‘Saol trí Ghaeilge atá uainn …’ 

Seaghan Mac an tSionnaigh
‘Saol trí Ghaeilge atá uainn …’ 

Déanann Seaghan Mac an tSionnaigh scagadh ar na gníomhartha sochtheangeolaíocha atá ar bun ag gníomhaithe óga Gaelacha le tamall

Tá Éire le tamall ar an tír is mó a mbaineann teannas teangeolaíoch léi, agus argóintí anglalárnacha ó staraithe an athbhreithnithe agus ó iriseoirí gáifeacha ag déanamh beag is fiú de phobal mionteanga a bhfuil a chearta go fóill faoi chosaint bhunreacht na Poblachta. Níl oiread is bliain ann ó thug an tUachtarán féin cosaint do stádas na teanga go poiblí nuair a thréaslaigh sé le Duolingo an obair a bhí déanta acu ó thaobh 2.3 milliún foghlaimeoir ó gach cearn den domhan a chur ar bhóthar na Gaeilge. Thug an tUachtarán Ó hUigínn le fios ar an ócáid sin i mí na Samhna 2016 gurbh ann do dhaoine a déarfadh leat go mbaineann buntáiste anois le bheith aonteangach sa Bhéarla. Ba é cáineadh tromchúiseach an uachtaráin ar dhearcadh mar é ná go mbeadh a leithéid bunoscionn le luachanna na sochaí daonlathaí.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Seaghan Mac an tSionnaigh

Is scríbhneoir, ceoltóir, agus aistritheoir é Seaghan Mac an tSionnaigh. Is i gCill Chainnigh a saolaíodh é, agus tá sealanna caite aige i gCeanada, sna Stáit Aontaithe, agus sa tSualainn, ach is sa Bhruiséil a mhaireann sé anois. Idir fhilíocht, iriseoireacht, agus acadúlacht a thagann óna pheann, agus tá foilsithe as Béarla, as Fraincis agus as Gaeilge go dtí seo aige.