NORTH BEACH SAN  FRANCISCO

Aogán Ó Muircheartaigh

(Athleagan ar dhán Eastóinise le Kristiina Ehin, le cabhair ó Ilmar Lehtpere)

Siúlaim le m’fhear céile thar tigh striapachais

is féachann na striapacha cumtha griandaite

len é a mhealladh is a bhfabhraí bréige ag rince chuige

Hey sweety téanam tamaillín!

Agus stadann mo chéile mion-súileach chun dearcadh thar ghualainn

Tá éagantacht ina mhiongháire

is brí bhreise ina chéimeanna siúil

Isteach linn cruinn díreach sa phíotsairia béal dorais

agus labhrann m’fhear go bladrach le cailíní uile na bpíotsaí

léi sin atá ag freastal

léi sin eile atá ag tógaint an phíotsa as an oigheann

agus léi sin arís nach bhfuil cúram uirthi ach í ansúd ina seasamh

Taithí acu ní foláir ar a leithéid

agus na spéirmhná griandaite sin go léir ag faoileáil thart amuigh

go mbíonn fireannacht éigin ar leith

i ngach aon fhear a chuireann cos thar leac an dorais chucu isteach

Deineann na cailíní miongháire go támáilte

agus luíonn a súile ar an gcáis atá ag úscadh as ár bpíotsaí

Cé go bhfuil na scríobairí spéire sínte chun na gealaí

agus crainn aonair go humhal i mbraighdeanas a bhfaichí cathrach

braithimse de gheit go bhfuilim cuachta faoi bhrat cumhdaigh an bhun-nádúir

Braithimse mar shiotalach de ghearrchaile ó bhaile beag san Eastóin

a d’ardódh Tarzan leis go croílár na dufaire

Lem shúile gamhna feicim dlíthe an nádúir os mo chomhair amach

Tá Putin feicthe i dtaibhreamh agamsa fiú

ar chuma formhór na mban ar m’aithne

Tré chogaí is trí éirleach

tré rian fola cumhachta iasachta

tháinig sé chugam le linn fleá tréis chruinniú mullaigh —

tinteanna bána an bhuifé

aimsir dhraíochtúil earraigh

fíon is ceo

bhí sméaróidí tine in áit éigin …

Mise agus tusa

ar sé i gcogar

táimid chomh haonarach

is chomh hiomráiteach

nach dtuigeann éinne i gceart sinn

D’fhéadfaimis bheith inár dtaca dona chéile ar aon chuma

D’fhéach sé orm mar a dhéanfadh ar dhuine a bhí geallta dó

mar a dhéanfadh ar Cinderella

a mbeadh a lámh leagtha ag an bprionsa ar a glúin

Shleamhnaigh sé faoim chomhair trén deatach

tré neamhurchóid agus éirleach

tré rian fola cumhachta iasachta

Agus thuigeas a luaithe dhiúltóinn dó

go dtiocfadh na crotanna dorcha leathanghuailleacha im leith

ón dteorainn idir gile na tine agus doircheacht na foraoise

is go dtarraingeoidís mé faoi dhéin na gcoillte duairce dubha

Thuigeas go gcaithfinn tuisliú fan na teorann éiginnte idir toiliú is diúltú

ar chuma na hEorpa go léir

ar chuma an domhain go léir

Tré eagla is éirleach

tré rian fola cumachta iasachta

tá Putin feicthe agam i dtaibhreamh