Pónairí ar Thósta: dialann mic léinn ollscoile

Pónairí ar Thósta: dialann mic léinn ollscoile

Údar
Mícheál Ó Ruairc
Praghas
€7.00
  • ISBN: 0955047757
  • Bliain foilsithe: 2007
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

San úrscéal seo cuirimid aithne ar Gheaspar Mac an tSagairt, mac léinn ollscoile, atá ag freastal ar Ollscoil an tSaoil. Is iad an Ghaeilge agus an Béarla na hábhair atá á ndéanamh aige. Tá dialann phearsanta á coinneáil ag Geaspar ina ríomhann sé cúrsaí anróiteacha a shaoil phríobháidigh dúinn. Leis an méid atá ag tarlú ina shaol pearsanta agus leis na fadhbanna go léir atá le sárú aige, chomh maith leis an síorghanntanas airgid, bheadh an léitheoir go láidir den tuairim agus an leabhar seo á léamh gurbh í an cúrsa ollscoile an chloch is lú ar phaidrín Gheaspair go minic.

Údar

Mícheál Ó Ruairc

Mícheál Ó Ruairc

Rugadh Mícheál Ó Ruairc i mBréanainn sa Leitriúch in Iarthar Chiarraí i 1953. Tá ceithre chnuasach filíochta agus trí húrscéal déag foilsithe aige as Gaeilge. Foilsíodh cnuasach amháin filíochta as Béarla, Humane Killing (Aisling Press, 1992). In 2007 bronnadh an chéad duais agus Buantrófaí Chonradh na Gaeilge air as dán Gaeilge ag an 18ú Féile Idirnáisiúnta Filíochta Dhún Laoghaire/Rath an Dúin. Tá réimse leathan ábhar do pháistí scríofa aige agus i measc na leabhar atá i gcló aige tá An bhFaca Éinne Agaibh Roy Keane? (Coiscéim, 2003); I bhFad Ó Bhaile (Coiscéim, 2004); Róisín i dTír na Sean (Coiscéim, 2005); Na Lucha ag Rince (Cló Iar-Chonnacht, 2009). Faoi láthair is é an t-ionadaí Gaeilge ar Bhord Áras na Scríbhneoirí i mBaile Átha Cliath. Roimhe sin chaith sé tréimhsí ar bhord bainistíochta an nuachtáin Anois agus na hirise Comhar. Bhuaigh a chéad chnuasach gearrscéalta Daoine a Itheann Daoine (Cló Iar-Chonnacht, 2010) an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais in 2010. D’fhoilsigh Cois Life Tóraíocht Taisce, scéal eachtraíochta do dhéagóirí, sa bhliain 2011 agus d’fhoilsigh LeabhairCOMHAR Fianaise, scéinséir do dhaoine fásta, in 2012. Bhuaigh an bailiúchán dhátheangach filíochta, Dambatheanga/Damlanguage (Arlen House, 2014) an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais in 2014.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…