‘This is bloody offensive’ - aighneas millteach idir Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Airgeadais
Amharcann Breandán Delap ar cháipéisí stáit ón mbliain 1987 a thugann éachtaint ar easaontas fíochmhar idir Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Airgeadais
Léiríonn comhaid stáit ó 30 bliain ó shin gur chlis go hiomlán nach mór ar an chaidreamh idir Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Airgeadais. Go deimhin, bhí an caidreamh agus an naimhdeas chomh holc sin go raibh feidhmeannaigh ón dá roinn ag maslú a chéile i dteanga bhinbeach nach samhlaítear go hiondúil le státseirbhísigh. Mheas feidhmeannach sinsearach amháin sa Roinn Airgeadais go raibh tagairt amháin a deineadh d’fheidhmiú na Roinne sin ‘bloody offensive’.
Meamram rúnda a sheol an Roinn Airgeadais chuig Liam Tóibín, Rúnaí Roinn na Gaeltachta, in Eanáir 1983 a chuir tús leis an chonspóid. Cuireadh i leith Roinn na Gaeltachta gur íocadh suim shubstaintiúil airgid mar fhóirdheontais chíosa le hÚdarás na Gaeltachta in ainneoin nach raibh a leithéid údaraithe ag an Roinn Airgeadais. Mheas an Roinn Airgeadais go raibh an íocaíocht seo mírialta, ar a laghad, nó mídhleathach, go fiú.
Mar fhreagra air sin, dúirt an Tóibíneach nár íoc an tÚdarás fóirdheontas cíosa le duine ar bith ach gurbh amhlaidh go raibh scéim ar bun chun go n-íocfadh gnóthaí cíos laghdaithe. Gan a leithéid, is beag buntáiste a bheadh le tairiscint chun tionscail a mhealladh go ceantar iargúlta Gaeltachta, dar leis.
Taobh amuigh den phointe sin, áfach, thapaigh Liam Tóibín an deis le liobairt a dhéanamh ar chur chuige na Roinne Airgeadais. Dúirt sé ina litir chuig Rúnaí na Roinne Airgeadais, Maurice Doyle, go raibh an oiread sin fadhbanna sna Ranna Stáit le tamall anuas gur cheart go mbeidís ag comhoibriú lena chéile chun iad a réiteach: ‘Is oth liom a rá, áfach, gur ró-annamh a bhíonn comhoibriú dá laghad le fáil ó do Roinnse ag an Roinn seo,’
a dúirt sé.
Chuir an Tóibíneach an milleán ar easpa cainteoirí Gaeilge sa Roinn Airgeadais:
Ceann de na cúiseanna leis an droch-chaidreamh, b’fhéidir, ná easpa Gaeilge ag oifigigh a bhíonn ag plé linn. Daoine a mbíonn líofacht acu sa teanga sin d’fhéadfaí bheith ag súil go dtuigfidís fadhbanna na Gaeilge agus na Gaeltachta go héasca. Ar ndóigh, bíonn daoine ann ar fearr leo deacrachtaí a chothú ná fadhbanna a thuiscint. Is minic a ritheann sé linne nuair a bhíonn pointe bunúsach éigin mínithe arís agus arís eile sa dá theanga ach mar sin féin leanann an mhíthuiscint chéanna ar aghaidh.
Is cosúil go raibh cruinniú idir an tAire Airgeadais agus Aire na Gaeltachta agus oifigigh ón dá roinn faoi na meastúcháin seachtain roimhe sin agus gur ‘chúis díomá’ é go mb’éigean iompú ar an Bhéarla agus nárbh ar cheachtar Aire a bhí an locht. Cainteoirí Gaeilge líofa a bhí in Aire Airgeadais an ama, Alan Dukes, agus in Aire na Gaeltachta, Paddy O’Toole. ‘Níl uainn ach cothrom na Féinne,’ a mhaígh an tUasal Tóibín.
