Margadh Trump agus Mheiriceá

Margadh Trump agus Mheiriceá

Grianghraf le Gage Skidmore

Ina chroí istigh, is fear margála é Trump ar breá leis teacht ar mhargadh.

Tá beagnach ceithre mhí imithe tharainn ó ritheadh toghchán Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Ó shin i leith, tá na milliúin focal scríofa faoi thoradh an toghcháin chéanna, na mílte alt nuachtáin foilsithe ina leith is cúpla foraois eile i gcríocha na hAmasóine leagtha dá réir is dócha.

Drochscéal is uafás atá tuartha i bhformhór na n-alt céanna. Deirtear go bhfuil an tsibhialtacht, mar is eol dúinn í in iarthar agus oirthear an domhain, athraithe as éadan is an domhan ar tí titim as a chéile, agus sin go léir de dheasca bhua Trump sa toghchán uachtaránachta thall.

Ní fios go fóill an dtiocfaidh an tuar faoin tairngreacht sin nó an bhfíorófar an tuar tubaisteach atá cloiste againn lá i ndiaidh lae le seachtainí anuas i dtaobh ré Trump.

Neosfaidh an aimsir.

Anuas air sin, foilsíodh an t-uafás alt ar na mallaibh ag iarraidh toradh thoghchán SAM a mhíniú agus míniú a thabhairt go háirithe faoin cén fáth ar chaith pobal SAM vóta ar son duine ar challaire é a léirigh tuairimí déistineacha i leith na mban agus mionlach éagsúla mar chuid dá fheachtas toghchánaíochta.

Níl fúinn filleadh athuair ar na ceisteanna sin san alt seo; is leor a rá go raibh cúpla cúis bhunúsach le bua éasca Trump, cúiseanna a bhfuil a rian le haithint ar athruithe móra sóisialta is polaitíochta an ama i láthair fud fad na cruinne.

Is cinnte go bhfuil an cur chuige polaitiúil ar a dtugtar an pholaitíocht ‘sa lár’ nó ‘centrism’ air, an cineál polaitíochta a chuir leithéidí Tony Blair is Bill Clinton chun cinn i dtús sna 1990í in iarthar domhain, ar an dé deiridh agus an bonn á bhaint di ag athbheochan gluaiseachtaí nua pobalacha, ar an eite chlé ach go háirithe.

Is é bun agus barr an scéil ná go mbíonn ar dhaoine óga na linne seo níos mó ná post amháin a bheith acu chun dóthain airgid a thuilleamh chun go mbeadh slí bheatha ar an gcaighdeán céanna agus atá ag a dtuismitheoirí acu. Sin, in ainneoin go bhfuil fadhbanna mar an dífhostaíocht, easpa tithíochta, an meath ar sheirbhísí leighis is eile dá gcrá i gcónaí.

Ina theannta sin, tá riar mór den ghlúin óg i bhfiacha troma fiú sula dtosaíonn siad i mbun poist mar go raibh orthu iasachtaí móra airgid a ghlacadh le híoc as a gcuid táillí ollscoile agus mar sin de. Meaisíní seachas daoine atá i bhfeighil na mbanc, ar ndóigh.

Ar an lámh eile, tá sciar mór den lucht oibre san Eoraip agus i SAM a bhraitheann go bhfuil siad tite chun deiridh de dheasca athruithe móra eacnamaíocha is sóisialta ár linne: ‘forbairtí’ teicneolaíochta, inimirce mhór ó chodanna eile den domhan is an claonadh ginearálta i dtreo an domhandaithe.

Mar thoradh air seo, is léir go bhfuil mórán daoine ag iompú ar réimse leathan grúpaí ‘neamhlárnacha’ a bhí imeallach go maith go dtí le deireanaí, ach a bhfuil gaoth nua sna seolta acu i láthair na huaire. I measc na ngrúpaí sin, tá leithéidí Podemos atá ar an eite chlé sa Spáinn agus an Fronta Náisiúnta sa Fhrainc atá ar an eite dheis.

Tá tacaíocht thras-aicmeach ag na gluaiseachtaí céanna mar go bhfuil daoine ag lorg freagraí agus imní orthu faoin todhchaí agus faoi thodhchaí a gcuid páistí.

Sna Stáit Aontaithe féin, tá an lucht anailíse atá sásta an fhírinne a insint go neamhbhalbh, an dream a bhfuil scrúdú cúramach déanta acu ar phatrúin toghchánaíochta na Stát, den tuairim gurbh é imní na cosmhuintire faoi staid eacnamaíochta na tíre a chuir bonn faoi bhua Trump sa rás go dtí an Teach Bán.

Díol suntais nach raibh ach farasbarr an-chúng ag Trump ar Clinton i measc na vótálaithe saibhre. An ní is mó a chuir dlús faoi fheachtas Trump ná go raibh luascadh dochreidte 16 phointe ina threo i measc Meiriceánaigh a shaothraíonn níos lú ná 30,000 dollar in aghaidh na bliana.

