Cúig dhúshlán a bheas le sárú ag an Rialtas in 2018
Amharcann Breandán Delap ar chuid de na dúshláin a d’fhéadfadh tuisle a bhaint as an Rialtas i mbliana
'Muinín agus Soláthar'…
Deir an Rialtas nach dócha go ndéanfar athnuachan ar an socrú ‘Muinín agus Soláthar’, atá déanta le Fianna Fáil chun an rialtas mionlaigh seo a choinneáil i gcumhacht, roimh an chéad bhuiséad eile. Ach is dócha gurb í an cheist is práinní ná an ndéanfar socrú eile ar chor ar bith?
Ar ndóigh d'fhóirfeadh sé don rialtas agus do na hairí neamhspleácha síneadh a chur leis an socrú, ach cén buntáiste a bheadh ina leithéid d'Fhianna Fáil? Má éiríonn go maith leis an gheilleagar tabharfar an moladh uilig d’Fhine Gael ach má imíonn rudaí in olcas cuirfear an locht ar Fhianna Fáil as tacaíocht a thabhairt dóibh.
Mura dtiteann an rialtas roimh bhuiséad an fhómhair beidh sé le maíomh ag Fianna Fáil gur páirtí freagrach iad, atá sásta leas na tíre a dhéanamh in am an ghátair agus gur féidir le pobal na hÉireann iad a thrust i mbun an sparáin arís tar éis an phrácáis a rinne siad sna blianta roimh an ghéarchéim airgeadais. Ach chuirfeadh socrú úr ceangal na gcúig gcaol orthu. B'fhusa i bhfad don pháirtí a mhaíomh nach bhfuil siad sásta leis an easpa dul chun cinn atá déanta ó thaobh na géarchéime tithíochta agus gur mian leo an fód a sheasamh ar bhonn prionsabail.
Anuas air sin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil biseach ag teacht ar an gheilleagar agus go mbeidh an rialtas ábalta soláthar níos cineálta a chur ar fáil sna buiséid amach romhainn. Beifear ag súil le neart féiríní, a thuilleadh faoisimh agus go deimhin leathnú ar na bandaí cánach. Cad is fiú d'Fhianna Fáil a mbeannacht a thabhairt do bhuiséid a thabharfadh buntáiste nach beag don Rialtas sa chéad olltoghchán eile?
Mar sin de, drochsheans go gcuirfear síneadh leis an chomhaontú 'Muinín agus Soláthar’. É sin ráite, bheadh sé thar a bheith doiligh d’Fhianna Fáil an cnaipe a mhúchadh dá dtarlódh sé go raibh na cainteanna ar an Bhreatimeacht ag staid thar a bheith leochaileach. Bheadh an pobal anuas ar an pháirtí dá dtarlódh a leithéid agus is dócha go mbeadh orthu tacaíocht theoranta agus choinníollach a thabhairt don Rialtas mionlaigh go dtí go mbeadh bailchríoch curtha leis na cainteanna.
Baol don Rialtas: Rabhadh stádas dearg.
Mura dtiocfar ar shocrú úr le Fianna Fáil beidh cinneadh crua le déanamh ag an Taoiseach.
An dtabharfaidh sé aird ar na pobalbhreitheanna agus cuairt a thabhairt ar Pháirc an Fhionnuisce? Thiocfadh leis olltoghchán tobann a ghairm ar an bhunús go bhfuil mandáid de dhíth air chun údarás a thabhairt dó sna cainteanna ar an Bhreatimeacht. Is iomaí uair, áfach, a chuaigh a leithéid de chur chuige bealach an gharraí mar is eol do Theresa May. Ach ní hionann an dá chás mar nach raibh aon bhrú ar Phríomh-Aire na Breataine olltoghchán a ghairm anuraidh. Gan socrú úr a bheith déanta le Fianna Fáil beidh a fhios ag Leo Varadkar go dtarlóidh olltoghchán luath nó mall, dá dheoin féin nó a mhalairt. Mar sin de, nárbh fhearr i bhfad dul san fhiontar agus toghchán a ghairm as a stuaim féin ag am a d'fhóirfeadh dá pháirtí seachas a bheith ag fanacht go dtitfeadh an tua de bharr géarchéim polaitíochta ar nós chonspóid Frances Fitzgerald?
