An Ghaeilge, An Comhaontú Angla-Éireannach agus an paranóia
Fianaise ó chomhaid an stáit faoin tionchar a bhí ag an Chomhaontú Angla-Éireannach ar chur chun cinn na Gaeilge ó thuaidh.
Glactar leis go coitianta anois go raibh síniú an Chomhaontaithe Angla-Éireannaigh i Samhain na bliana 1985 ar an chor ba shuntasaí sa chaidreamh idir an Bhreatain agus Éire ó aimsir Chonradh 1921 anall. Duine ar bith atá in amhras faoin tábhacht a bhain leis, níor mhiste dó spléachadh a thabhairt ar chomhaid an stáit ón am sin agus ar na hábhair a bhí Rialtas na hÉireann a chur chun cinn sna míonna beaga tar éis a shínithe.
Seans go gcuirfidh sé iontas ar go leor daoine go raibh cearta Gaeilge ard go maith i measc na n-ábhar sin agus go raibh cáipéisí faoi pholasaithe teanga ag dul siar agus aniar idir an dá rialtas.
Thug an Comhaontú cúram comhairleach do Rialtas na hÉireann i ngnóthaí an Tuaiscirt tríd an Chomhdháil Idir-Rialtasach Angla-Éireannach, ar a raibh Stát-Rúnaí an Tuaiscirt agus Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann mar chomhChathaoirligh. Bunaíodh rúnaíocht bhuan i Maryfield, bruachbhaile de chuid Bhéal Feirste, ina raibh státseirbhísigh ón dá dhlínse ag obair lámh ar lámh lena chéile. Bhí na hAontachtaithe glan in éadan an Chomhaontaithe ar ndóigh cionn is gur mheas siad gur tugadh ról don deisceart i rialú an Tuaiscirt. Chuir Sinn Féin agus Poblachtánaigh aitheanta ar nós Neil Blaney, Tony Gregory agus go fiú Jeremy Corbyn ina éadan fosta agus mhaígh ceannaire Fhianna Fáil, Charlie Haughey, go raibh an Comhaontú ag sárú Airteagal a 2 agus a 3 de Bhunreacht na hÉireann. (Tháinig athrú intinne ar Haughey agus ar Fhianna Fáil faoin Chomhaontú in imeacht ama.)
I mBealtaine 1986, ghlac Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge le rún ó Mháirtín Ó Muilleoir agus Robin Ó hEartáin faoin Chomhaontú. Dúradh sa rún go bhfáilteodh an Conradh roimh aon athruithe bunúsacha a dhéanfadh leas na Gaeilge sna Sé Chontae ach go raibh siad go láidir den tuairim nach tríd an Chomhaontú Angla-Éireannach a thionscnófaí na hathruithe úd. Is léir ó chomhaid stáit ón am go raibh státseirbhísigh i Roinn an Taoisigh ar deargbhuile faoin rún a ritheadh. Chas Rúnaí Cúnta an Taoisigh, Uaitear Ó Ciarnáin, le hArd-Rúnaí an Chonartha, Seán Mac Mathúna, ina dhiaidh sin agus chuir sé a mhíshásamh faoin rún in iúl dó: ‘Ní raibh aon fhreagra sásúil aige ar mo chuid casaoide seachas leidí go raibh daoine níos cáintí fós i measc chomhaltaí an Chonartha agus go bhféadfadh na rúin a ritheadh bheith níos measa!’
In Iúil 1986, scríobh an tArd-Rúnaí dhá litir éagsúil chuig Taoiseach an ama, Garret Fitzgerald, agus chuig an Aire Gnóthaí Eachtracha, Peter Barry, ag éileamh liosta fada de chearta do chainteoirí Gaeilge an Tuaiscirt. Mhol an Rannóg Angla-Éireannach den Roinn Gnóthaí Eachtracha do Roinn an Taoisigh gan aon fhreagra a thabhairt ar na litreacha seo mar gheall ar a ‘rather confused and offensive nature’ agus mar gheall ar an ‘resolution hostile to the Anglo-Irish Agreement passed at their Ard-Fheis’.
Dúirt Rúnaí Cúnta an Taoisigh, Uaitear Ó Ciarnáin, gur thuig sé cad tuige nach rabhthas ag iarraidh freagra a thabhairt ar an Uasal Mac Mathúna ach ‘nár mhiste maith a dhéanamh in aghaidh an oilc nó mar a deir an Sacs-Bhéarla agus an Bíobla, ‘heap coals of fire on their heads,’ i ngach ciall den nath sin.’
