I gCochall mo Chroí

I gCochall mo Chroí

Údar
Bríd Ní Mhóráin
Praghas
€12.00
  • Sraith: Téad na Filíochta
  • ISBN: 978-0-9934946-9-7
  • Bliain foilsithe: 2017
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Níl aon amhras ach gur teist é téama an chnuasaigh seo, téama an cheana, ar an luí aigne is mó atá ag Bríd Ní Mhóráin. Is iomaí saghas éagsúil ceana a fheictear sna dánta seo – cion réigiúin, don dúiche, don dúlra, an ghean lena maíonn sí tábhacht na seandaoine. Tá flaithiúlacht agus tuiscint le braith sa chaoi go ndéanann sí ionramháil ar an réimse leathan ábhar a bhíonn faoi chaibidil aici; is fíorannamh go bhfeictear cáineadh ina saothar. San am céanna, ní dánta rómhothalacha iad seo; léirítear leibhéal intleachtúil iontu, agus tuigtear don léitheoir go bhfuil an file ag smaoineamh a bealach tríd na dánta. File leathanaigeanta í Ní Mhóráin a ghlacann le spioradáltacht ó thraidisiúin chreidimh éagsúla agus ó réimsí éagsúla den saol – spioradáltacht Chaitliceach, Bhúdach, sa ghrá máthartha, sa ghrá rómánsúil, agus sa nádúr – agus é seo uile mar bhonn leis an gcomhbhá eagnaí neamhmhaothnach atá le sonrú ina cuid filíochta.

Údar

Bríd Ní Mhóráin

Bríd Ní Mhóráin

Tá cónaí ar Bhríd Ní Mhóráin sa Chom, in Oirthear Dhuibhneach ó bhí sí ina cailín óg. Sé chnuasach filíochta atá foilsithe aici agus saothar próis, Thiar sa Mhainistir atá an Ghaolainn Bhreá (An Sagart, 1996), bunaithe ar a tráchtas M. Litt ar mheath na Gaeilge in Uíbh Ráthach. Tá Bríd fostaithe mar fhile cónaitheach páirtaimseartha ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta ó 2003 i leith

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…