Fionnuala Uí Fhlannagáin

Ba i gContae Mhaigh Eo a rugadh Fionnuala Uí Fhlannagáin. Chaith sí roinnt blianta mar mhúinteoir bunscoile i gCaisleán an Bharraigh agus i gCill Iníon Léinín, Baile Átha Cliath. Is céimí de chuid Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide í. Tá spéis ar leith aici in iarrachtaí na nGael i gcur chun cinn na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh sa naoú haois déag. Tá duaiseanna éagsúla buaite aici i gComórtais Liteartha an Oireachtais agus í ag plé an ábhair sin. Bhí sí ina haoichainteoir ag Siompóisiam Gaeilge i gColáiste Lehman, Nua-Eabhrac in 2016. Tá dhá leabhar foilsithe aici – Mícheál Ó Lócháin agus An Gaodhal, foilsithe ag Clóchomhar Tta. (1990), agus Fíníní Mheiriceá agus an Ghaeilge, foilsithe ag Coiscéim (2008).

Fionnuala Uí Fhlannagáin was born in County Mayo. She spent some years working in Castlebar and in Killiney, Dublin as a primary school teacher. She is interested in the efforts of the Irish to promote the Irish language in North America in the 19th century. Two of her publications are: Mícheál Ó Lócháin agus An Gaodhal, foilsithe ag Clóchomhar Tta. (1990), agus Fíníní Mheiriceá agus an Ghaeilge, foilsithe ag Coiscéim (2008).