An t-amhrán céanna, ach scéal eile ar fad…

Lillis Ó Laoire
An t-amhrán céanna, ach scéal eile ar fad…

Meafair chasta shínte iad amhráin amhail ‘Tiocfaidh an Samhradh’ agus cruthaítear bríonna nua astu dá bharr

Oíche dá raibh mé i gCarna ag ócáid shóisialta tá cúpla bliain ó shin, tugadh cuireadh dom mo chuid den chuideachta a bheith agam agus iarradh orm amhrán a rá. Roghnaigh mé an t-amhrán ‘Tiocfaidh an Samhradh.’1 Amhrán é sin a deirim measartha minic. Aithnítear i measc amhránaithe é mar phíosa atá éifeachtach idir fhocail agus cheol. Tá scéal deas ann atá furasta a leanúint tríd an amhrán, cé nach n-insítear an scéal sin ar bhealach díreach san fhilíocht. Mar is gnách in amhráin Ghaeilge, déantar tagairt d’eachtraí an amhráin seachas cur síos a dhéanamh orthu. Bhí, agus tá ‘Tiocfaidh an Samhradh’ ar cheann de na hamhráin sin is luaithe a fhoghlaimíonn amhránaí agus tá sé ar cheann acu sin a choinníonn mórán amhránaithe i rith a saoil.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Lillis Ó Laoire

Is amhránaí agus scoláire é Lillis Ó Laoire