COMHARÓg

Lógó Comhar Óg

Iris liteartha agus ealaíne don aos óg é COMHARÓg inar foilsíodh saothair le daltaí iarbhunscoile. Foilsíodh 15 eagrán idir 2013-2021 agus tá cóipeanna PDF de gach eagrán ar fáil ar an suíomh seo.

An scríbhneoir Áine Ní Ghlinn a rinne eagarthóireacht ar an ábhar a foilsíodh ar leathanaigh COMHARÓg, idir ghearrscéalta, ailt, dhánta, dhrámaí, chartúin, léirmheasanna, splancscéalta agus eile. Buíochas mór leis na dáltaí go léir a chur ábhar ar fáil don iris.

COMHAR faoi chomaoin ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta as maoiniú a chur ar fáil don iris seo.