Mhol sé don Rúnaí ‘caoi a chur’ ar
a Roinn:
Is é atá á éileamh agam ná go bhfuil sé ag dul dúinne go ndéanfaí iarracht mhacánta chun na fadhbanna a bhíonn ag an Roinn seo, ag Údarás na Gaeltachta agus ag Bord na Gaeilge a thuiscint agus chun moltaí a chuirimid ar aghaidh a bhreithniú go tuisceanach agus go tapaidh.
Mar fhocal scoir dúirt an Tóibíneach ‘níor mhiste liom sibhse a chosaint uaibh féin!’. Mheas feidhmeannach sinsearach amháin sa Roinn Airgeadais gur mhasla mór ab ea é sin agus bhreac sé nóta ar imeall na cáipéise ina leith. ‘This is bloody offensive,’ a scríobh sé.
Mhol Rúnaí na Roinne Airgeadais
go scríobhfaí ar ais chuig an Tóibíneach i mBéarla:
It could make mollifying noises if we feel that they are warranted but it could also point out that co-operation is a two way business and that we have found it difficult at times to get full facts from the Roinn.
Moladh go gcuirfí liosta le chéile de na hócáidí nuair a chuir Roinn na Gaeltachta ar strae iad. Moladh fosta go mbainfí úsáid as ‘appropriate diplomatic but firm tones’.
Measadh go raibh oiread tábhachta ag baint le hionsaí an Tóibínigh gur ullmhaíodh meamram sa Roinn Airgeadais dár teideal ‘Relations between this Department and Roinn na Gaeltachta’.
Sa mheamram úd dúradh gur fíor go raibh droch-chaidreamh idir an dá Roinn ach gurbh é an chúis ba mhó leis sin ná gur chuir Roinn na Gaeltachta ar mhíthreoir iad ar ócáidí. Dúradh gur beag comhoibriú a fuair siad uathu agus nach ndearna siad measúnú ceart ar na hiarratais a tháinig chucu ón Údarás. Dúradh fosta nár cuireadh ar an eolas iad maidir le nithe a bhí ag tarlú sa Roinn ná san Údarás.
Mr Tobin is a dedicated fighter for the Irish language and is not a conciliatory type. He is not inclined to accept compromises. He usually wants his ideas accepted in their entirety and will continue fighting to achieve this.
Glacadh leis, áfach, go mbeadh sé ina chuidiú dá mbeadh feidhmeannaigh na Roinne Airgeadais ábalta Gaeilge a labhairt siocair gur i nGaeilge a bhí achan chumarsáid le Roinn na Gaeltachta agus go mbíonn go leor aistriúcháin ar bun dá bharr. Glacadh leis fosta go raibh Roinn na Gaeltachta i dteideal seirbhís a fháil trí Ghaeilge ach in am práinne go scríobhtaí chucu i mBéarla. Glacadh leis freisin gur de bharr easpa inniúlachta duine d’fheidhmeannaigh na Roinne Airgeadais a labhraíodh i mBéarla ag an chruinniú a luaigh an Tóibíneach idir an bheirt Airí.
I meamram eile faoin ábhar, dúirt feidhmeannach sa Roinn Airgeadais go mbíonn Roinn na Gaeltachta ag súil i gcónaí go nglacfaí lena gcuid moltaí ainneoin an ghéarchéim airgeadais a bhí ann i lár na n-ochtóidí: ‘the approach by the Roinn on the other hand is generally unhelpful with a fair amount of general moaning and few specific facts’.
Cuireadh an tAire Airgeadais, Alan Dukes, ar an eolas faoin aighneas idir an dá Roinn.
Thug Maurice Doyle freagra cuimsitheach agus binbeach i mBéarla ar Liam Tóibín ar an 25 Feabhra:
No doubt I should feel suitably apologetic for my lack of facility in Irish...but it is a defect I share with 95% of the population, and I comfort myself with that.
