An Guth Baineann

An Guth Baineann

Údar
Áine Ní Ghlinn
Praghas
€12.00
  • Sraith: Téad na Filíochta
  • ISBN: 978-0-9571593-7-2
  • Bliain foilsithe: 2013
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Leabhar eile sa tsraith Téad na Filíochta de chuid LeabhairCOMHAR is ea An Guth Baineann. Is bailiúchán téamúil é seo ón bhfile aitheanta Áine Ní Ghlinn. Tugtar le chéile dánta dá cuid ar théamaí baineanna mar aon le haiste anailíse ón Dr Liam Mac Amhlaigh.

"An tseanbhean nach bhfuil in ann a guth féin a úsáid nó a aimsiú a thuilleadh, an bhean ar tachtadh a guth agus í ina páiste, an bhean - ar chúis amháin nó ar chúis eile - a bhfuil a guth caillte aici.
Is minic iarracht déanta agam guthanna a shamhlú do na mná seo ar fad.
Is minic iarracht déanta agam guthanna a bhronnadh orthu.
Samhlaím anois, na guthanna seo ar fad ag teacht le chéile in aon ghuth amháin... An Guth Baineann." — Áine Ní Ghlinn

Údar

Áine Ní Ghlinn

Áine Ní Ghlinn

Tá 30 leabhar scríofa ag an scríbhneoir, léachtóir agus craoltóir Áine Ní Ghlinn go dtí seo. Ina measc seo tá scéalta, filíocht agus drámaí do léitheoirí óga chomh maith le húrscéalta agus filíocht do dhéagóirí agus do dhaoine fásta. Chaith sí roinnt blianta ag obair mar iriseoir le RTÉ agus Raidió na Gaeltachta. Faoi láthair roinneann sí a cuid ama idir léachtóireacht in DCU, ceardlanna scríbhneoireachta i ngaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta agus a cuid scríbhneoireachta féin. Tá go leor gradam buaite aici dá saothar.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…