Maidir le LeabhairCOMHAR

Bunaíodh an t-inphrionta foilsitheoireachta LeabhairCOMHAR athuair sa bhliain 2010 chun nualitríocht agus nua-scríbhneoireacht na Gaeilge a fhorbairt, chomh maith le rogha den scoth de scríbhneoirí agus ábhair a chur ar fáil. Tá sé mar aidhm ag an gcomhlacht seo scríbhneoirí úra a earcú agus a chothú ar bhonn leanúnach agus tá sraitheanna nua leabhar á bhforbairt aige faoi láthair:

  • AN LÉAMH LITEARTHA (prós cruthaitheach ardchaighdeáin ón údar aitheanta);
  • GUTH NUA (téacsanna liteartha do dhaoine fásta, scríofa ag scríbhneoirí úra);
  • DORAS FEASA (leabhair stairiúla agus faisnéise);
  • AN SAOL ÓG (pictiúrleabhair agus litríocht do pháistí);
  • SAOL AGUS SAOTHAR (beathaisnéisí acadúla);
  • TÉAD NA FILÍOCHTA (cnuasaigh théamúla d’fhilíocht ó údair aitheanta), agus;
  • FOGHLAIMEOIR FÁSTA (úrscéalta do dhaoine fásta ag foghlaim na Gaeilge)

Foilsíonn LeabhairCOMHAR seánraí eile chomh maith: saothair do dhaoine óga; filíocht; drámaí; agus gearrscéalta. Mar a thugann teideal an chomhlachta, ‘COMHAR’ le fios, bíonn comhoibriú agus comhpháirteachas, idir an scríbhneoir agus na riarthóirí, mar chroílár an chomhlachta seo.

Ba bhreá le LeabhairCOMHAR fáilte a chur roimh scríbhneoirí samplaí de shaothair a chur chugainn agus a bheith i dteagmháil linn ag leabhaircomhar@comhar.ie+353 (0)1 675 1922.