An Baile Beag Seo Againne …

An Baile Beag Seo Againne …

Le Franz Kafka (aistrithe ag Dáithí Ó Muirí)

Ní ar an teorainn atá an baile beag seo againne, ní hea ar chor ar bith, tá an teorainn chomh fada sin gur féidir nach raibh aon duine ón mbaile beag seo riamh ann, tá ardchríocha sceirdiúla le gabháil tríd, críocha leathana torthúla freisin. Chuirfeadh sé tuirse ort gan ach cuid den bhealach a shamhlú agus níos mó ná cuid ní féidir a shamhlú ar chor ar bith. Agus tá bailte móra ar an mbealach freisin, i bhfad níos mó ná an baile beag seo againne. Deich gcinn de na bailte beaga seo leagtha in aice le chéile agus deich gcinn eile acu brúite anuas orthu sin, ní dhéanfadh sé ceann de na dlúthbhailte ollmhóra sin. Mura ngabhfá amú ar an mbealach go dtí an teorainn, is cinnte go ngabhfá amú sna bailte agus tá siad chomh mór sin nach féidir iad a sheachaint.

Ach, go deimhin, más fada é go dtí an teorainn, is faide fós, más féidir na faid seo a chur i gcomparáid ar chor ar bith — tá sé ar nós a rá go bhfuil fear trí chéad bliain d’aois níos sine ná fear dhá chéad bliain d’aois — ach is faide go mór fós é ón mbaile beag seo againne go dtí an príomhbhaile. Anois is arís tagann scéalta chugainn ó chogaí na teorann, ach ón bpríomhbhaile is ar éigean a thagann eolas ar bith chugainn, gnáthmhuintir an bhaile atá i gceist agam, mar maidir le státseirbhísigh an rialtais tá nasc an-mhaith acu leis an bpríomhbhaile; taobh istigh de dhá, de thrí mhí is féidir leo scéal a fháil uaidh, nó, ar a laghad, sin mar a deir siad.

Anois, is díol suntais é agus is rud é a mbím de shíor ag déanamh iontais de, go nglacann muid go deas ciúin sa bhaile beag seo leis na horduithe ón bpríomhbhaile. Leis na céadta bliain níor chuir aon duine ón bpobal féin athrú polaitiúil i gcrích. Sa phríomhbhaile bhí na hardcheannairí ag teacht in áit a chéile, go fiú bhí sleachta ríoga ag imeacht den saol nó á gcur as réim agus tús á chur le cinn nua, sna céadta bliain atá caite go fiú scriosadh an príomhbhaile féin, bunaíodh ceann nua i bhfad uaidh, níos deireanaí arís scriosadh an ceann sin agus atógadh an seancheann, ach, i ndáiríre, ní raibh aon tionchar aige sin ar an mbaile beag seo againne. Bhí ár státseirbhísigh ina bpoist i gcónaí, na státseirbhísigh ab airde ag teacht chugainn ón bpríomhbhaile, na meán-státseirbhísigh ó bhaile eile ar a laghad, na cinn ab ísle ónár muintir féin agus sin mar a bhí agus bhí muid sásta go leor leis mar sin. Is é an státseirbhíseach is airde an príomhbhailitheoir cánach, tá céim coirnéal aige agus sin a thugtar air. Seanfhear atá ann san am i láthair, ach is cuimhin liom é le blianta anois, mar bhí sé ina choirnéal agus mé i mo ghasúr, rinne sé dul chun cinn an-sciobtha sa ghairm bheatha ag an tús, ach ba chosúil gur tháinig deireadh leis sin, ba leor a chéim don bhaile beag seo againne, céim níos airde ní fhéadfadh muid glacadh leis sa bhaile seo ar chor ar bith. Nuair a shílim é a thabhairt chun cuimhne is ina shuí ar vearanda a thí ar Phlás an Mhargaidh a fheicim é, claonta siar sa suíochán, píopa ina bhéal. Ar an díon os a chionn tá bratach na ríochta ar foluain, ar thaobhanna an vearanda — é chomh mór sin go mbíonn cleachtaí beaga míleata ar siúl ann amanna — tá éadaí nite crochta amach le triomú. Thart timpeall air, gléasta in éadaí áille síoda, tá a gharchlann ag spraoi, níl cead acu dul síos go dtí Plás an Mhargaidh, níl na gasúir eile inchurtha leo, ach meallann an Plás iad agus, ar a laghad, sánn siad a gcloigne trí philéir an vearanda agus nuair a bhíonn na gasúir thíos ag achrann, is ag achrann leo a bhíonn siadsan thuas freisin.