Ach fainic bheag amháin ar Leo: má chinneann Micheál D Ó hUigínn nach bhfuil fonn air tabhairt faoin dara téarma san Áras, thiocfadh go gcuirfeadh toghchán uachtaránachta borradh faoi Fhianna Fáil agus leithéidí Miriam O’Callaghan nó an Seanadóir Gaeltachta Pádraig Ó Céidigh luaite mar iarrthóirí an pháirtí.
An Ghéarchéim Tithíochta
Cé chomh holc is a chaithfeas géarchéim na tithíochta a bheith sula dtabharfar uirthi an aird atá tuillte aici?
Tá ionann is 9,000 duine gan dídean ar shráideanna na tíre faoi láthair agus an chosúlacht ar an scéal go bhfuil ag teip go hiomlán ar straitéis an Rialtais chun dul i ngleic leis. Is é an beart baothdhána is deireanaí atá luaite ag an Taoiseach ná go bhféadfaí scéim athlonnaithe deonaigh tuaithe a bhunú leis an bhrú a bhaint den ardchathair.
Tá an baol ann fosta go rachaidh táillí cíosa as compás uilig i mbliana fad is atá an stoc tithíochta ag dul i léig. Sa bhreis air sin, táthar ag tuar go dtiocfaidh ardú 20% ar phraghsanna tithe sna blianta beaga amach romhainn. Níor réitíodh ach tuairim is 280 cás faoin scéim ‘Morgáiste go Cíos’ ó cuireadh i bhfeidhm é in 2012. Scéim í seo a bunaíodh chun cuidiú a thabhairt dóibh siúd a bhfuil riaráistí troma morgáiste orthu nach dtig leo a ghlanadh. Bheifeá in amhras anois faoi cé chomh héifeachtach is atá an scéim.
Ní géarchéim í seo a bhaineann le daoine bochta amháin mar sin, agus ní léir go bhfuil tuairim faoin spéir ag an Rialtas i dtaobh fhuascailt na faidhbe.
Mar is dual do ghlúin an Snapchat agus Instagram, is beag foighne atá léirithe ag an Aire Tithíochta, Eoghan Murphy, agus ag an Taoiseach é féin, i dtaobh na heaspa dul chun cinn atá déanta. Ach an bhfuil ceachtar acu sách muiníneach agus prionsabálta chun dul in adharca na ngrúpaí éagsúla a bhfuil leas acu in úinéireacht talún? An bhfuil ceachtar acu sách láidir lena chinntiú go gcloífear lenár gcuid spriocanna i leith tithíocht shóisialta a thógáil, go háirithe agus olltoghchán ar na bacáin? In éagmais cheannaireacht dhalba pholaitíochta leanfaidh an ghéarchéim seo go ceann i bhfad eile.
Baol don Rialtas: Rabhadh stádas buí.
Is ar éigean a thitfidh an rialtas ar an cheist fhíor-thábhachtach seo ach is cinnte go mbeidh sí iontach lárnach sa chéad fheachtas olltoghchánaíochta eile. Beidh ceannaire úr i gceannas ar Shinn Féin i mí Feabhra agus bí ag súil go dtiocfaidh an páirtí sin i dtír go mór ar theip an rialtais dul i ngleic leis an ghéarchéim seo.
Reifreann ar an Ghinmhilleadh:
Tá an chéad chuid den phróiseas leis an Ochtú Leasú ar an Bhunreacht a aisghairm curtha i gcrích agus is faoin Aire Sláinte, Simon Harris, a bheas sé anois ceannteidil an bhille a fhoilsiú. Beifear ag súil lena leithéid go luath i mí Feabhra agus is cinnte go mbeidh díospóireacht theasaí i dTithe an Oireachtais faoi.
