Maolmhaodhóg Ó Ruairc

Scríbhneoir is ea Maolmhaodhóg Ó Ruairc. Bhain sé BA sa Fhraincis agus sa Ghaeilge amach ó Ollscoil Éireann, Maigh Nuad agus MA sa Fhraincis i ndiaidh dó bliain a chaitheamh in Université de Grenoble sa Fhrainc. D'oibrigh sé mar aistritheoir le Comhairle na n-Airí san Aontas Eorpach. I measc a shaothair scríofa tá: File na dílseachta: Staidéar ar théarmaí Airt Uí Mhaolfabhail in Aistí Dána (Mercier, 1974), Ó Chómhargadh go hAontas (Comhar, 1994), Dúchas na Gaeilge (Cois Life, 1996), Ainmfhocail faoi réir a chéile: nótaí gramadaí (Institiúid Teangeolaíochta Éireann, 1996), Aistrigh go Gaeilge (Cois Life, 1997), I dtreo teanga nua (Cois Life, 1999), Séamas Mac Annaidh agus macallaí sa scáthán (Cois Life, 2001), Ar thóir gramadach nua: In search of a grammar (Cois Life, 2006), Aistrigh Leat (Cois Life, 2007) agus Athdhíolaim d’abairtí dúchasacha (An Gúm, 1996 agus 2009).