Ghnóthaigh Louis bunchéim sa Ghaeilge agus sa Léann Dúchais i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus dochtúireacht ar ghearrscéalaíocht Mháirtín Uí Chadhain ina dhiaidh sin. Bhuaigh a chnuasach filíochta Próca Solais is Luatha (Coiscéim, 1988) Duais an Ríordánaigh san Oireachtas, agus tá an duais sin buaite aige trí huaire ó shin le cnuasaigh éagsúla, ina measc 30 Dán (Coiscéim, 1992). D'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht téip agus leabhrán de rogha dá chuid filíochta, Ríleanna Báistí (1992). Is iad Ag Greadadh Bas sa Reilig (Cló Iar-Chonnacht, 2005), Cúpla Siamach an Ama (Coiscéim, 2006), Agus Rud Eile De (Cló Iar-Chonnacht, 2010) agus Grá Fiar (Coiscéim, 2016) na cnuasaigh is déanaí leis. Scríobh Louis staidéar ar ghnéithe síceolaíochta de shaothar Mháirtín Uí Chadhain, Faoin mBlaoisc Bheag Sin (Coiscéim, 1991). I bpáirt le Seán Ó Tuama rinneadh rogha d’fhilíocht Ghaeilge an fichiú haois a fhoilsiú in Coiscéim na hAoise seo (Coiscéim, 1991). Chuir sé eagar ar rogha dánta Michael Davitt: Freacnairc Mhearcair: Rogha Dánta/The Oomph of Quicksilver: Selected Poems (Cló Ollscoil Chorcaí, 2000). Chnuasaigh sé dánta comhaimseartha le filí éagsúla i Leabhar na hAthghabhála/Poems of Repossession (Bloodaxe Books/Cló Iar-Chonnacht, 2016), ina dtugtar aistriúcháin Bhéarla agus réamhrá léirmhínithe.