An uair dheireanach a bhí muintir Mheiriceá i mbun vótála ba iad na daoine céanna sin a vótáil ina sluaite ar son Barack Obama agus a thogh mar an chéad uachtarán gorm ar an tír é. An uair seo, roghnaigh siad iarrthóir an-difriúil. Léiríonn sin a scéal féin dúinn. Ní fhaca cosmhuintir SAM (mionlaigh san áireamh) na ‘hathruithe’ chun feabhais a gheall Obama ocht mbliana ó shin.
Go hachomair, ní raibh Meiriceánaigh sásta leis an mbealach a raibh cúrsaí na tíre ag dul agus chinn siad ar dhul sa seans le Trump, an billiúnaí agus fear gnó de bhunadh Ghaeltacht na hAlban ar thaobh a mháthar, a rinne a chuid féin den saol, an té a labhair amach go neamhbhalbh faoi thionchar an domhandaithe seo ar shaibhir is daibhir.

Bíonn an fhírinne garbh i dteannta í a bheith searbh agus má dhéantar tochailt bheag laistiar den bhladar bladhmannach toghchánaíochta, idir áiféiseach is tuisceanach, is soiléir go bhfuil formhór na cosmhuintire, muintir SAM is na Ríochta Aontaithe san áireamh, fós ag fulaingt de dheasca thubaiste airgeadais 2008 is an cúlú eacnamaíochta a tháinig sna sála air.

Mar is dual do dhuine arb as iarthar na hÉireann dó, tá neart gaolta agam i Meiriceá. Ar thaobh mo mhná céile de, tá níos mó arís acu thall; thug cuid mhór acu an Bád Bán orthu féin i rith na 1980í nuair a bhí cúlú eacnamaíochta tubaisteach eile anseo in Éirinn agus an dífhostaíocht is an imirce chomh hard agus a bhí riamh sa tír seo.

Cé nach bhfuil aon mhórmhuinín agam as polaiteoirí i gcoitinne agus Trump go háirithe, tá súil agam go gcruthóidh sé go maith mar uachtarán. Tar éis an tsaoil, tá Meiriceá ar na tíortha is mó agus is cumhachtaí ar domhan agus má léiríonn ár stair féin aon cheo dúinn, is é sin go mbíonn dlús faoin ngeilleagar is faoi chúrsaí fostaíochta na tíre seo nuair a bhíonn rath ar gheilleagar SAM.

I gcás ‘an Donald’, áfach, níl sé éasca a thuar conas mar a thitfidh cúrsaí amach nó is cinnte gur cineál mavairic é. An t-aon ní is féidir linn a dhéanamh ná ár liathróid chriostail a tharraingt chugainn féin is buille faoi thuairim a thabhairt faoi chúrsaí.

Ón gcaint an-ghairid a thug sé ag a insealbhú i Washington ar na mallaibh, is léir go bhfeiceann Trump é féin mar laoch an ‘fhir bhig’ agus na cosmhuintire, an dream a fágadh as an áireamh agus ar pé dul chun cinn eacnamaíoch domhanda a rinneadh le 20 bliain anuas, an té atá thíos le domhandú na cruinne ar bhonn eacnamaíoch is sóisialta. Maíonn Trump go raibh an chumhacht ar fad i lámha líon róbheag daoine go nuige seo, scothaicme dochreidte saibhir agus deir sé go mba mhaith leis an chumhacht chéanna a aistriú ó Washington DC agus é a thabhairt ar ais don chosmhuintir arís. Ba í an reitric sin a mhúnlaigh feachtas toghchánaíochta Trump agus is é an ní céanna a chuir dlús faoin mBreatimeacht.

Is follasach buntráchtas leithéidí Trump i SAM agus a chomhghleacaithe san Eoraip: tá córas caipitleach nó córas rachmasaíoch (más maith leat) ár linne imithe ó smacht go hiomlán ag tús an 21ú haois agus go bhfuil an deighilt idir an sách agus an seang, saibhir agus daibhir, níos mó anois ná aon uair eile ón 19ú haois i leith.

Tá sé deacair téis Trump a bhréagnú agus méadú ar an mbochtaineacht is ar líon na mbanc bia i gcathracha móra SAM agus na Breataine araon agus fadhb na ndaoine gan dídean ag dul in olcas chomh maith. Tá na céadta míle teifeach ag iarraidh slán a fhágáil lena dtíortha féin agus aghaidh a thabhairt ar thíortha an rachmais (más fíor) fiú agus oibrithe bóna gorm ag tuilleamh níos lú pá anois ar an meán, ná mar a bhí 20 bliain ó shin.

Tá a easpa muiníne sa chóras polaitiúil léirithe ag Trump go minic le bliain nó dhó anuas — tar éis an tsaoil, níl taithí pholaitiúil dá laghad aige féin — agus deir sé go raibh an iomad polaiteoirí ag tabhairt an bhéil bhinn agus gan faic ar siúl chun feabhas a chur ar chúrsaí.

