An chéad rialtas eile?
Agus Taoiseach nua ag brath ar thacaíocht Fhianna Fáil don rialtas mionlaigh, amharcann Breandán Delap ar na féidearthachtaí éagsúla maidir leis an gcéad rialtas eile...
Fine Gael/ Fianna Fáil:
Cé gurb é seo an rogha is fearr ó thaobh seasmhachta de, drochsheans go dtarlóidh sé. Ba é an seasamh a bhí ag an dá pháirtí go dtí seo ná go bhfuil barraíocht difríochtaí ina gcuid polasaithe le go mbeidís ábalta dul i gcomhrialtas lena chéile. Is beag duine sa phobal a mheasann é seo agus bhí an chosúlacht ar an scéal gur tháinig athrú poirt ar Fhine Gael anuraidh nuair a thairg siad dul i gcomhrialtas lena seanchéilí comhraic ó aimsir Chogadh na gCarad. Ar ndóigh ní raibh Enda Kenny ach leathdháiríre nuair a rinne sé an tairiscint sin agus fios maith aige go ndiúltódh Fianna Fáil dó.
Dúirt ceannaire nua an pháirtí Leo Varadkar anuraidh gurbh ionann “the dream of a grand coalition” agus “nightmare”.
Mar sin féin, bheadh sé níos deacra anois d’Fhine Gael diúltú dá mhacasamhail de thairiscint dá dtiocfadh sé ó Fhianna Fáil. Ach an bhféadfadh Micheál Martin i ndáiríre iarraidh ar Fhine Gael dul isteach i gcomhrialtas mar an páirtí sóisearach nuair nach raibh sé féin sásta a dhéanamh amhlaidh tráth an ama seo anuraidh? I ndeireadh ama, santaíonn an dá pháirtí polaitíocht an láir agus níor mhaith leo rith an ráis a thabhairt do pháirtithe na heite clé agus stádas mar phríomhpháirtí an fhreasúra a bhronnadh ar Shinn Féin.
Fíor-chorrsheans mar sin go mbeidh siad in aontíos go foirmiúil, ach tá achan seans ann go mbeidh socrú nó comhthuiscint de chineál éigin eatarthu arís. Ar ndóigh braitheann sé uilig ar cén dóigh a thagann deireadh leis an 32ú Dáil. Más rud é go dtarraingeoidh Fianna Fáil amach go tobann as an socrú ‘muinín agus soláthar’ thiocfadh go mbeadh barraíocht naimhdis eatarthu chun comhaontú tacaíochta nua a aontú. Sa chás sin, bheifeá ag súil go mbeadh bóthar an-chorrach roimh an rialtas úr. Tá gach seans ann go gcloífidh Fianna Fáil tamall eile leis an mhargadh toisc nach mbeadh fonn orthu aghaidh a thabhairt ar thoghchán nó go mbainfí cuid den loinnir den Taoiseach nua. Agus maidir le Leo Varadkar, shílfeá nach mór an fonn a bheadh air dul sa tseans i bhfianaise an méid a tharla do Theresa May in olltoghchán na míosa seo sa Bhreatain.
Corrlach: 3/1
Rialtas Mionlaigh de chuid Fhine Gael:
Drochsheans go mbeidh an rialtas reatha ar ais i mbun oifige an chéad gheábh eile, fiú dá dtiocfadh borradh fúthu faoina gceannaire nua. D’fhóir an socrú atá ann i láthair na huaire d’Fhianna Fáil siocair gur toghadh an-chuid dá dTeachtaí den chéad uair. Braitheadh go raibh tréimhse feithimh uathu sin agus gurbh fhearr don pháirtí féin tuilleadh atógála a dhéanamh i ndiaidh thubaiste na bliana 2011. Tá taithí anois acu agus ní mhairfidh an loighic sin i bhfad eile. Mar sin de, beidh brú ar Fhianna Fáil, más iad is ísle don dá phríomhpháirtí ó thaobh líon na suíochán de, glacadh le ról rialtais seachas filleadh ar an fhreasúra.
