Faoi Scáil Gheal na hIndia

Faoi Scáil Gheal na hIndia

Údar
Gabriel Rosenstock
Praghas
€14.00
  • Sraith: Filíocht
  • Aoisghrúpa: Daoine Fásta
  • ISBN: 978-1-7395129-8-9
  • Líon leathanach: 128
  • Bliain foilsithe: 2025
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Léiríonn an cnuasach filíochta Faoi Scáil Gheal na hIndia an caidreamh atá ag an bhfile leis an India ón gcéad lá ar leag sé súil ar leabhair ar nós Speaking of Shiva (Penguin Classics) agus é ina dhéagóir. Tá cuairt tugtha aige ar an India fiche éigin babhta agus freastal déanta aige ar fhéilte litríochta ann in Hyderabad, Goa, Calicut, Thrissur agus áiteanna eile. 

Réamhrá le Liam Carson; Grianghraif le Debiprasad Mukherjee.

About the book

This anthology of previously published and new poetry is an exploration of the relationship between the poet and India, from the moment he set eyes on books such as Speaking of Shiva (Penguin Classics) as a teenager. Gabriel has travelled to India on more than twenty occasions, and has attended many literary festivals including those in Hyderabad, Goa, Calicut and Thrissur. 

Introduction by Liam Carson; photography by Debiprasad Mukherjee.

Údar

Gabriel Rosenstock

Gabriel Rosenstock

Rugadh Gabriel i gCill Fhíonáin, Co. Luimnigh, c. 1949. Bhí sé ina Chathaoirleach ar Poetry Ireland / Éigse Éireann. Tá sé ina bhall den Aosdána agus is Sealbhóir Ginealaigh é le Celtic Buddhism. Caitheadh amach as Coláiste Rinn Mhic Gormáin é agus bhí sé ar deoraíocht ina dhiaidh sin i gColáiste Charraig an Tobair. Ba é an chéad duine de ghlúin INNTI a chuir leabhar amach: Suzanne sa seomra folctha (1973). Tugann an leabhar taistil Ólann mo Mhiúil as an nGainséis (2003) agus an chín lae idirghníomhach Dialann Anama (2007) an-léiriú ar éirim an fhile ó thaobh creidimh, intleachta, fealsúnachta agus daonnachta. Tá cáil ar Ghabriel mar aistritheoir, agus saothar le Seamus Heaney, Georg Trakl, Günter Grass, Peter Huchel, Ko Un, K. Satchidanandan agus go leor eile aistrithe aige. Rinne Hans-Christian Oeser aistriúchán dílis ar fhilíocht Ghabriel go Gearmáinis, saothar a thuill ardmholadh, Ein Archivar großer Taten: Ausgewählte Gedichte (2007). Bhronn Uachtarán Phoblacht Ioslamach na Pacastáine an bonn Tamgha-I-Khidmat air sa bhliain 2009. Tá bunsaothar próis agus filíochta do leanaí tagtha óna pheann mar aon le haistriúcháin le haghaidh Walker Éireann agus Dalen Éireann. Haiku i nGaeilge móide leaganacha Béarla, Béarla na hAlban agus Seapáinise atá sa leabhar is déanaí uaidh, Antlered Stag of Dawn (The Onslaught Press, Oxford).

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…