Is é an coirnéal seo, mar sin, atá i gceannas ar an mbaile. Ní chreidim gur thaispeáin sé cáipéis d’aon duine a thugann an t-údarás sin dó. Is dóigh nach bhfuil a leithéid de cháipéis aige. B’fhéidir gur fíor gurb é an príomhbhailitheoir cánach é, ach ab in é uile é? An dtugann sé sin an t-údarás dó bheith i gceannas ar gach gné den riarachán? Is cinnte go bhfuil a phost an-tábhachtach don stát, ach don phobal ní hé an rud is tábhachtaí é. Is beag nach sílfeá gurbh éard a dúirt na daoine: ‘Tá gach a raibh againn tógtha agat, anois tóg muide féin freisin, le do thoil’. Ach is cinnte nár ghabh sé an ceannas ar aon bhealach agus ní tíoránach é ach oiread. Sin mar a d’fhorbair cúrsaí ón tseanaimsir, gurb é an chéad státseirbhíseach an príomhbhailitheoir cánach agus géilleann an coirnéal don traidisiún seo mar a ghéilleann muide.

Ansin chrom sé go híseal agus d’fhan cromtha, díreach mar a rinne gach duine

Ach, cé go maireann sé inár measc gan an oiread sin difir ó thaobh galántachta de, tá sé go hiomlán éagsúil ón ngnáthphobal. Má thagann toscaireacht os a chomhair le hiarratas, is cosúil le Balla an Domhain é. Níl aon rud eile taobh thiar de, meastar go bhfuil glórtha le cloisteáil go soiléir ag cogarnaíl níos faide ar a chúl, ach is cosúil nach bhfuil ann ach iomrall, ciallaíonn seisean Críoch na Cruinne, dúinne, ar a laghad. Níor mhór é a fheiceáil ag a leithéid d’ócáid. Bhí mé ann mar ghasúr uair amháin, tráth a raibh toscaireacht ón bpobal ag iarraidh air tacaíocht rialtais a fháil, mar gur dódh go talamh an ceantar ba bhoichte den bhaile. Páirteach sa toscaireacht bhí m’athair, an gabha, duine a bhfuil meas air sa phobal, agus thug sé mise in éindí leis. Ní rud neamhghnách é sin, bíonn plód mór daoine ag a leithéid d’fheic, ar éigean a d’aithneofaí an toscaireacht féin thar an slua; de bharr gur ar an vearanda a bhíonn a léithéid d’ócáid ar siúl de ghnáth, bíonn daoine freisin ag dreapadh suas ar dhréimirí ó Phlás an Mhargaidh chun páirt a ghlacadh sna cúrsaí thuas thar bhalastráid an vearanda. Ba é an leagan amach an tráth úd go raibh thart ar cheathrú den vearanda tugtha dósan, agus gur líon an slua an chuid eile. Bhí roinnt saighdiúirí ag faire ar gach rud, iad ina seasamh i leathchiorcal timpeall air féin freisin. Go bunúsach ba leor saighdiúir amháin agus an oiread sin faitís orainn rompu. Níl a fhios agam go cruinn cé as a dtagann na saighdiúirí seo, i bhfad ón áit seo, ar aon nós, iad uile an-chosúil lena chéile, ní theastódh aon éide mhíleata uathu, go fiú. Is daoine beaga iad, níl siad láidir ach tá siad aclaí, ach is é an ghné is suntasaí fúthu an drad láidir fiacla, an béal rólíonta leis, i ndáiríre, agus freisin cineál áirithe de splanc phreabach mhíshocair sna súile beaga cúnga. De bharr an dá rud sin is iad scanradh na ngasúr iad, ach freisin údar taitnimh dóibh, mar bíonn na gasúir i gcónaí ag iarraidh a bheith scanraithe roimh an drad fiacla agus na súile sin, agus ansin, agus iad faoi amhras, imeacht leo de rith. Is cosúil nach mbíonn scanradh seo na n-óg curtha díobh ag na daoine fásta, nó, ar a laghad, bíonn tionchar aige i gcónaí. Ar ndóigh, léiríonn sé é féin ar bhealaí eile ansin. Labhraíonn na saighdiúirí canúint nach dtuigeann muid ar chor ar bith, ar éigean is féidir leo dul i dtaithí ar ár gceannsa, dá bharr sin tá dúnárasacht éigin ag baint leo, tá drogall dul i gcaidreamh leo, rud atá ag freagairt don phearsantacht atá acu freisin, iad chomh ciúin, dáiríre agus righin, ní dhéanann siad aon drochrud ach ar dhrochbhealach is deacair iad a fhulaingt. Cuir i gcás go dtagann saighdiúir isteach i siopa, ceannaíonn sé rud beag éigin, agus fanann ansin crochta ar an gcuntar, ag éisteacht leis an gcaint, gan tada a thuiscint, is