Cnuasach Comhar 1982–2012

Cnuasach Comhar 1982–2012

Eagarthóirí
Aisling Ní Dhonnchadha, Regina Uí Chollatáin
Praghas
€15.00
  • ISBN: 978-0-9927313-1-1
  • Líon leathanach: 352
  • Bliain foilsithe: 2014
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Rogha atá sa chnuasach seo de aistí ailt agus agallaimh a foilsíodh san iris Comhar sna blianta 1982–2012. Tá léargas le fáil iontu ar ar an saghas plé agus díospóireachta a bhí ar siúl i gcolúin agus ina aistí na hirisí sna blianta sin ó thaobh smaointeoireacht, scríbhneoireachta agus léirmheastóireachta de. Sa réamhrá fíorspéisiúil atá scríofa ag an bheirt roghnóirí, tugtar cúlra na n-alt agus cuirtear iad i gcomhthéacs a linn.

Ba mhór an áis an leabhar seo d’aon duine atá ag déanamh staidéir ar iriseoireacht agus litríocht na Gaeilge.

Eagarthóirí

Aisling Ní Dhonnchadha

Aisling Ní Dhonnchadha

Rugadh Aisling Ní Dhonnchadha in Aonach Urmhumhan, Co. Thiobraid Árann. D’fhreastail sí ar mheánscoil Chnoc na Labhras, Luimneach agus ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ina dhiaidh sin, mar ar dhein sí staidéar ar an bhFraincis agus an Nua-Ghaeilge don chéim BA. Bhain céimeanna MA agus Ph. D. amach san ollscoil chéanna. Gnéithe ar leith d’fhorbairt sheánra na gearrscéalaíochta sa Ghaeilge a bhí mar ábhar taighde aici. Í ina léachtóir sinsearach i Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad. Réimsí spéise agus taighde: Seánra an ghearrscéil; próslitríocht na hAthbheochana; irisí liteartha na Gaeilge; léann na mban; scéal na himirce i litríocht na Gaeilge; agus léirithe ar shaol na hóige i litríocht na Gaeilge. Ar a cuid foilseachán tá: An Gearrscéal sa Ghaeilge 1898-1940 (An Clóchomhar, 1981); Gearrscéalta an Chéid, i bpáirt le Gearóid Denvir (Cló Iar-Chonnacht, 2000); Idir Dhúchas agus Dualgas: Staidéar ar Charachtair Mhná sa Ghearrscéal Gaeilge 1940-1990 (An Clóchomhar, 2002); Ar an gCoigríoch: Díolaim Litríochta ar Scéal na hImirce, i bpáirt le Máirín Nic Eoin (Cló Iar-Chonnacht, 2008); agus Cnuasach Comhar 1982-2012, i bpáirt le Regina Uí Chollatáin (LeabhairCOMHAR, 2014).

Tuilleadh eolais

Regina Uí Chollatáin

Regina Uí Chollatáin

Tá cuid mhaith foilsithe ag Regina Uí Chollatáin ar na meáin Ghaeilge agus ar ré na hAthbheochana, ina measc dhá leabhar mar údar aonair, An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae 1899–1932 (2004), Iriseoirí Pinn na Gaeilge (2008) agus Films Gaelic á Catalunya. Scannáin Ghaelacha sa Chatalóin (Uí Chollatáin & White, 2014) mar chomhúdar. Is comheagarthóir í ar 6 leabhar, Saothrú na Gaeilge Scríofa i Suímh Uirbeacha na hÉireann, 1700–1850 (Mac Mathúna & Uí Chollatáin, 2016) agus Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain (Nic Congáil et al, 2015) ar na cinn is déanaí.

Is Ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, UCD í agus bhí sí ina Stiúrthóir ar Lárionad de Bhaldraithe UCD agus ar Scoil Iarchéime, Coláiste na nEalaíon agus an Léinn Cheiltigh UCD. Bronnadh Ollúnacht Chuairte Shinsearach uirthi ó Fhondúireacht Ollscoileanna Éireann Cheanada (2011–12) agus ba chomheagarthóir í ar Ainm.ie (2012–15). Dála duaiseanna liteartha, bronnadh Gradam Lil Nic Dhonncha agus Bonn Dhonnchadh Uí Shúilleabháin uirthi i 1999, 2001 agus 2002 ag Oireachtas na Gaeilge don taighde ar Stair Chonradh na Gaeilge agus bronnadh duais liteartha uirthi dá saothar Iriseoirí Pinn na Gaeilge (2008).

Is í an Cathaoirleach ar an Newspaper and Periodical History Forum of Ireland í agus is ball í de Choiste Léann na Gaeilge, Litríocht na Gaeilge agus na gCultúr Ceilteach in Acadamh Ríoga na hÉireann. Ba í an chéad Chathaoirleach ar an Fhóram Náisiúnta uile-oileánda Forbartha Teanga agus ar phainéal na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh do Ghradaim Bhunchéime Éireann. Ba bhall í de chéad Bhord Stáit TG4 agus is painéalaí rialta í ar chláracha litríochta agus cúrsaí reatha, agus ar chláracha faisnéise TG4, RTÉ agus BBC.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…