Mar thoradh air sin, thug Rúnaí Príobháideach an Taoisigh freagra cuimsitheach ar éilimh Sheán Mhic Mhathúna. Dúradh nach raibh an Taoiseach sásta leis an rún a ritheadh agus go raibh dul amú orthu siúd a thacaigh leis. Dúradh gur pléadh cearta teanga ag cruinnithe a bhí ag an Chomhdháil Idir-Rialtasach ar an 10 Eanáir agus ar an 17 Meitheamh, 1986, agus go raibh an rialtas den tuairim go mbeadh torthaí a gcuid gníomhaíochta ar son na Gaeilge ó thuaidh le feiceáil de réir a chéile: ‘Bheadh súil ag an dTaoiseach gur ag tacú le beartas an Rialtais agus ag fáiltiú roimh an chéim suas don Ghaeilge dá bharr a bheadh aon rún faoin ábhar seo a rithfí ag an gcéad Ard-Fheis eile den Chonradh, seachas ag nochtadh amhrais faoi éifeacht Chomhaontú ar cheann dá phríomhchuspóirí, leas na náisiúnaithe i dTuaisceart Éireann a dhéanamh ar gach bealach, a bhféiniúlacht agus a gcultúr san áireamh.’
Ba léir go raibh ranna rialtais an deiscirt iontach goilliúnach faoi aon cháineadh a déanadh ar an Chomhaontú. Ag léamh idir na línte, bhíothas ag amharc ar an Chomhaontú mar an seans deiridh a bhí ag an náisiúnachas measartha ó thuaidh. Anuas air sin tá sé ríshoiléir go rabhthas fíorbhuartha fosta faoin bhorradh a bhí ag teacht faoi thacaíocht Shinn Féin tar éis stailc ocrais na bliana 1981. Bhí sraith cruinnithe príobháideacha ag feidhmeannaigh na hÉireann de chuid na Rúnaíochta Angla-Éireannaí le náisiúnaithe a bhí báúil don Chomhaontú — idir iriseoirí, lucht acadúil, oibrithe pobail agus Gaeilgeoirí aitheanta — agus arís agus arís eile nochtaí an tuairim go raibh Sinn Féin ag glacadh seilbh ar cheist na Gaeilge sa tuaisceart.
I gcáipéis rúnda a sheol Colm Ó Floinn ón Rúnaíocht chuig an Taoiseach agus an Tánaiste ar an 16 Meitheamh, 1986, dúradh go raibh náisiúnaithe bunreachtúla ar nós Paddy O’Donoghue agus Bríd Rodgers (ón SDLP) buartha go n-éireodh le Sinn Féin teacht i dtír ar an mhoill a bhain leis an dul chun cinn ó thaobh cearta teanga de: ‘Their fear is that Adams......will be in a position to claim ‘credit’ for future developments relating to the cultural identity of the minority if there is any further delay.’
Go deimhin, bhí méid áirithe paranóia ar rialtas na hÉireann faoi seo. Ordaíodh do Bhord na Gaeilge, mar shampla, éirí as aon teagmháil a bheith acu le Sinn Féin. D’eascair sé sin as an phoiblíocht a fuair cruinniú a bhí ag Antoine Ó Coileáin ón Bhord le Ceannasaí Choiste Cultúir Shinn Féin, Máirtín Ó Muilleoir, i mBéal Feirste i Márta na bliana 1986. Threoraigh Roinn an Taoisigh don eagraíocht gan dul i mbun comhfhreagrais le Sinn Féin feasta ná cuireadh a thabhairt d’ionadaithe de chuid an pháirtí a bheith i láthair ag cruinnithe ina mbeadh an Bord páirteach iontu. Ar ndóigh, tá ionadaíocht láidir ag Sinn Féin sa lá atá inniu ann ar bhord Fhoras na Gaeilge, an eagraíocht thuaidh theas a d’fhás as Bord na Gaeilge!
Tá an paranóia seo i leith Shinn Féin le sonrú i gcáipéisí de chuid na Rúnaíochta Angla-Éireannaigh agus is léir go raibh súil ghéar á coinneáil ar na heagrais a bhí báúil don ghluaiseacht Phoblachtánach, ina measc craobhacha de Chonradh na Gaeilge agus de Ghlór na nGael a thacaigh le feachtas chun deireadh a chur le lomchuardach sna príosúin. ‘Some company they are in!’ a dúradh i meamram chuig an Rannóg Angla-Éireannach sa Roinn Gnóthaí Eachtracha.
