Nuacht

  1. Forbairtí nua ar comhar.ie

    4 Meán Fómhair 2024

    Tá forbairtí nua ar comhar.ie idir lámha faoi láthair. Seans go bhfeicfidh tú rud nó dhó as alt ar feadh cúpla seachtain fad is atá an obair seo ar bun. Go raibh maith agat as do chuid foighne! // We are currently updating a number features on comhar.ie. You may encounter a few teething problems on the site in the coming weeks as we work on implementing these updates. Thank you for your patience!

Scoth na scríbhneoireachta

Cúrsaí reatha, cúrsaí litríochta, critic agus léirmheastóireacht á bplé gach mí san iris Comhar, i gcló agus ar líne.

Léigh Comhar

Is foilsitheoir é COMHAR atá ag plé le réimsí ilghnéitheacha de scríbhneoireacht na Gaeilge. Ardán is ea Comhar.ie chun teacht ar ár gcuid foilseachán agus ar na tionscadail éagsúla atá ar bun againn.

Tuilleadh eolais »

LeabhairCOMHAR

Bunaíodh an t-inphrionta foilsitheoireachta LeabhairCOMHAR athuair sa bhliain 2010 chun nualitríocht agus nuascríbhneoireacht na Gaeilge a fhorbairt, chomh maith le rogha den scoth de scríbhneoirí agus ábhair a chur ar fáil.

Leabhair is déanaí

Oscail

COMHARTaighde

Ríomhiris acadúil bhliantúil is ea COMHARTaighde agus í piarmheasta ag foireann scoláirí ó institiúidí in Éirinn agus thar lear. Foilsítear an tréimhseachán seo ar bhonn saor-rochtana trí mheán an idirlín.

Eagrán is déanaí

COMHARTaighde Eagrán 5

Eagrán 5 (2019) COMHARTaighde ar fáil anois!

Léigh

Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge

Cnuasach beo portráidí de scríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge atá in Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, bunaithe ar shaothar ceannródaíoch Mháire Uí Mhaicín.

Foilsítear an cnuasach mar leabhar maisiúil lán-daite agus mar chartlann ilmheán ar líne. Tá 182 scríbhneoir sa chartlann reatha agus beifear ag cur leis seo de réir a chéile.

Nuacht is déanaí

Grúpa 2024 ainmnithe!

Grúpa 2024 ainmnithe!

Cuirtear sraith nua d'ocht bportráidí/ochtar scríbhneoirí leis an mbunachar in aghaidh na bliana. Chuige sin, ba mhór le páirtithe an tionscadail an t-ochtú liosta nua, liosta 2024, a bhaineann le Céim 2 den togra a roinnt.

Féach

COMHARÓg

Iris liteartha agus ealaíne don aos óg é COMHARÓg. Saothair le daltaí iarbhunscoile atá le léamh san iris shnasta ildaite seo.

Eagráin is déanaí

Breathnaigh