An Gaeilgeoir Grámhar
- Údar
- Alan Desmond
- Praghas
- €10.00
- Sraith: Foghlaimeoir Fásta
- ISBN: 9780955721755
- Bliain foilsithe: 2011
-
Scaip an leabhar seo
Seo é an tríú húrscéal ag an údar don fhoghlaimeoir fásta tar éis An Foghlaimeoir Fásta (Comhar, 2006) agus Gaeilge agus Grá (Comhar, 2007), sraith leabhar a leanann saol Bhiddy Uí Laoghaire, carachtar ar tharla mórán di ón uair ar thosaigh sí ag freastal ar rang Gaeilge sa chéad úrscéal. Tá athruithe eile i ndán di anois nuair a thagann an mac is sine léi, Eoin, abhaile ón Astráil agus fear eile ina theannta. Agus scéal Bhiddy á leanúint aige is féidir leis an léitheoir eolas a chur ar fhocail agus nathanna cainte agus a chuid féin a dhéanamh díobh gan dua. Tá míniú ar fhocail agus ar nathanna cainte deacra ag bun an leathanaigh, rud a chabhraíonn go mór leis an léitheoir an scéal a thuiscint agus a chuid Gaeilge a fheabhsú.