Bradaíl

Bradaíl

Maisiú: Mark Wickham

Gearrscéal nua le Seán Ó Cadhain.

“Céard sa diabhal?” arsa Marcas, tar éis dó na dallóga ar fhuinneog na cistine a tharraingt aníos. Capaill. Cloigne. Cosa. Moingeanna. Ní raibh le feiceáil idir é agus léas ach gach ball coirp de láracha, staileanna, bromaigh, cliobóga agus searraigh. Iad uile ina mbuilcíní ar fud a gharraí chúil.

Bhí siad ar fad tar éis oscailt bheag a aimsiú sa bhfál sceiche os comhair na díge in íochtar an gharraí. Ní raibh coinleach glas an fhómhair i bpáirceanna arbhair Foley ar chúl an eastáit tithíochta sách milis dóibh. Ba mhilse i bhfad fásra so-bhlasta an fhéir ghlais i gcúlgharraí Mharcais. “Drochrath oraibh mar chaiple,” ar sé, “tá an garraí millte agaibh, a bhithiúnaigh bhradacha.”

Ansin a smaoinigh sé cén ciméara a bhí air nár dheasaigh sé an bhearna sin. Bhí sé le bac a chur ann an uair a bhris na gadaithe isteach sa teach cosamar bliana ó shin. Ach cosúil le go leor rudaí eile, cuireadh ar an méar fhada é. Dá mbeadh fál sreinge deilgní curtha aige ann an uair sin, ní bheadh an mhísc seo tarlaithe anois. Phléigh sé le roinnt dá chuid comharsan balla ard a thógáil agus an díog a dhúnadh, ach cheal airgid, ní dheachaigh siad ar aghaidh leis an bplean sin ach oiread. Bhí cúpla clár agus ceann leapa curtha aige ann ó am go chéile, ach bhí siad sin tite le fána sa díog le himeacht aimsire. Bhí sé fágtha ina phraiseach anois, pé ar bith é.

In airde an staighre leis go dtí fuinneog a sheomra codlata chun an millteanas a mheas. An féar lomtha go dúid acu. Gan an smailcín gabhair féin fágtha. Cacanna ina ngróigíní ó cheann ceann an gharraí. Gan tásc ná tuairisc ar na bláthanna is ar na plandaí — iad ite. É sin, nó satailt déanta orthu faoi chrúba na gcapall. An talamh rómhartha in áiteanna eile agus é fágtha ina phráibeanna ag a gcuid crúb. Fuinneog seide Bhearna ina smidiríní — capall a chonaic scáile a chloiginn sa ngloine is a cheap gur capall eile a bhí ann, ba chionsiocair lena briseadh, a mheas sé.

Bhí mearbhall ag teacht ar Mharcas ag breathnú ar an mísc thíos faoi. Ansin a chonaic sé luascáin na ngasúr timpeall ar mhuiníl chapaill eile, a mhoing i bhfostú iontu. É á dtarraingt ar fud an gharraí agus ag fágáil stríocaí fada doimhne dubha ina dhiaidh. Láir faoi eachmairt in aice an fháil sreinge ar thaobh thall an gharraí agus stail ar a mhine ghéire ag iarraidh a dhul in airde uirthi. Bromaigh ag pramsáil chomh haerach le meannán gabhair ó thaobh go taobh agus cliobóga á leanúint. Na searraigh sheanga ag fanacht ina seasamh go socair scáfar le hais a gcuid lárach agus gan cor astu. Sé cinn déag de chapaill bheaga agus mhóra a chomhair sé. Níor thug sé de shamhail dó ach cearnóg den fhaiche mhór le linn aonach na gcapall i mBéal Átha na Sluaighe sa bhfómhar. “Tá aonach fómhair na gcapall anseo thíos,” a bhéic sé ar a bhean, Nóra, a bhí fós ina meathchodladh. Bhain sí únfairt aisti fhéin sa leaba is dhírigh aniar. Ag breathnú amach san fhuinneog di, tar éis na sramaí a chuimilt dá súile, is beag bídeach nár thit an t-anam aisti. “Á, a mhaighdean! Cé as a dtáinig siad sin?” ar sise, ag clúdach a béil lena láimh.

