Peter Huchel

File ab ea Peter Huchel. Rinne sé staidéar ar an litríocht agus ar an bhfealsúnacht i mBeirlín agus thosaigh sé ag scríobh dánta agus drámaí raidió don Reichsender Berlin sa Ghearmáin roimh bhriseadh amach an Dara Cogadh Domhanda. I ndiaidh an Chogaidh, d'oibrigh sé mar eagarthóir ar an iris Sinn und Form ach bhí air éirí as tar éis ionsaithe ó údaráis na Gearmáine Thoir. D'fhoilsigh sé na leabhair filíochta: Gedichte (1948), Chausseen, Chausseen. Gedichte (1963), Die Sternenreuse. Gedichte 1925-1947 (1968), Gezählte Tage. Gedichte (1972) agus Die neunte Stunde. Gedichte (1979). Foilsíodh agus aistríodh a shaothar i ndiaidh a bháis chomh maith.