Croí na Ceiste

Croí na Ceiste

Údar
Pól Ó Muirí
Praghas
€6.00
  • ISBN: 095504779X
  • Bliain foilsithe: 2007
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Úrscéal eile don fhoghlaimeoir fásta faoin Gharda Paloma Pettigrew. Tháinig seanchara Phaloma, an Máistir Ó Domhnaill, ar chorp in áit iargúlta ar an sliabh. Corp Ghearmánach óg mná a bhí ann. Ach cad a bhí ar siúl ag an máistir ar an sliabh chomh luath sin ar maidin? An gcreideann an Cigire Welby, atá i gceannas ar an fhiosrúchán dúnmharaithe, go bhfuil Paloma ag iarraidh a cara a chosaint? Agus tá míniú ar fhocail agus ar nathanna cainte deacra ag bun an leathanaigh agus sa ghluais ag deireadh an leabhair.

Údar

Pól Ó Muirí

Is é Pól Ó Muirí eagarthóir Gaeilge an Irish Times agus iar-eagarthóir Comhar ó mhí Eanáir 1998 go dtí mí na Samhna 1998 (mí Lúnasa as an áireamh), agus ó mhí Dheireadh Fómhair 2008 go dtí mí na Nollag 2010 (mí na Samhna 2010 as an áireamh). Tá ceithre leabhar foilsithe aige le LeabhairCOMHAR. Tá dioplóma sa Ghearmáinis aige ó Ollscoil Uladh, BA (Onórach) sa Ghaeilge agus san Fhealsúnacht Scolaíochta agus PhD sa Ghaeilge ó Ollscoile na Banríona i mBéal Feiriste.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…