Lorcán Ó Treasaigh
Is scríbhneoir é Lorcán Ó Treasaigh. Tá BA sa Ghaeilge agus sa tSocheolaíocht bainte amach aige ó Choláiste Phádraig Má Nuad, chomh maith le hArdteastas san Oideachas ó Choláiste na Tríonóide. Is iad na leabhair atá scríofa aige ná: Sracfhéachaint (Coiscéim, 1986), An Dealbhadóir sa Ghairdín (Coiscéim, 1991), Comaitéir (Coiscéim, 1995), Céard é English? (2002) agus Cnoc na Lobhar (Cois Life, 2007).