cónaí uirthi anois i gCill Chainnigh. Bronnadh Complacht Patrick Kavanagh uirthi in 2021.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…