Dúirt Doyle gur chúis ‘aiféaltais’ é gur bhraith Tóibín go raibh air tabhairt faoi sa bhealach sin, agus thug fear na Roinne Airgeadais míniú ar an chúis gur i mBéarla a bhí an comhrá faoi na meastacháin in ainneoin go raibh an bheirt Airí sásta labhairt lena chéile
i nGaeilge:
Shéan an Dúilleach gur cúrsaí teanga ba chúis leis an droch-chaidreamh idir an dá Roinn. Dúirt sé go raibh sé fíordheacair eolas cruinn a fháil ó Roinn na Gaeltachta agus nach raibh meastachán ceart ar bun acu ar thograí de chuid Údarás na Gaeltachta. Thar aon ní eile, áfach, bhí sé ag iarraidh a chur ina luí ar an Uasal Tóibín go raibh Roinn na Gaeltachta chomh cráite sin faoi fhadhbanna an mhionlaigh nár thuig siad mórfhadhbanna na tíre:
The day will doubtless return when a Government can state, as a former Taoiseach did, that the priority national aim is the restoration of the Irish language. In the meantime, we have the small matter of a £900 million current budget deficit.. and a borrowing requirement of £1700 million...to cope with.I consider it pointless to continue this correspondence, notwithstanding the offensive nature of Mr. Tóibín’s remarks. Perhaps his recent accident may be militating against his sense of balance
Ní mó ná sásta a bhí an Tóibíneach gur i mBéarla a tugadh freagra ar a ghearán agus scríobh sé ar ais chuig an Dúilleach i nGaeilge: ‘…níor mhiste duit píosa a léamh sa teanga náisiúnta agus sa phríomhtheanga oifigiúil anois is arís’.
Ghabh sé buíochas le Doyle as an ‘léacht bhreá’ a thug sé dó faoi chúrsaí airgeadais.
Dá mbeadh fonn orm a bheith searbhasach is dócha go bhféadfainn a rá gurb é an príomhghnó atá agaibhse ná airgead a chur ar fáil lena chaitheamh ag Ranna eile agus nach bhfuil ag éirí ró-mhaith libh!
Dúirt Tóibín gur thuig sé an tábhacht a bhain leis an Roinn Airgeadais ach nach ionann sin le rá ‘go bhfuil sibh i gceannas ar an Rialtas’. Chuir sé i leith na Roinne fosta go raibh siad siléigeach i mbun gnó. Dúirt sé mar shampla go rabhthas ag fanacht le fada le beannacht na Roinne Airgeadais do scéim cúnaimh airgid a bhí beartaithe ag an Údarás ar bhonn práinne. ‘An aon ionadh é go mbeadh comhaltaí tofa an Údaráis ag bagairt picéad a chur taobh amuigh de bhur Roinn?’ a d’fhiafraigh sé.
Bhí sé ina choimhlint dhearg ina dhiaidh sin. Mhol feidhmeannaigh éagsúla sa Roinn Airgeadais do Mhaurice Doyle gan aon fhreagra a thabhairt ar líomhaintí Tóibín. I meamram amháin dúradh:
I consider it pointless to continue this correspondence, notwithstanding the offensive nature of Mr. Toibín’s remarks. Perhaps his recent accident may be militating against his sense of balance.Tagairt ab ea e seo do thimpiste bhóthair inar gortaíodh Liam Tóibín agus inar maraíodh fear óg. Bhí an Tóibíneach ar mhaidí croise le linn tréimhse an chomhfhreagrais.
I ndeireadh ama, moladh ‘go drogallach’ don Dúilleach freagra ‘non-polemical’ a thabhairt air in iarracht deireadh a chur leis an chomhfhreagras. In Aibreán 1983, scríobh Maurice Doyle chuig Rúnaí Roinn na Gaeltachta ag meabhrú dó go gcaithfeadh caiteachas na Roinne a bheith bunaithe ar dhrochstaid an státchiste. Nuair a bheadh an tuiscint sin idir an dá Roinn, dar leis an Dúilleach, réiteofaí na deacrachtaí eatarthu.
Níor leanadh leis an chomhfhreagras ina dhiaidh sin.