Corrlach: 10/1
Rialtas Mionlaigh de chuid Fhianna Fáil:
Is é rogha na n-údar ná go mbeidh an socrú soláthair agus muiníne céanna againn arís ach go mbeidh sé casta droim ar ais an chéad iarraidh eile. Is léir nach bhfuil tacaíocht Fhianna Fáil don rialtas ag déanamh aon dochar dóibh, ach a mhalairt. Ghnóthaigh an páirtí sciar 24% den vóta san olltoghchán deireanach ach tá sé seo méadaithe i bpobalbhreitheanna le sé mhí anuas go 28.5% ar an mheán. Ag an am céanna tá tacaíocht Fhine Gael seasmhach go maith (ó 25.5% san olltoghchán go 25.3% ar an mheán sna pobalbhreitheanna.) Níl aon amhras ach go mbeidh teacht aniar áirithe i ndán dóibh mar gheall ar thoghadh Varadkar agus go dtiocfaidh borradh níos mó i dtacaíocht an pháirtí faoina stiúir ná mar a thiocfadh dá mbeadh an lá le Simon Coveney. Ach beidh cinneadh le déanamh ag Varadkar má tharlaíonn sé gurb iad a bheas ar an dara páirtí is mó sa Dáil tar éis an chéad olltoghchán eile. Beidh tréimhse fhada caite i mbun rialtais acu um an dtaca sin agus seans gurbh fhearr a d’fhóirfeadh tréimhse freasúra ar an seandéanamh dóibh, go háirithe má mheastar go bhfuil géarghá leis an pháirtí a atógáil.
Corrlach: 10/3
Fianna Fáil/ Neamhspleáigh:
D’fhéadfadh sé seo a bheith ina rogha ach bheadh cuid mhór ag brath, ar ndóigh, ar cé chomh cóngarach is a chríochnaíonn Fianna Fáil don sprioc atá de dhíth le rialtas a bhunú; is é sin ceithre scór suíochán. Bheadh gá le dul chun cinn mór millteanach a dhéanamh san ardchathair lena leithéid a bhaint amach. Sa chás go mbeidís i bhfoisceacht deich suíochán nó mar sin don sprioc, d’fhéadfaí socrú a dhéanamh go measartha furasta le Teachtaí Dála neamhspleácha nach bhfuil rófhada amach ar an eite chlé. Seans fosta go mbeadh leathdhosaen Teachtaí neamhspleácha a shíolraigh ó phór Fhianna Fáileach sa chéad Dáil eile. Tá an rogha seo inbhainte amach ach ní móide é.
Corrlach: 5/1
Fianna Fáil/ Páirtí an Lucht Oibre:
Seo é an rogha ab ansa le baill Fhianna Fáil. Óir tá cuid mhór i bpáirt acu le Páirtí an Lucht Oibre agus bhí comhoibriú áirithe eatarthu ar na mallaibh agus rúin choitainta á bplé acu i dtaca leis an Gharda Síochána. Níl fhéadfaí é a chur as an áireamh ar fad, ach is í an mhatamaitic an deacracht is mó a bhaineann leis an rogha seo. Tá Páirtí an Lucht Oibre fíorlag agus níl mórán borradh tagtha ar a dtacaíocht ón olltoghchán (5% ar an mheán sna pobalbhreitheanna). Mar a tharla d’Fhianna Fáil tar éis olltoghchán na bliana 2011, tá an chosúlacht ar an scéal gur beag fonn atá ar an toghlach éisteacht lena dteachtaireacht go dtí go mbeidh tréimhse sách fada den ‘sacéadach agus luaithreach’ curtha díobh acu. Dá gcríochnódh Fianna Fáil le trí scór suíochán, nó os a chionn, agus dá n-ardódh líon an Lucht Oibre go 10 gcinn nó dosaen is rogha an-réadúil a bheadh i gcomhrialtas eatarthu. Fiú mura réitíonn an uimhríocht an fhadhb, d’fhéadfaidís beirt dul i mbun rialtais le tacaíocht, nó ar a laghad le beannú, ó Theachtaí Dála neamhspleácha. An deis dheireanach a bheadh ann do leithéidí Brendan Howlin, Joan Burton agus Willie Penrose suíochán sa chomhaireacht a ghnóthú.
