Aoi ag Bord na Teanga

Aoi ag Bord na Teanga

Údar
Celia de Fréine
Maisitheoir
Simon Robinson
Praghas
€13.00
  • Sraith: Téad na Filíochta
  • ISBN: 978-1-9196013-8-0
  • Líon leathanach: 110
  • Bliain foilsithe: 2023
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Rogha leathan as seacht gcnuasach filíochta, mar aon le dánta nua, atá sa díolaim seo a thugann léargas ar an aistear fileata atá curtha i gcrích ag Celia de Fréine le scór bliain anuas.

Réimse leathan ábhar, cuid acu go mór i mbéal an phobail, a chuimsítear sa díolaim. Saol na tuaithe mar aon le saol na cathrach a phléitear sna dánta, a ghluaiseann ó ábhar go hábhar lena scéal a insint i nguth láidir a bhfuil feasacht shóisialta go mór chun tosaigh ann.

-----

Réamhrá le Rióna Ní Fhrighil agus grianghraif le Simon Robinson.

About the book

This anthology comprises of a selection of poems from seven poetry collections, as well as new poems, that give an overview of Celia de Fréine’s poetic journey over the last twenty years.

The anthology covers a wide range of subjects, many of which are widely discussed at the moment. The poems deal with country life as well as city life and they move from subject to subject to tell her story in a strong voice that has social awareness at its core.

-----

Introductory essay by Rióna Ní Fhrighil and photographs by Simon Robinson.

Údar

Celia de Fréine

Celia de Fréine

Is scríbhneoir ilghnéitheach í Celia de Fréine a scríobhann i nGaeilge agus i mBéarla. Tá an iliomad duaiseanna buaite aici dá cuid filíochta, scripteanna agus drámaí a bhíonn á stáitsiú go rialta. Ocht gcnuasach filíochta atá foilsithe aici go dtí seo, arb iad cuir amach seo dom : riddle me this (Arlen House, 2014), Blood Debts (Scotus Press, 2014) agus A lesson in Can’t (Scotus Press, 2014) na cinn is deireanaí uaithi. In 2017 d’fhoilsigh LeabhairCOMHAR a leagan drámata de Cúirt an Mheán Oíche le Brian Merriman. Is duine de chomhbhunaitheoirí Umbrella Theatre Company í, an compántas a léirigh Luíse, dráma bunaithe ar shaol Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh in 2016/2017. Is é Ceannródaí an chéad saothar próis óna peann.

Tuilleadh eolais

Maisitheoir

Simon Robinson

Simon Robinson

Grianghrafadóir é Simon Robinson atá lonnaithe i gCúige Laighean. Cuireann sé leabhar mangaire fótagraphach ar fáil gach mí agus glacann sé le coimisiúin ghrianghrafadóireachta anois agus arís. Is féidir súil a chaitheamh ar a bhlag ag
http://walkingcommentary.net/

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…