Beidh formhór na nginmhillte a bhíonn ag mná na hÉireann - i gclinicí sa Bhreatain nó le piollaí a cheannaítear ar an idirlíon - dleathach feasta má ghlactar le tuarascáil an Choiste Oireachtais ar an cheist mar threoir don bhille úr. Bainfear an tOchtú Leasú ó Bhunreacht na hÉireann agus tabharfar cead do mhná feasta ginmhilleadh a fháil suas go 12 seachtain tar éis am na giniúna. Ní bheidh aon teorann ama le ginmhilleadh i gcás nach bhfuil seans ag an leanbh maireachtáil taobh amuigh den bhroinn agus sa chás go mbeadh sláinte na máthar i mbaol.
Mhaígh Cathaoirleach an Choiste, Catherine Noone, gur aimsigh an tuarascáil seo talamh réitigh idir an dá thaobh den aighneas. Ní dheachaigh sé sách fada, dar le cuid den dream a bhí ag stocaireacht ar son ginmhilleadh a dhéanamh dleathach in Éirinn mar gur tugadh droim láimhe leis na moltaí ba radacaí a rinne Comhdháil na Saoránach. Ach is iad na heagraíochtaí atá ar son na beatha is mó a bhí in éadan thuarascáil an choiste agus go dtí seo tá brachán bocht déanta acusan dá bhfeachtas. Níl aon cheist ach go bhfuil cóir na gaoithe le lucht na haisghairme ach tá na heagrais ar son na beatha cumhachtach agus tá ciste toirtiúil acu. Táthar réidh chun catha agus bí ag súil le scoilt dhamanta idir na ceantair uirbeacha agus tuaithe agus idir an t-aos óg agus iad siúd atá amach sna blianta. Cuirfidh an Eaglais go mór in éadan na n-athruithe atá molta ach tá a n-údarás imithe i léig go mór agus seans gur mó tionchar a bheas ag na meáin chumarsáide ar an toradh.
Má éiríonn leis an rialtas an bille a chur fríd tithe an Oireachtais, ceapfar Coimisiún um Reifreann san Earrach agus bheifí ag súil go gcuirfí an cheist faoi bhráid na ndaoine i mí Bealtaine, mar atá geallta ag an Taoiseach. Níl aon bhaol go gcuirfear an reifreann siar go dtí an fómhar agus an baol ann go mbeadh tionchar ag cuairt an Phápa i mí Lúnasa ar an toradh.
Ag an bhomaite seo, bheinn den tuairim go ndéanfar an tOchtú Leasú a aisghairm, ach tá sé feicthe againn cheana go dtarlaíonn rudaí gan choinne i reifrinn, go háirithe nuair a bhíonn ábhar thar a bheith corraitheach ar nós cheist an ghinmhillte faoi chaibidil.
Baol don Rialtas: Rabhadh stádas oráiste.
Is léir go dtuigeann an Taoiseach cé chomh corrach is atá toradh an reifrinn seo agus tá drogall air seasamh láidir a ghlacadh ar aon taobh den cheist. Bheifí ag súil go mbeadh díospóireacht bhinbeach ann taobh istigh dá pháirtí féin, gan trácht ar an tír fré chéile. Ach ní móide gur baol é an reifreann seo don rialtas cionn is nach bhfuil baill den fhreasúra ar aon intinn faoi ach an oiread. Tá ceannaireacht Fhianna Fáil ag iarraidh íomhá níos liobrálaí a chothú le blianta beaga anuas, ach bheadh go leor de lucht leanta traidisiúnta an pháirtí sin glan in éadan aon chreimeadh ar dhlíthe na tíre maidir le ginmhilleadh. Níl lucht Shinn Féin ar aon fhocal faoi ach an oiread. Cad a dhéanfar le Peadar Tóibín agus le cuid de na comhairleoirí sa Tuaisceart atá i gcoinne na leasuithe atá molta? An dtig le Sinn Féin a thuilleadh dá gcuid ionadaithe tofa a chailliúint? Mar sin de, cé gur ceap tuisle é an reifreann seo don rialtas is amhlaidh an cás do pháirtithe an fhreasúra.