Corrlach: 6/1
Fine Gael/ Páirtí an Lucht Oibre:
Ní rogha é seo atá go hiomlán as an áireamh agus d’oibrigh comhrialtais idir na páirtithe sin go maith san am a chuaigh thart. Le pacáiste a chur le chéile an iarraidh seo, áfach, chaithfeadh an dá pháirtí (agus an Lucht Oibre ach go háirithe) líon a gcuid suíochán a mhéadú go mór le go mbeadh an sprioc inbhainte amach.
Is mar chairde a théann an Lucht Oibre i bpáirt le Fine Gael agus is iondúil go maireann an comhrialtas eatarthu go mbíonn a gceann scríbe sroichte acu. Mar thoradh air sin, bíonn ar an Lucht Oibre ualach na míshástachta a iompar agus déantar slad dá réir orthu sna botháin vótála. An bhfuil ciall cheannaithe ag an pháirtí anois? Is ar éigean é.
Corrlach: 10/1
Fine Gael/ Neamhspleáigh:
De bharr iad beirt a bheith i rialtas faoi láthair beidh sé fíordheacair ar an dá dhream cur le líon a gcuid suíochán le go mbeidís i bhfoisceacht scread asail don 80 suíochán atá de dhíth le rialtas a chur le chéile.
Corrlach: 12/1
Fine Gael/ Sinn Féin:
Tá an nimh san fheoil idir an dá pháirtí seo ó bhunú an stáit anall agus ní léir aon mhaolú a bheith tagtha ar chol Fhine Gael le Sinn Féin agus Leo Varadkar anois ar an stiúir. Is beag seans mar sin go dtitfidh a leithéid amach. Os a choinne sin, dá n-imeodh Gerry Adams, cá bhfios ach nach maolódh cuid den ghoimh atá eatarthu. Ba cheart go mbeadh an uimhríocht cheart ann fá choinne comhrialtais. Is léir go bhfuil teachtaí áirithe de chuid Shinn Féin ar bís le bheith i mbun rialtais agus tá sé ráite ag Mary Lou McDonald le déanaí go mbeadh siad i bhfách anois le bheith mar pháirtí sóisir i gcomhrialtas. Meastar, áfach, gur mó seans gurb é Fianna Fáil a bheas á dtreorú ón fhásach polaitiúil go tír tairngire na cumhachta.
Corrlach: 14/1
Fianna Fáil/ Sinn Féin:
Seo é an comhrialtas is loighciúla ó thaobh na huimhríochta de. Sa chás go mbeadh Gerry Adams imithe ar féarach tá an-seans ann gur rogha é seo a bheadh inghlactha don dá thaobh, in ainneoin go mbíonn Micheál Martin de shíor ag caitheamh anuas ar an pháirtí. In ainneoin neart a bheith i bpáirt acu leo, b’fhearr le lucht tacaíochta Fhianna Fáil dul i gcomhrialtas le Páirtí an Lucht Oibre nó go deimhin réimeas mionlaigh a bhunú a bheadh i dtuilleamaí ar theachtaí neamhspleácha ná dul i gcomhrialtas le Sinn Féin. Ach dá dtiocfadh an crú ar an tairne, b’fhearr leo cleamhnas a dhéanamh le Sinn Féin ná le Fine Gael.
Tá cuma na measúlachta de dhíth ar Shinn Féin um an dtaca seo. In ainneoin dul chun cinn suntasach a bheith déanta acu le dornán blianta anuas agus 23 Teachta Dála tofa acu, beidh siad faoi scáil an ghunnadóra agus scamall amhrais orthu i dtólamh go dtí go gcaithfidh siad tréimhse i gcumhacht.
