Áine Uí Fhoghlú

 As Gaeltacht na Rinne i gCo. Phort Láirge d’Áine Uí Fhoghlú. Scríbhneoir ficsin agus file í a bhfuil dhá scéal don fhoghlaimeoir fásta foilsithe aici agus cúig chnuasach filíochta. Bhailigh agus thaifead sí cnuasach béaloidis as Gaeltacht na nDéise, a foilsíodh mar leabhar. Seo é an cúigiú scéal do dhéagóirí atá foilsithe aici. Tá go leor duaiseanna scríbhneoireachta buaite aici, lena n-áirítear gradaim ó Oireachtas na Gaeilge, Seachtain na Scríbhneoirí, Lios Tuathail, Féile Bhéal na mBuillí, Gradam Michael Hartnett, Comhaltacht Kavanagh, Gradam Markievicz. 
  1. Bilal agus Cócó

    Bilal agus Cócó

    Áine Uí Fhoghlú

    €12.00