Ráiteas físe COMHAR

Is é an fhís atá ag Bord Stiúrtha COMHAR do Comhar & LeabhairCOMHAR, agus tograí eile dá cuid:

  • go mbeidh sí ina hiris agus ina hinphrionta foilsitheoireachta leabhar barr feabhais a bheidh mar chéad rogha ag scríbhneoirí, scoláirí, léirmheastóirí agus léitheoirí na Gaeilge;
  • gur inti agus tríthi a fhoilseofar scoth na nua-litríochta cruthaithí as Gaeilge, mar is dual di ó bunaíodh an t-ainm i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge mar iris den chéad uair sa bhliain 1942;
  • go mbeidh Comhar ina príomhfhóram anailíse agus tráchtaireachta sa Ghaeilge ar imeachtaí an tsaoil in Éirinn agus i gcéin;
  • go mbeidh sí ina príomhfhoilsitheoir náisiúnta Gaeilge de leabhair litríochta, faisnéise, anailíse agus thráchtaireachta sa Ghaeilge ar imeachtaí an tsaoil in Éirinn agus i gcéin;
  • go mbeidh sí ina hardán a chothóidh smaoineamh agus díospóireacht, saoithiúlacht agus éigse na hÉireann i ngach réimse is suim do phobal léitheoirí atá ag iarraidh lón intinne; agus

go ndéanfaidh sí freastal ar shuim na léitheoirí i ngnéithe eile den saol comhaimseartha