Críostóir Ó Floinn

Údar ildánach dátheangach ab ea Críostóir Ó Floinn. I gcathair Luimnigh a rugadh é, seachtain roimh Nollaig na bliana 1927. Thosaigh sé ag cumadh drámaí agus dánta i mBéarla agus é ina gharsún deich mbliana; chrom sé ar scríobh i nGaeilge freisin agus é ina dhéagóir. Tá breis agus trí scór earra ina shaothar, drámaí don stáitse, don raidió, agus don teilifís, ficsean agus filíocht, aistí, aistriúcháin, leabhair don aos óg, beathaisnéisí agus dírbheathaisnéis. Bhí sé ina bhall tofa d’Aosdána.

  1. Éigse Saoil

    Éigse Saoil

    Críostóir Ó Floinn

    €12.00