Mo Ghrá-sa
- Údar
- Tadhg Ó Dúshláine
- Maisitheoir
- Carol Cronin
- Praghas
- €12.00
- Sraith: Téad na Filíochta
- ISBN: 978-1-9162403-6-0
- Líon leathanach: 114
- Bliain foilsithe: 2020
-
Scaip an leabhar seo
Clocha míle ar chéimeanna cinniúnacha im’ shaol agus ar ócáidí suntasacha a chuaigh i gcion orm is ea na hiarrachtaí seo – iarrachtaí friotal seachtrach a chur ar mhothúcháin phríobháideacha, ar thochta bróin agus áthais a bhog mo chroí, agus iad á sceitheadh agus á gcraoladh agam mar cheiliúradh agus mar leigheas ar ‘suas síos’ m’aistir. Níl an cur chuige iontu i bhfad ón tuiscint sin ag Wordsworth gur athghabháil mothúcháin faoi shuaimhneas gníomh na cumadóireachta féin; ná ó thuiscint T.S. Eliot go bhfeidhmíonn an dán mar objective correlative (comhchoibhneasach oibiachtúil) a thugann ardú meanman agus sólás croí – más slán an chomparáid ar bhonn modheolaíochta seachas ar bhonn fiúntais!
Sa chás go n-aithníonn an corrléitheoir go scáthánaíonn an fhaoistin phearsanta seo cuid dá thaithí nó dá taithí saoil féin, agus gur ábhar taitnimh sa mhéid sin é, is mó ná sásta mé féin gur éirigh leis an mise istigh teagmháil leis an gcomhluadar lasmuigh, le súil go rachadh an caidreamh chun ár leasa araon agus sinn ag tnúth le foirfeacht na háilleachta, ar léas ina treo iomas na filíochta.
– Tadhg
Ealaíontóir as Cill Mhantáin í Carol Cronin, atá lonnaithe i gContae Chiarraí faoi láthair. Léirítear cumhacht na farraige agus síor-athrú an Aigéin Atlantaigh ina cuid mhuirdhreach.
Chaith sí seal ar an mBlascaod Mór agus i nDún Chaoin agus bhí tionchar aige sin ar a chuid péintéireachta.
Taispeánadh ealaíon dá cuid i mBaile Átha Cliath, Londain, Dusseldorf, Nua-Eabhrac agus áiteanna eile. Tá a gailearaí féin aici anois sa Daingean.
carolcronin.com