Nuacht

  1. Seoltaí poist / Delivery addresses

    12 Deireadh Fómhair 2023

    Tá fadhb bheag leis an siopa faoi láthair. Má tá leabhair/síntiús ceannaithe agat agus má tá do sheoladh seachadta éagsúil ón seoladh cláraithe le Paypal, cuir r-phost chuig oifig@comhar.ie le cinntiú go gcuirfear an t-ordú chuig an seoladh ceart - GRMA!

    We are currently experiencing some issues with addresses. If your delivery address is different to the billing address listed on Paypal, please email oifig@comhar.ie to ensure your order is shipped to the correct address.

Scoth na scríbhneoireachta

Cúrsaí reatha, cúrsaí litríochta, critic agus léirmheastóireacht á bplé gach mí san iris Comhar, i gcló agus ar líne.

Léigh Comhar

Is foilsitheoir é COMHAR atá ag plé le réimsí ilghnéitheacha de scríbhneoireacht na Gaeilge. Ardán is ea Comhar.ie chun teacht ar ár gcuid foilseachán agus ar na tionscadail éagsúla atá ar bun againn.

Tuilleadh eolais »

LeabhairCOMHAR

Bunaíodh an t-inphrionta foilsitheoireachta LeabhairCOMHAR athuair sa bhliain 2010 chun nualitríocht agus nuascríbhneoireacht na Gaeilge a fhorbairt, chomh maith le rogha den scoth de scríbhneoirí agus ábhair a chur ar fáil.

Leabhair is déanaí

Oscail

COMHARTaighde

Ríomhiris acadúil bhliantúil is ea COMHARTaighde agus í piarmheasta ag foireann scoláirí ó institiúidí in Éirinn agus thar lear. Foilsítear an tréimhseachán seo ar bhonn saor-rochtana trí mheán an idirlín.

Eagrán is déanaí

COMHARTaighde Eagrán 5

Eagrán 5 (2019) COMHARTaighde ar fáil anois!

Léigh

Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge

Cnuasach beo portráidí de scríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge atá in Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, bunaithe ar shaothar ceannródaíoch Mháire Uí Mhaicín.

Foilsítear an cnuasach mar leabhar maisiúil lán-daite agus mar chartlann ilmheán ar líne. Tá 182 scríbhneoir sa chartlann reatha agus beifear ag cur leis seo de réir a chéile.

Nuacht is déanaí

Féach

COMHARÓg

Iris liteartha agus ealaíne don aos óg é COMHARÓg. Saothair le daltaí iarbhunscoile atá le léamh san iris shnasta ildaite seo.

Eagráin is déanaí

Breathnaigh