dóigh, ach an chosúlacht air gur thuig sé, focal ní deir sé féin ach é ag breathnú go daingean ar an gcainteoir, ansin arís ar an lucht éisteachta agus lámh leagtha aige ar chos na scine fada ar a chrios. Is déistineach an rud é, tagann deireadh leis an bhfonn comhrá, fágann daoine an siopa agus ní imíonn an saighdiúir féin nó go bhfágann gach duine eile. Áit a mbíonn na saighdiúirí, mar sin, bíonn an mhuintir bhríomhar seo againne ciúin. Sin mar a bhí an tráth úd freisin. Mar is gnáth ag na hócáidí sollúnta seo, bhí an coirnéal ina sheasamh suas go díreach agus a lámha sínte amach os a chomhair agus greim aige ar dhá bhata fada bambú. Is seantraidisiún é seo a chiallaíonn rud éigin ar nós: Tá seisean ina thaca don dlí agus tá an dlí ina thaca dó-san. Tá a fhios ag gach duine faoina bhfuil i ndán dóibh thuas ar an vearanda, ach gach uair tagann scanradh as an nua orthu. An tráth sin ní raibh an duine a roghnaíodh don chaint ag iarraidh tosú, ina sheasamh os comhair an choirnéil a bhí sé, ach ansin tháinig lagmhisneach air agus bhrúigh sé é féin ar ais sa slua agus é ag gabháil de leithscéalta éagsúla. Mar ab iondúil ní bhfuarthas aon duine feiliúnach a bhí réidh le labhairt —cinnte, ina measc siúd nach raibh feiliúnach chuir roinnt iad féin chun tosaigh— bhí sé ina chíor thuathail agus seoladh teachtairí amach go daoine éagsúla sa phobal ar chainteoirí aitheanta iad. Feadh an ama seo ar fad bhí an coirnéal ina sheasamh gan chorraí, ach amháin a bhrollach, ar léir é ag éirí is ag titim leis an análú. Níorbh é go raibh deacracht éigin análaithe aige, ní raibh ann ach go raibh sé ag análú go fíorshoiléir, mar a dhéanfadh frog, mar shampla, ach amháin gur mar sin a dhéanann siadsan é i gcónaí, agus gur rud neamhghnách a bhí i gceist anseo. Shleamhnaigh mé idir na daoine fásta agus bhreathnaigh air trí bhearna idir bheirt shaighdiúirí nó gur chuir duine acu as an mbealach mé le brú glúine. Idir an dá linn bhí an duine a roghnaíodh don chaint i dtosach tar éis é féin a réiteach agus, crochta suas ag beirt den phobal, bhí sé ag óráidíocht leis. Ba dhíol trua é an meangadh gáire a bhí air a fhad is a bhí sé ag gabháil don chaint thromchúiseach seo ina raibh cur síos ar thubaiste mhór, meangadh den uirísle ab ísle, agus ar theip glan air go fiú scáil bheag lag a spreagadh mar aisfhreagra in éadan an choirnéil. Faoi dheireadh chuir sé an t-iarratas i gcrích, sílim nár iarr sé ach faoiseamh cánach ar feadh bliana, agus adhmad níos saoire ó choillte an Impire freisin, b’fhéidir. Ansin chrom sé go híseal agus d’fhan cromtha, díreach mar a rinne gach duine, ach amháin an coirnéal, na saighdiúirí agus roinnt státseirbhíseach sa chúlra. Ba mhór an spórt é, mar ghasúr, na daoine ar na dréimirí ag imeall an vearanda a fheiceáil agus iad ag dreapadh síos cúpla céim le nach bhfeicfí iad sa sos cinniúnach seo, ach ansin, le teann fiosrachta, iad ag gliúcaíocht aníos ó am go chéile thar urlár an vearanda. Mhair sé sin tamall, ansin shiúil státseirbhíseach suas go dtí an coirnéal, fear beag a d’iarr seasamh ar a bharraicíní chun é féin a ardú go dtí é, an coirnéal fós gan chorraí, ach amháin an t-análú trom, ansin ghlac an státseirbhíseach rud éigin uaidh de chogar ina chluas, bhuail a bhosa le chéile, rud a thug ar gach duine éirí, agus d’fhógair sé: ‘Diúltaítear an t-iarratas. Amach libh.’ Ní bréag a rá go raibh faoiseamh le mothú ag dul tríd an slua, bhrúigh gach duine amach, ar éigean a thug aon duine suntas don choirnéal agus é ina dhuine arís cosúil linn uile, ní fhaca mise ach gur traochta i ndáiríre a bhí sé, scaoil sé uaidh na bataí agus thit siad, chaith sé é féin síos i gcathaoir uilleann a tharraing státseirbhíseach isteach agus gan mhoill sháigh sé an píopa ina bhéal.