"Má bhí an rialtas ó dheas faiteach faoi fhás Shinn Féin, bhí rialtas na Breataine scanraithe faoi shochaí dhátheangach a chothú sa Tuaisceart"
Seans go raibh údar leis an olc a bhí ar an rialtas i leith sheasamh na n-eagras Gaeilge faoin Chomhaontú, óir fad is a bhí leithéidí Chonradh na Gaeilge agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mbun stocaireachta go tréan ar an rialtas ceisteanna maidir le cearta teanga ó thuaidh a ardú, bhí dul chun cinn á dhéanamh acu ar chúla téarmaí i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge sa chóras oideachais agus sna príosúin, i dtaobh ceist a bheith sna daonáirimh faoi úsáid na teanga sa tuaisceart, i dtaobh comharthaíocht dhátheangach agus i dtaobh maoiniú do ghníomhaíochta cultúrtha is teanga.
Ach má bhí an rialtas ó dheas faiteach faoi fhás Shinn Féin, bhí rialtas na Breataine scanraithe faoi shochaí dhátheangach a chothú sa Tuaisceart, agus faoin chostas a bhainfeadh leis. I Meitheamh 1986, chuir rialtas na Breataine cáipéis faoin nGaeilge ó thuaidh faoi bhráid na Comhdhála Idir-Rialtasaí. Freagra a bhí sa pháipéar seo ar mholtaí a rinne rialtas na hÉireann in Eanáir na bliana sin. Ghéill rialtas na Breataine do go leor de na héilimh. Dúradh gur chóir go mbeadh an ceart ag daoine comharthaí dátheangacha ar shráideanna agus ar bhóithre a roghnú. Bheadh ceist faoi úsáid na Gaeilge i ndaonáireamh na bliana 1991 agus thabharfaí breis airgid do Bhord Ealaíona Thuaisceart Éireann i leith chur chun cinn na teanga agus an chultúir Ghaelaigh. Ach diúltaíodh scun scan do choinceap an dátheangachais: ‘there is no requirement to create a bilingual society in Northern Ireland...It would arouse great opposition among the majority if Irish in Northern Ireland were given parity of esteem with English. This would not help reconciliation. Nor does the number of people estimated to speak it justify that status.’
Tháinig an naimhdeas i leith an dátheangachais chun cinn arís nuair a sceith ‘foinsí sinsearacha’ i Roinn Comhshaoil an Tuaiscirt meamraim rúnda faoi mholtaí i leith chur chun cinn na Gaeilge chuig an nuachtán Aontachtach, an News Letter. I gceann amháin de na meamraim chuig Státrúnaí an Tuaiscirt, Tom King, léirigh an tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Sir Richard Needham, a mhíshástacht faoi chuid de na cearta i dtaobh na Gaeilge a bhí le géilleadh: ‘My approach to this matter is based on the strong conviction that any movement towards bilingualism in Northern Ireland should be strongly resisted.’
Chuir foilsiú na meamram seo i mí Mheán Fómhair, 1986, an lasóg sa bharrach. Cháin na hAontachtaithe na moltaí i leith ainmneacha sráide dátheangacha go géar agus dúirt gur léiriú a bhí ann go raibh rialtas na hÉireann ag cur a ladar anois i ngnóthaí an tuaiscirt. Ní thiocfadh leis an sceitheadh eolais tarlú ag am ní ba mheasa mar go rabhthas ag dréim le hagóidí foréigneacha dhá mhí ina dhiaidh sin, tráth a mbeadh bliain ó síníodh an Comhaontú á ceiliúradh. Thuairisc Comhrúnaí an Tuaiscirt den Chomhrúnaíocht go raibh easpa misnigh ag teacht ar rialtas na Breataine ó thaobh ceisteanna a bhain leis an teanga. Bhíothas buartha ach go háirithe go mbeadh éirí amach ar fud na státseirbhíse dá leanfaí le cur i bhfeidhm na moltaí. Ba go mioscaiseach a cinneadh na meamraim a sceitheadh, dar leis an Chomh-Rúnaí, agus é mar aidhm ag an ‘fhoinse shinsearach’ sa Roinn Comhshaoil a sceith iad dochar a dhéanamh don Chomhaontú. Bhí fíor-dhrochthionchar ag an sceitheadh sin ar chur chuige rialtas na Breataine i leith na Gaeilge agus níor cuireadh deireadh leis an chosc ar chomharthaí dátheangacha ó thuaidh go dtí Feabhra na bliana 1995.
In ainneoin buillí den chineál sin is léir ó cháipéisí an stáit go raibh glór údarásach ag rialtas na hÉireann — mar thoradh ar an Chomhaontú — i nithe a bhain le cur chun cinn na Gaeilge sa tuaisceart. Chan amháin sin, ach is cosúil ar an mórgóir gur tugadh cluas éisteachta dá n-éilimh.