Fianaise Bhreise

Fianaise Bhreise

Údar
Mícheál Ó Ruairc
Praghas
€10.00
  • Sraith: Foghlaimeoir Fásta
  • ISBN: 978-1-9998029-8-1
  • Líon leathanach: 169
  • Bliain foilsithe: 2019
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Is iníon leis an an gCeannfort Cathal 'Kojak' Ó Cearúil í Bearnairdín. Ceaptar í chun dul i ngleic le sciúirse na ndrugaí agus na gáinneála ar chailíní agus ar bhuachailí faoi aois. Ní mór di an barún drugaí agus an coirpeach idirnáisiúnta, Conall Ó Gríofa, a thabhairt chun láimhe. Tá foireann láidir ag obair ina theannta ach an bhfuil siad go léir iontaofa? Agus tá a hathair ag obair léi chomh maith, nó an bhfuil? Tá fórsaí dorcha ag feidhmiú agus ní spáraltar éinne ón aingeal díoltasach atá céim chun tosaigh ar gach duine eile agus gan riail ná dlí air.

About the book

Bearnairdín is the daughter of Cathal 'Kojak' Ó Cearúil. She is appointed to deal with the scourge of drugs and the trafficking of underage girls and boys. She has to bring the drugs baron and international criminal. Conall Ó Gríofa, to justice. She has a strong team working with her but are they all trustworthy? And her father is working with her as well – but is he? Dark forces are at work and nobody is spared from ther avenging angel who is a step ahead of everybody and is out of control.

Údar

Mícheál Ó Ruairc

Mícheál Ó Ruairc

Rugadh Mícheál Ó Ruairc i mBréanainn sa Leitriúch in Iarthar Chiarraí i 1953. Tá ceithre chnuasach filíochta agus trí húrscéal déag foilsithe aige as Gaeilge. Foilsíodh cnuasach amháin filíochta as Béarla, Humane Killing (Aisling Press, 1992). In 2007 bronnadh an chéad duais agus Buantrófaí Chonradh na Gaeilge air as dán Gaeilge ag an 18ú Féile Idirnáisiúnta Filíochta Dhún Laoghaire/Rath an Dúin. Tá réimse leathan ábhar do pháistí scríofa aige agus i measc na leabhar atá i gcló aige tá An bhFaca Éinne Agaibh Roy Keane? (Coiscéim, 2003); I bhFad Ó Bhaile (Coiscéim, 2004); Róisín i dTír na Sean (Coiscéim, 2005); Na Lucha ag Rince (Cló Iar-Chonnacht, 2009). Faoi láthair is é an t-ionadaí Gaeilge ar Bhord Áras na Scríbhneoirí i mBaile Átha Cliath. Roimhe sin chaith sé tréimhsí ar bhord bainistíochta an nuachtáin Anois agus na hirise Comhar. Bhuaigh a chéad chnuasach gearrscéalta Daoine a Itheann Daoine (Cló Iar-Chonnacht, 2010) an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais in 2010. D’fhoilsigh Cois Life Tóraíocht Taisce, scéal eachtraíochta do dhéagóirí, sa bhliain 2011 agus d’fhoilsigh LeabhairCOMHAR Fianaise, scéinséir do dhaoine fásta, in 2012. Bhuaigh an bailiúchán dhátheangach filíochta, Dambatheanga/Damlanguage (Arlen House, 2014) an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais in 2014.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…