Plumaí

Plumaí

Údar
Liam Prút
Praghas
€6.00
  • ISBN: 9526306-2-1
  • Bliain foilsithe: 1997
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

'Casann an Ghaeilge thart i mo chloigeann, ina bís-staighre, leabharlainne go dtí sna flaithis' — dánta pearsanta agus poiblí mar aon le leaganacha Gaeilge de chuid de dhánta móra na Gaidhlig atá sa séú cnuasach filíochta seo le Liam Prút.

Údar

Liam Prút

Liam Prút

Iarbhráthair, iarmhúinteoir, iarléachtóir agus iaraistritheoir is ea Liam, ach scríbhneoir ba ea é i gcaitheamh na mblianta sin go léir. Tá na hiar-anna sin curtha laistiar de anois, agus is scríbhneoir lánaimseartha iarbhír atá ann. Scríbhneoir ilghníomhach, ilchumasach é a mbíonn raon leathan séanraí scríbhneoireachta mar chleachtas aige. Tá taithí aige ar obair eagarthóireachta, agus ar aistí critice a scríobh mar aon leis an scríbhneoireacht chruthaitheach. Is mó díolaim filíochta foilsithe ag Liam, ina measc: Fíon as Seithí Óir (1972), Asail (1982), An Dá Scór (1984), An Giotár Meisce (1988), Loch Deirg-Dheirc (1994), Plumaí (1997), Gealadhram (2002) agus Cnap-Uaisle (2008). Tá cáil air freisin mar úrscéalaí agus mar ghearrscéalaí. Désirée (1989), Geineasas (1991), An Leanbh sa Lamborghini (1996), Sna Flaithis go hArd (2011) mar úrscéalta aige agus Sean-Dair (1985), agus Scéalta nach Beag (2002) foilsithe mar chnuasaigh gearrscéalta. Léiriú eile ar réimse a cheirde na foilseacháin do pháistí. Foilsíodh Crúibín, scéal faoi shearrach agus a chuid eachtraíochta, i 2001. Lean uaidh seo Cara ag Crúibín (2003), agus Crúibín agus an tAsal (2007).

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…