Cúrsaí Reatha

Féach na hailt a foilsíodh sa rannóg 'Cúrsaí Reatha.' Taispeántar na hailt is déanaí ar dtús.

Siarmhíniú...

Tá daoine in oirthear na hEorpa ag éirí bréan de dhaoine in iarthar na hEorpa a bheith ag míniú cúrsaí dóibh, a deir Fachtna Ó Drisceoil

Cogadh tnáite?

Mar gheall ar an méid a tharla le linn an chogaidh san Úcráin in 2022 is deacair a mheas go mbeidh réiteach ar an gcoimhlint i ndiaidh cainteanna, a deir Máirtín Ó Duibhir

Oidhreacht Trimble

Bímis uilig buíoch go deo de gur chuidigh David Trimble le deireadh a chur leis an fhoréigean, cé nach ndeachaigh cúrsaí polaitíochta sa treo a raibh sé ag dúil leis, a deir Robert McMillen

Dhá bhliain den phaindéim…

Cothrom na míosa seo dhá bhliain ó shin a deimhníodh an chéad chás de Covid-19 in Éirinn. Agus dóchas ann go bhfuil an chuid is measa den phaindéim curtha dínn againn, d’iarr Comhar ar scríbhneoirí éagsúla cad iad na ceachtanna a bhí le foghlaim againn…

.

Tá léargas sna cáipéisí stáit a scaoileadh le déanaí ar an gconspóid faoi chomharthaí sráide sa Tuaisceart, a deir Breandán Delap

Ocht gceist do TG4 ...

Cad atá roimh an stáisiún teanga mhionlaigh sna blianta amach romhainn? Tá ocht gceist atá le cíoradh i mBaile na hAbhann, a deir Breandán M Mac Gearailt

Slánú na beatha, slánú na teanga

An dlúthcheangal idir an ghéarchéim éiceolaíochta agus géarchéim na Gaeilge a bhí mar théama ag dhá ócáid ar líne a d’eagraigh Teacht Aniar i mí Feabhra 2021. Tá sleachta ón gcaint a thug an tOllamh Michael Cronin, bunaithe ar a leabhar ‘An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht/Irish and Ecology’FÁS 2019), curtha in eagar do Comhar le caoinchead an údair

LÉIRMHEAS

An Bhrachlainn Mhór

le Tomás Ó Flaithearta

Éamon Ó Ciosáin (eag)

LÉIRMHEAS: Luke Callinan

An Spidéal curtha ina thost ... 

Léiríonn ar tharla i sráidbhaile amháin in iarthar na hÉireann gur mór an dúshlán atá roimh an Aire nua Ealaíon an dearcadh atá againn faoin gcultúr agus a ról sa tsochaí a athrú, a scríobhann Toner Quinn

Moladh an tsneachta

B’fhéidir go dtiocfaidh leas éigin as an ngéarchéim seo má fhéachtar air mar dheis chun athmhachnamh a dhéanamh ar an timpeallacht agus ar an tionchar atá againn uirthi, a deir Brian Ó Conchubhair

Biden v Trump

Tá teacht aniar iontach déanta ag Joe Biden, ach an bhfuil an mianach ann dúshlán Donald Trump a thabhairt. Labhair Máirtín Ó Catháin le Gaeil Mheiriceá

Aighneas ó thuaidh

Faoin bhliain 1989 bhíothas ag ceiliúradh ceithre bliana ó síníodh an Comhaontú Angla-Éireannach ach ní raibh aon mhaolú ar an aighneas ó thuaidh mar is léir ó cháipéisí rúnda an stáit a scaoileadh saor le déanaí. Amharcann Breandán Delap ar a bhfuil iontu

Teannas agus troid

Tugadh breithiúnas fíor-ionraic ar a leochailí is a bhí an caidreamh idir Rialtas na hÉireann agus na Breataine le linn sraith de bhéilí idir státseirbhísigh ón dá thír 30 bliain ó shin. Tá cur síos ar a ndúradh le léamh anois i gcomhaid rúnda stáit a scaoileadh le déanaí, a deir Breandán Delap

Caidreamh corrach…

Má thóg sé na céadta bliain ar sinn a mhúchadh in aon stát leo féin, ní cúrsaí iontais é go nglacfadh sé tamall iarmhairt na ndrochbheart a dhíbirt go hiomlán, arsa Alan Titley

Eta

(In ómós do Pheig)

Raphael Darcy

Splanc bheo na Gaeltachta?

Tá ceachtanna go leor le foghlaim fós ó Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, a deir Rónán Mac Con Iomaire,
a bhfuil leabhar á scríobh aige faoi stair na gluaiseachta

Níl anseo ach tús …

Caoga bliain ó bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i gConamara, sa chéad alt de dhá cheann déanann Donncha Ó hÉallaithe cur síos ar an gcaoi ar bunaíodh an Ghluaiseacht

Ní Céasadh go Pósadh

Cé gur mar fhile is fearr aithne ar an Árannach Máirtín Ó Direáin (1918-1988), chleacht sé pros chomh maith i gcaitheamh a shaoil, altanna a bhformhór, a foilsíodh in irisí agus nuachtáin mar An Stoc, Ar Aghaidh, Scéala Éireann, Feasta agus araile. Tá éagsúlacht mhór ábhar sa gcnuasach nua ‘An Chuid Eile Díom Féin: Aistí le Máirtín Ó Direáin’, in eagar ag Síobhra Aiken: an saol in Árainn agus an file ina ghasúr, cúrsaí litríochta, saol na cathrach le hais saol na tuaithe chomh maith le blúiríní beaga cumadóireachta.

Reifrinn

Amharcann Breandán Delap ar na reifrinn éagsúla atá beartaithe do na blianta beaga amach romhainn agus ar na nithe a d’fhéadfadh barrthuisle a bhaint as mianta an rialtais…

Cad is bréag ann?

An bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de go bhfuil bréaga á n-insint ag duine más amhlaidh go gcreideann sé féin sa mhéid atá á rá aige?