Cé gur dócha go mbainfidh an rialtas an cath, caithfidh siad a bheith cúramach nach gcaillfidh siad an cogadh. Beidh praghas le híoc i ndáilcheantair áirithe má bhíonn a gcuid Teachtaí Dála róchaithréimeach faoina mbua.
An Breatimeacht
Tá an Taoiseach, Leo Varadkar, ag déanamh gaisce faoin cheist seo faoi láthair. D'éirigh leis socrú maith a fháil ag an bhomaite deireanach roimh Nollaig a thug cead do na cainteanna bogadh ar aghaidh go dtí an dara céim den phróiseas a phléifidh le conas a dhéanfaidh an Bhreatain trádáil leis an Aontas Eorpach san am atá le teacht. Beidh le feiceáil an bhfuil an choimitmint a fuarthas i leith teorainn oscailte chomh 'dosháraithe' is a mhaíonn an Taoiseach. Táthar ann (David Davis, go fiú) a mheasann go bhfuil an socrú doiléir go maith agus go bhfuil éiginnteacht dlí ag baint leis.
Beidh fuinneamh Rialtas na hÉireann dírithe i mbliana ar theacht ar réiteach trádála le margadh na Breataine agus ba mhaith leis an Taoiseach go leanfaí a bheag nó a mhór leis an socrú atá ann i láthair na huaire. Ar an drochuair, is beag ball de Chomhaireacht na Breataine atá ar aon fhocal leis agus tá an baol ann go mbeifear ag iarraidh babhta idirbheartaíochta ar leith d'achan earnáil den gheilleagar. Thiocfadh dó go rachadh an chéim seo den mhargántaíocht chun fadála go mór dá bharr.
Is fada tionscal na hiascaireachta sa Bhreatain, mar shampla, ag gearán faoi rialacha an AE agus iad ag éileamh anois go mbeadh zóin eisiaimh ann do thrálaeir choimhthíocha. Tubaiste a bheadh ina leithéid de shocrú d'iascairí na tíre seo.
Mar sin de, cé go bhfuil an ghaoth i seolta an Rialtais faoi láthair, ba cheart dóibh a bheith feasach i gcónaí ar rabhadh Albert Reynolds gurb iad na mionrudaí a bhainfeas tuisle asat.
Baol don Rialtas: Rabhadh stádas oráiste.
Sárthaispeántas ón Taoiseach le tamall anuas ach is fadhb í a d’fhéadfadh teacht aniar aduaidh orthu.
Cúrsaí Gaeilge
Lán go maith atá liosta na rudaí atá curtha ar an méar fhada ag an Aire Stáit McHugh agus a sheacht sáith ábhar le tabhairt go ceann scríbe aige i mbliana. Sa ghearrthéarma caithfidh sé an córas pleanála teanga sa Ghaeltacht a chur ag feidhmiú más mian leis go mbeadh seasamh ar bith ag a Roinn i measc an phobail. Ainneoin maoiniú breise a bheith tugtha do ghrúpaí pobail éagsúla i gceantair Ghaeltachta áirithe, táthar ann a mheasann go dteipfidh go hiomlán ar an phróiseas, cheal tacaíochta agus acmhainní.
Beidh súil ghéar á coinneáil fosta ar an Bhille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus muid ag dréim le deatach bán le nach mór cúig bliana. Más mall is mithid. Chuir pobal na Gaeilge fáilte roimh na ceannteidil nua a d’fhoilsigh an t-iarAire Stáit, Seán Kyne, anuraidh. Bhíothas thar a bheith sásta ach go háirithe leis an gheallúint a bhí sna ceannteidil go mbeadh 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse ina gcainteoirí líofa Gaeilge. Ach an gcloífidh an tAire Stáit McHugh le coimitmintí a réamhtheachtaí? Beidh fiúntas ‘Bliain na Gaeilge’ ag brath ar bheartais seachas ar an bhéal bán.