Is scríbhneoir cruthaitheach, craoltóir, scríbhneoir teilifíse agus iriseoir í Catherine. Chaith sí fiche bliain ag obair mar thuairisceoir le The Irish Times.
Bhuaigh sí an chéad duais sa chomórtas d’ábhar léitheoireachta don fhoghlaimeoir fásta ag Gradaim Liteartha an Oireachtais 2016 dá bailiúchán colún raidió agus nuachtán, Cuisle an Chósta. Tá trí nóibhille Gaeilge scríofa aici sa seánra seo cheana. Bhuaigh An Cailín Rua (2004) an chéad duais ag Gradaim Liteartha an Oireachtais 2003 agus bhuaigh Sorcha sa Ghailearaí an dara duais sa chomórtas sin i 2002. Tá an dá leabhar foilsithe ag COMHAR. D’fhoilsigh LeabhairCOMHAR an tríú nóibhille, Samhradh an Chéasta, i 2010.
Scríobh sí an script agus chuir sí an tsraith teilifíse, Pobal ag Guí, i láthair ar TG4 i 2013, inar dhein sí anailís ar thraidisiúin na paidreoireachta in Éirinn.
Is léachtóir páirtaimseartha san iriseoireacht le Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Chorcaí í.
Tá scriptscríbhneoireacht agus láithreoireacht déanta aici, in éineacht len í a bheith páirteach mar chomhléiritheoir lena deirfiúr RoseAnn ar bhreis agus dosaen clár faisnéise do TG4 — ina measc siúd tá clár faoin scríbhneoir Molly Keane, faoin iriseoir Donal Foley, amhránaí Tom Clancy, an fuirseoir Val Doonican agus an teanór Frank Patterson.
Foilseoidh Coiscéim a céad bailiúchán filíochta i 2019, dár teideal Ag Marú Maicréal.
Bhuaigh a cuimhní cinn, a d’fhoilsigh Mercier Press Beyond the Breakwater: Memories of Home i 2018, an Waterford News & Star Green Room Award for Best Book of 2018