Iarmhairt

Iarmhairt

Údair
Pádraig Mac Fhearghusa, Máire Ní Annracháin
Maisitheoir
Aoife Nic Fhearghusa
Praghas
€14.00
  • Sraith: Téad na Filíochta
  • ISBN: 978-1-7392551-7-6
  • Líon leathanach: 176
  • Bliain foilsithe: 2023
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

“Má roghnaigh an file ‘Baois’ a thabhairt ar an gcéad roinn sin den díolaim, ná bíodh aon amhras orainne, na léitheoirí, faoi na dánta atá roghnaithe aige agus tuilleadh nach iad sna himleabhair eile dá chuid, nach bhfuil ráiteas domhain ar an ngrá ina orlaí tríothu, ráiteas a sháraíonn saothar leanúnach saoil aon fhile eile Gaeilge i mo thuairimse, ar a íogaireacht, ar a dhrithle agus ar a ealaín.”

“Dá léannta iad na dánta seo ní cluiche intleachtúil riamh na macallaí, ná ní tagairtí loma iad do thraidisiúin na Gaeilge, na Críostaíochta agus na gClasaicí. Luíonn siad go héadrom sna dánta; is siombailí iad a bhfuil beatha úr séidte iontu agus iad tarraingthe siar ón dearmad.”

- Máire Ní Annracháin

Réamhrá le Máire Ní Annracháin agus ealaín le hAoife Nic Fhearghusa.

About the book

A collection of new and previously published work by Pádraig Mac Fhearghusa, accompanied by an introductory essay by Máire Ní Annracháin and artwork by Aoife Nic Fhearghusa.

Údair

Pádraig Mac Fhearghusa

Pádraig Mac Fhearghusa

Tá saothrú suaithinseach déanta ag Pádraig Mac Fhearghusa ar an bhfilíocht ó d’fhoilsigh an Clóchomhar Tta a chéad chnuasach, Faoi Léigear, i 1980. Bhain Nótaí Treallchogaíochta ó ‘Suburbia’ an duais sa chomórtas oscailte filíochta, Béarla / Gaeilge, ag Seachtain na Scríbhneoirí, Lios Tuathail, 1982. Ghnóthaigh Mearcair príomhdhuais filíochta Oireachtas 1996; bhain dánta as An Dara Bás príomhdhuais na bliana 2001, agus ghnóthaigh Oilithreacht na gCríoch Déanach príomhdhuais filíochta Oireachtas na Gaeilge, 2020.

Tuilleadh eolais

Máire Ní Annracháin

Máire Ní Annracháin

Is Ollamh le Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, í Máire Ní Annracháin ó 2009, agus roimhe sin chaith sí blianta ag léachtóireacht in Ollscoil Mhá Nuad. Tá spéis aici sa teoiric liteartha agus i nualitríocht Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban araon. Ar fhilíocht Shomhairle MhicGill-Eain a bunaíodh a tráchtas dochtúireachta, a foilsíodh faoin teideal Aisling agus Tóir: an Slánú i bhfilíocht Shomhairle MhicGill-Eain (An Sagart, 1992). Tá os cionn leathchéad alt acadúil scríofa aici agus roinnt imleabhar curtha in eagar aici féin nó i gcomhar le comheagarthóirí. Baineann na hailt is deireanaí léi le leanúnachas an traidisiúin liteartha agus le teanga fhíortha fhilíocht na Gaeilge. Tá comhaltachtaí taighde gnóthaithe aici in Éirinn, in Albain agus i Sasana a thacaigh léi in a cuid taighde, agus tá tréimhsí taighde caite aici i bPáras, i nDún Éideann, ar an Oileán Sgitheanach agus i Londain. Chaith sí roinnt blianta ina cathaoirleach ar Glór na nGael, ina ball de choiste stiúrtha Shabhal Mòr Ostaig in Albain agus de Choimisiún na Logainmneacha. Tá beirt pháistí tógtha aici féin agus ag a fear céile.

Tuilleadh eolais

Maisitheoir

Aoife Nic Fhearghusa

Aoife Nic Fhearghusa

Is Muimhneach í Aoife Nic Fhearghusa atá ag cur fúithi sa Ghaillimh. Tá cúlra aici sna healaíona agus sna meáin. Dúil riamh aici in éagsúlacht fhísiúil na beatha. Spreagann an dúlra í ach go háirithe. “Is gníomh grinnbhreathnaithe é a bheith i mbun líníochta,” a deir sí. Is breá léi an tuiscint bheo ar an nádúr, agus uaidh sin ar an saol, a éiríonn dá thoradh. @AoifeLiofa

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…