Tá léargas thar a bheith duairc ar staid Mheiriceá ag Trump. Tá cúinsí eacnamaíochta agus sóisialta ag dul in olcas mar atá fadhb na ndrugaí, na dífhostaíochta, staid na gcathracha is leibhéal oideachais an ghnáth-Mheiriceánaigh. Is cinnte go bhfuil jab ollmhór roimhe más mian leis cúinsí na tíre sin a athrú agus an tOileán Úr a chur ar a sheanléim arís; beidh sé spéisiúil a fheiceáil conas a éireoidh leis.

"Maítear go bhfuil sé cairdiúil le Putin is go mbeidh caidreamh i bhfad níos fearr aige leis an Rúis."

Gné mhór dá chlár oibre mar uachtarán is ea an bhéim ar ‘Meiriceá ar dtús’ agus íde-eolaíocht na caomhnaitheachta (protectionism). Ní cor nua i stair SAM an claonadh sin i dtreo na caomhnaitheachta ar ndóigh. Siar sna 1930í, sa tréimhse a lean an Spealadh Mór, athraíodh cúrsa SAM le ‘New Deal’ Roosevelt agus cuireadh tús le ré na caomhnaitheachta mar a rinneadh iarracht, le srianta dochta ar an inimirce agus mar sin de, fostaíocht a chruthú ‘sa bhaile’ is do mhuintir an ‘bhaile’.

Is siombail é an balla seo idir SAM agus Meicsiceo atá á fhógairt ag Trump de mheon nua seo na caomhnaitheachta agus is léargas é ar an gcúrsa atá ar intinn ag Trump do SAM amach anseo. Go híorónta, ní luaitear go rómhinic go bhfuil sconsa ollmhór cheana féin (a tógadh os cionn deich mbliana ó shin) a scarann tailte Mheicsiceo ó SAM, sconsa a shíneann ar feadh beagnach 1,126 km (700 míle) ar theorainn an deiscirt ar chostas $7 billiún dollar. Deir Trump go bhféadfadh go leagfaidh sé tuilleadh sconsaí in áit ballaí ar chodanna áirithe den teorainn, rud a léiríonn sílim, nach bhfuil sa chaint seo faoi bhalla ach bladar den chuid is mó.

Ina chroí istigh is fear margála é Trump — ‘wheeler-dealer’. Is aoibhinn leis an idirbheartaíocht agus is breá leis teacht ar mhargadh. Seo an tréith is láidre atá aige, is dócha, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh nach mbeidh sé ina thubaiste ó thaobh taidhleoireachta idirnáisiúnta de ar chor ar bith mar atá á thuar ag tráchtairí áirithe.

Maítear go bhfuil sé cairdiúil le Putin is go mbeidh caidreamh i bhfad níos fearr aige leis an Rúis ná mar a bhí ag Obama agus cá bhfios nach maith an rud é sin nuair a chuimhneofá ar an mbagairt atá ann i gcónaí i leith cogadh núicléach, an bhagairt is mó ar fad, gan amhras.

Cé go bhfuil go leor daoine, fiú laistigh dá Pháirtí Poblachtach féin, atá glan i gcoinne aon chairdeas leis an Rúis, tá sé le tuiscint go bhfuil Trump ag smaoineamh ar smachtbhannaí áirithe i gcoinne na Rúise a chur ar leataobh i gcomaoin ar laghdú ar armlann núicléach na tíre sin. Tá caint leis go bhfuil sé ar intinn ag Trump agus Putin cruinniú mullaigh a eagrú i Réicivíc na hÍoslainne amach anseo, cruinniú a thabharfadh an chomhdháil a eagraíodh le linn ré Reagan is Gorbachev chun cuimhne.

Ar na nithe ba shuntasaí a bhí le rá ag Trump le tamall anuas — an ní is tábhachtaí ar fad, go háirithe ó thaobh na hÉireann de, seans — bhí a ráiteas faoi dhul i mbun idirbheartaíochta leis na tíortha Eorpacha ina gceann is ina gceann seachas margadh trádála ar leith a dhéanamh leis an AE.

Tá a fhios ag an saol mór gur fear dian é Trump is é i mbun margála is ba chóir dúinne in Éirinn an mheitheal is fearr atá againn a chur ar an eitleán go SAM.

I bhfianaise a chúlra féin in Albain agus an ceangal láidir atá aige go pearsanta leis na mBreatain, níorbh aon chomhtharlú é go raibh Theresa May ar an gcéad cheannaire le dul i mbun idirbheartaíochta leis sa Teach Bán. Beidh an margadh trádála a dhéanann Trump is May thar a bheith tábhachtach don dá thír agus beidh sé ar an gcéad mhargadh mór a shocrófar faoina Uachtaránacht nua.

Is file agus scoláire é Mícheál Ó hAodha