“Cé as a gceapann tú, a bhean? As páirceanna Foley ansin amuigh, ar ndóigh,” ar seisean. “An gcuirfeá scairt ar na gardaí nuair a théann tú síos staighre, maith an bhean? B’fhéidir go mbeidís in ann iad a chur amach.” Ag an bpointe sin, tháinig a gclann, Cormac agus Déirdre, isteach sa seomra de sciotán. Rith an bheirt i dtreo na fuinneoige. “A Mhamaí,” arsa an iníon, “tá mo chuid swings briste. Tá an capall sin ag imeacht thart agus iad ar a mhuineál aige. ’Mhamaí, ’Mhamaí, caithfidh tú cinn nua a cheannach dom.” “Feicfidh muid, a leanbh,” arsa a máthair

“A Dhaidí, ba mhaith liom marcaíocht ar an gcapall beag sin,” a deir an mac go lúcháireach, ag síneadh a mhéire i dtreo an chapaill bhig bháin i lár an gharraí. Bhí suim mhór sna capaill ag Cormac ó ghlac an teaghlach saoire coicíse in iarthar Chorcaí an samhradh roimhe sin. É ina chosán dearg acu gach lá chuig scoil mharcaíochta na gcapall áitiúil. Ansin ag dul thart ar chúlbhóithre an cheantair ar mhuin capaill. “Ní cheapfainn é, a mhaicín. Tá an iomarca capaill amuigh ansin agus bheadh sé contúirteach.”

“Ceangail le rópa nó le hadhastar dom é, a Dhaidí, ansin is féidir leat é a thabhairt amach ar an mbóthar,” a d’impigh an mac. “Níl aon adhastar agam, buíochas mór le Dia. Ar ndóigh, bheadh chuile mhac máthar san eastát ag iarraidh marcaíocht air ansin,” a dhearbhaigh an t-athair. Isteach de sciuird sa seomra folctha a bhailigh Marcas. Á bhearradh féin faoi dheifir, nár ghearr sé a smig agus thosaigh ag cur fola go tréan. Ag breathnú air féin sa scáthán dó, ghreamaigh sé ruainne páipéir leithris den ghearradh chun an fhuil a stopadh. “A Chríost,” ar sé faoina anáil, agus é ag cur a uaireadóir air. “Céard atá ag coinneáil moille ar na diabhail gardaí sin? Idir an dá linn, thíos sa chistin agus í ag ithe a bricfeasta, bhí Déirdre ag cur a cosa uaithi faoi na luascáin agus ag tuineadh lena máthair.

“Caithfidh mé swings nua a fháil, a Mhaim. Tá na cinn sin briste,”ar sí agus í ag breathnú amach go míchéatach ar an gcapall a bhí á dtarraingt timpeall an gharraí. “Beidh siad ceart go leor, a stóirín,” a d’fhreagair a máthair. Bhí an doras cúil ar leathoscailt ag Cormac sular thug a mháthair faoi deara é. Ag iarraidh a dhul amach láithreach chun marcaíocht ar an gcapall a raibh ceannann ar a clár éadain. Léim a mháthair roimhe. “Fan istigh anseo, nó tabharfaidh na capaill sin ciceáil duit,” ar sise, á tharraingt siar ón doras. “Marcaíocht ar an gcapall beag leis an gcloigeann bán, sin a bhfuil uaim, a Mhaim,” ar seisean. “Bí i do bhuachaill maith anois agus réitigh tú féin le haghaidh na scoile,” arsa a mháthair ag peataireacht leis.

“Ach, cén fáth nach féidir liom fanacht sa mbaile inniu ag marcaíocht ar na capaill?” arsa Cormac.

“Téirigh suas an staighre sin go beo nó téifidh mise an tóin agat,” a bhéic a mháthair go cantalach air.

D’imigh sé go maolchluasach mallchosach go dtí a sheomra chun é féin a ghléasadh. Lean a mháthair suas é lena dheifriú.

Chas Marcas leo ar an staighre, é ar a bhealach anuas.

“Ar ghlaoigh tú ar na gardaí?” arsa seisean.