Bheadh contúirtí áirithe ag baint leis an socrú seo don dá pháirtí, áfach. Rinne Sinn Féin dul chun cinn le linn réimeas na triarachta agus iad ag cur go tréan in éadan na mbeartas déine. Bhraithfeadh go leor dá lucht leanta mar sin go mbeadh feall déanta orthu dá rachadh Sinn Féin i bpáirt leis an pháirtí a ba chúis cuid mhaith leis an ghéarchéim airgeadais. Bheadh an baol ann fosta go slogfaí iad, mar a tharlaíonn de ghnáth don pháirtí is lú a bhíonn i gcomhrialtas.
Tá leisce ar Mhicheál Martin aon ghnó a dhéanamh leo i láthair na huaire ach má tá sé ag iarraidh a bheith ina Thaoiseach ar rialtas seasmhach fadtréimhseach seans nach mbeidh an dara suí sa bhuaile aige ach a chuid prionsabal ‘doghéillte’ a chaitheamh i dtraipisí. B’fhéidir go dtiocfadh athrú poirt ar an Máirtíneach dá gceapfadh sé gurb é an rogha seo an deis is mó atá aige a bheith ina Thaoiseach.
Corrlach: 11/2
FG/ LO/ Comhaontas Glas/ Na Daonlathaigh Shóisialta:
Is dócha gurb é seo an seans is fearr le haghaidh Rialtas Bogha Ceatha i ngeall gur páirtithe iad uilig atá sásta dul i mbun comhréitithe le faoiseamh a aimsiú. Is í an fhadhb is mó a bhaineann leis an chomhcheangal seo ná gur dócha gur ag baint suíochán óna chéile a bheas na páirtithe seo sa chéad olltoghchán eile. Nuair a bhuaigh Comhaontas Glas suíochán i mBaile Átha Cliath/Ráth an Dúin in 2016, mar shampla, ba é Fine Gael (agus Alan Shatter) a bhí thíos leis. Drochsheans mar sin go mbeidh ceithre scór suíochán ag na páirtithe seo.
Corrlach: 16/1
Fianna Fáil:
Meastar go coitianta go mbaineann an tréimhse ina mbíodh móramh ag páirtí amháin leis an ré atá caite. Níor tharla a leithéid d’Fhianna Fáil ó bhí 1977 ann. Ó tharla nár éirigh leo a leithéid a bhaint amach nuair a bhíodh 166 sa Dáil, agus ag cur san áireamh go bhfuil dáilcheantair áirithe sa tír nach bhfuil ionadaíocht ag Fianna Fáil iontu, is doiligh a shamhlú go dtarlóidh a leithéid arís sa ghearrthréimhse.
Corrlach: 18/1
Fine Gael:
De bharr go bhfuil Fine Gael in situ faoi láthair tá sé geall a bheith dodhéanta acu oiread sin tacaíochta a fháil a chuirfeadh ar ais i gcumhacht iad le móramh glan. Bhí an páirtí dóchasach go mbainfidís an sprioc sin amach in olltoghchán na bliana 2011, an seans is fearr riamh acu, b’fhéidir. Theip orthu agus ní éireoidh leo an chéad gheábh eile ach an oiread.
Corrlach: 80/1
SF/ LO/ DS/ Solidarity/ Daoine Roimh Bhrabach/ CG:
Meascán mearaí ceart a bheadh i gcomhghuaillíocht de chuid na heite clé. Níl aon amhras ach go bhfuil líon na neamhspleách agus na dTeachtaí a bhaineann leis an eite chlé ag dul i méadaíocht le dornán blianta anuas. Chuir an ghéarchéim airgeadais agus na beartais dhéine a cuireadh i bhfeidhm mar thoradh air, go mór lena dtacaíocht. In ainneoin an dul chun cinn a rinne páirtí Jeremy Corbyn sa Bhreatain, tá formhór na hEorpa ag bogadh i dtreo na heite deise agus beidh le feiceáil an leanfaidh Éire ag dul a bealach féin feasta agus téarnamh geilleagrach faoi lán seoil anois. Is cinnte go rachaidh sé dian ar na páirtithe seo leathchéad nó trí scór suíochán a shárú eatarthu, rud atá i bhfad faoi bhun an líon atá riachtanach. Drochsheans ar chuma ar bith go bhféadfadh siad uilig teacht ar chomhaontú.
Corrlach: 66/1