Reifrinn

Breandán Delap
Reifrinn

markwickham.org

Amharcann Breandán Delap ar na reifrinn éagsúla atá beartaithe do na blianta beaga amach romhainn agus ar na nithe a d’fhéadfadh barrthuisle a bhaint as mianta an rialtais…

Is modh thar a bheith tuathalach é reifreann chun fadhbanna a réiteach. Is maith a thuigeann pobal na Breataine, mar shampla, gur uirlis mhaol é nach dtugann aird ar na tréithe caolchúiseacha a bhaineann le ceisteanna casta ar nós an Bhreatimeachta. Is geall le hócáid bhliantúil é an reifreann sa tír seo, áfach, agus vóta caite againn 38 n-uaire ó tháinig Bunreacht na hÉireann i bhfeidhm sna tríochaidí. Go deimhin tá oiread reifreann rite againn in Éirinn is atá cluichí imeartha againn in éadan na hAstráile i bPeil na Rialacha Idirnáisiúnta. Vótáil muid faoi dhó i gcás cheithre reifreann — ar cholscaradh, ar Chonarthaí Nice agus Liospóin agus ar an chóras vótála ionadaíocht chionmhar a athrú. áinig athrú intinne orainn i gcás trí cinn de na reifrinn úd. Anois tá sé beartaithe ag an rialtas go mbeidh orainn vóta a chaitheamh i seacht reifreann eile sa dá bhliain amach romhainn. Measann go leor nach bhfuil i gceist leis an bheartas seo ach cleas soiniciúil chun a bheith ag cur i gcéill go bhfuiltear i mbun leasuithe ar an chóras polaitíochta nó ‘Leo’s neverendum’ mar a bhaist an tráchtaire John Downing orthu.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Breandán Delap

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht TG4 agus údar é Breandán Delap.