“Níor ghlaoigh mé. Ní raibh sé d’am agam. Tú féin is cionsiocair leis nár dheisigh an fál. Ar aon bhealach, bhí orm a mbricfeasta a thabhairt do na gasúir. Anois, caithfidh mé iad a dheifriú chun scoile agus mé féin a ghléasadh. Pé ar bith é, tá mo chloigeann scaipthe ag an mbeirt seo ag caint ar swings is ar chaiple. Tá an teach ina chíor thuathail taobh istigh agus taobh amuigh,” arsa Nóra ag croitheadh a cinn le teann frustachais.

Le cuthach feirge, chuaigh Marcas amach sa ngarraí cúil chun iarracht a dhéanamh na capaill a chur thar díog amach. Duine déchosach i measc ainmhithe ceithre-chosach. Chinn air. Cuid acu ag rith ina mbogshodar timpeall an gharraí uaidh. Cinn eile ag cur a gcosa i dtaca gan cor astu. Ceann nó dhó dodach go leor, iad ag biorrú a gcluasa, ag seitreach go feargach agus ag cartadh na talún. An stail a bhí i bhfostú sna luascáin chomh dingliseach nárbh fhéidir a dhul i ngaobhar dó lena shaoradh.

“Mo sheacht mallacht oraibh,” ar seisean. Bhí sé i sáinn nuair a d’fhill sé ar an teach. Mura ndéanfadh sé rud éigin, bheadh tuilleadh damáiste déanta. Fuinneoga íochtar an tí briste b’fhéidir, nó iad ag fálróid thart trí gharranta na gcomharsan tar éis dóibh éirí tuirseach den cheann seo. Bí cinnte nach mbeadh na comharsana buíoch dó dá dtarlódh sé sin. Ní fhéadfaí iad a fhágáil ag máinneáil timpeall an gharraí i gcaitheamh an lae. Cén fáth nár cuireadh balla idir iad féin agus talamh Foley nuair a tógadh na tithe? Tógálaithe santacha ag glanadh leo nuair a bhí a gcuid airgid faighte acu ar thithe nua agus gan na heastáit leathchríochnaithe acu.

“Cé hiad úinéirí na gcapall?” a d’fhiafraigh sé de féin. Ní raibh a fhios aige. D’fheicfeadh sé fear ó am go ham á bhfosaíocht thall i dtalamh Foley, ach is ar éigean gur leis gach uile cheann acu. Tuairiscí agus luaidreáin ag dul thart go mbíodh daoine óga ag ceannach capaill ar aonach Mhargadh na Feirme. Cuid acu ag fáil aire mhaith, ach roinnt eile acu ligthe amach ar strae gan ceannas ceann ar bith orthu. Tuilleadh acu ag fáil drochíde agus ocras. Is beag nach bhféadfadh sé féin aonach a fhógairt anois. An dtiocfadh mórán ceannaitheoirí? Ach idir shúgradh is dáiríre, chaithfeadh sé smaoineamh ar sheift éigin chun fáil réidh leo. A gcuid úinéirí a aimsiú, rud a bhí fánach aige. Glaoch ar an ISPCA, ach is cait agus madraí is mó a thagann faoina gcúram. Ar ndóigh, peataí baile iad sin. Ainmhithe níos láidre agus níos deacra a láimhseáil iad seo mura mbeifeá ina gcleachtadh. Bhí deifir chun oibre air agus é ag éirí mífhoighneach.

“In ainm dílis Dé, an gcuirfeá scairt ar na gardaí leis na diabhail chaiple sin a chrochadh ’n bealaigh? Cén bhrí ach go mbeidh mé mall ag mo chuid oibre?” a scairt sé ar Nóra, a bhí fós in airde staighre.

“Arú, déan thú fhéin é. Nach bhfuil a fhios agat go mbíonn míle is céad rud le déanamh agamsa chuile maidin. Caithfidh mé na gasúir a thabhairt ag an scoil anois díreach. Siopadóireacht a dhéanamh. Casadh le Nuala le haghaidh caife ag a haon déag. Níl mé ag iarraidh a theacht ar ais anseo leis an teach a ghlanadh ina dhiaidh sin agus iad fós sa ngarraí cúil. Bheinn scanraithe rompu, anseo asam féin. Tusa a b’fhearr glaoch orthu agus an scéal ar fad a mhíniú dóibh,” arsa sise.