Níl an eachtra ar fad seo eisceachtúil, mar sin a bhíonn sé de ghnáth. Ar ndóigh, tarlaíonn sé anois is arís go nglactar le hiarratais bheaga, ach is cosúil go ndéanann an coirnéal é seo ar a fhreagracht féin mar dhuine príobháideach cumhachtach, go cinnte ní mór é a cheilt — ní go hoscailte, ar ndóigh, ach mar a bheadh comhaontú ciúin ann — ón rialtas. Go deimhin, sa bhaile beag seo againne is iad súile an choirnéil, a fhad is atá muid in ann a dhéanamh amach, súile an rialtais freisin, ach sa chás seo tá idirdhealú déanta, rud nach bhfuil le tuiscint go hiomlán.

Ach i gcúrsaí tábhachtacha is féidir leis an bpobal bheith i gcónaí cinnte gur diúltú a bheas ann. Agus rud eile atá aisteach, go deimhin, ach d’fhéadfaí a rá nach féidir maireachtáil gan an diúltú seo, agus dá bharr sin ní seó gan bhrí é an dul ann agus an glacadh leis an diúltú. Gach uile uair is le stuaim agus dáiríreacht a théann na daoine ann agus ansin fágann siad, gan a bheith neartaithe ná sásta ná aon rud mar sin, ach, ag an am céanna, gan aon díomá ná tuirse orthu.

Ach, a fhad is atá feicthe agamsa, tá aicme d’aois áirithe ann nach bhfuil sásta, daoine óga iad den chuid is mó, idir seacht mbliana déag agus fiche. Ógánaigh, mar sin, dream nach féidir leo impleachtaí a gcuid smaointe a mheas ar chor ar bith, go fiú na smaointe ab fhánaí gan trácht ar smaointe réabhlóideacha. Agus is go díreach ina measc sin a shleamhnaíonn an mhíshástacht isteach.

Aistrithe ón nGearmáinis ag Daithí Ó Muirí. Foinse na Scéalta: Franz Kafka: ‘Eine alltägliche Verwirrung,’ ‘Unser Städtchen liegt…’ Die Erzählungen, Originalfassung, [Fischer Tachenbuch Verlag]

Is scríbhneoir é Dáithí Ó Muirí