“Ó, an seanscéal céanna i gcónaí. Mura ndéanann mé fhéin é fanfaidh sé gan déanamh.” Bhí an bheirt ghasúr agus an mháthair ag teacht anuas an staighre faoin tráth seo. “An féidir liom ride beag bídeach a fháil ar an gcapall bán sula dtiocfaidh mé ar scoil, a Dhaidí?” arsa Cormac. “Ní féidir agus sin sin,” a d’fhreagair Marcas go binbeach. “Mo swings, a Dheaide!” a bhéic Déirdre, sular tharraing a máthair an bheirt acu amach an doras chun na scoile.

Chuir Marcas glaoch ar an stáisiún gardaí áitiúil. Tráthúil go leor, bhí garda ar ghluaisrothar i mbun patróil sa cheantar. An t-ádh glan air gur ghlaoigh sé ag an bpointe sin. Bhuail an garda ar an doras faoi cheann dhá mheandar. Garda mór téagartha tuathánach as íochtar tíre. Ag breathnú amach an cúldoras i ndiaidh a leicinn dó, dúirt sé, “Dheamhan stró ar bith iad sin a chur amach. Bím ag déileáil lena leithéidí seo chuile lá ar fud Thuaisceart Bhleá Cliath. Iad ag imeacht ar strae ar fud na háite, ar bhóithre, sna heastáit tithíochta, i gclóis scoile agus timpeall séipéil. Bhíodh siad úsáideach ar fheirmeacha fadó nuair a bhí mise óg ag déanamh chuile chineál oibre, ní ag imeacht ag déanamh mísc mar seo a gheofaí iad. Is mór an t-athrú ar an saol é.”

Bhí díocas cainte anois air. “Fan go n-inseoidh mé dhuit. Bhí teaghlach in eastát de chuid an lucht oibre píosa ón áit seo a raibh trí chapall acu. Théadh an chlann mhac thart leis na capaill ag fiafraí de na háitritheoirí, dá bhfeicfidís féar fada sa ngarraí tosaigh, an raibh siad ag iarraidh iasacht den chapall lena ithe is é a lomadh. Ansin bheadh ar úinéir an tí cúig euro a thabhairt dóibh as ucht ligean den chapall an féar a ithe. Nach ceann maith é sin?”

“Ní bheadh lomaire léana ar bith ag teastáil in áit mar sin,” arsa Marcas. “Cinnte nach mbeadh. Dhéanfadh na capaill an job,” arsa an garda. “Ní bheidh aon lomaire léana ag teastáil anseo, ach an oiread,” a d’fhógair sé, ar oscailt an chúldorais dó.

Chuaigh sé caol díreach go dtí an capall a bhí i bhfostú sna luascáin. Chuir ar a shuaimhneas é. Ansin, d’fhuascail na luascáin. De rite reaite agus é saor óna chuid laincisí, léim an stail glanoscartha thar an bhfál agus an díog go dtáinig sé chun talún ina steillbheatha i gcoinleach pháirceanna Foley. Lean na cinn eile é ina gceann agus ina gceann cosúil le searrach i ndiaidh gearráin go dtí go raibh an garraí tréigthe ag an tréad.

Tháinig an garda ar ais sa chistin tar éis dó na luascáin a shocrú go deas pointeáilte i lár an gharraí. Bheadh Déirdre sásta ar aon chuma, ach bheadh caitheamh i ndiaidh an chapaill bháin ag Cormac — ní raibh an mharcaíocht a shantaigh sé i ndán dó.

Thug Marcas sracfhéachaint amach ó leic a dhorais ar an millteanas. Chuir a gharraí cúil ármhá i gcuimhne dhó, ach ar a laghad cuireadh críoch thobann le haonach na gcapall. Ní mba thúisce an smaoineamh sin neadaithe ina intinn nó gur chuala sé ráig raspanta de sheitrí capaill ag teacht go toll torannach faoi chaolacha an tí ón ngarraí tosaigh.

Is scríbhneoir é Seán Ó Cadhain.