Taibhreamh na súl oscailte ...
D’éirigh le Robin Flower agus scoláirí eile, trí bhíthin an chairdis agus an chomhair, teacht ar an leagan ab fhírinní díobh féin mar dhaoine ar an mBlascaod, a scríobhann Kevin Hickey
Nuair a cuireadh tús leis an Dara Cogadh Domhanda, b’éigean lámhscríbhinní Gaeilge Mhúsaem na Breataine a aistriú go dtí Aberystwyth sa Bhreatain Bheag. Ar Robin Flower a thit sé catalógú a dhéanamh ar na lámhscríbhinní sin, agus ba bheag a cheap an scoláire breá seo ag an am go bhféadfadh sé an dá thrá a fhreastal agus leanúint leis ina léachtóir oinigh sa Choláiste Ollscoile, Londain (UCL).
Bhí breall air, áfach, óir ba san áit cheannann chéanna – Aberystwyth – a athlonnaíodh an Ollscoil sin ag an am. In uimhir 12, South Marine Terrace, a chuir ‘Bláithín’ faoi, teach a bhí ar aghaidh na farraige agus a raibh radharc uaidh ar chríocha na hÉireann.
Is cosúil go bhfuil leagan sa Bhreatnais ar thaibhreamh na súl oscailte, a chiallaíonn go bhfuil ‘Éire á feiceáil’ nó á samhlú ag duine. Is maith a d’fheil an leagan sin do mheon scoláire scéalaíochta a raibh sé de theist air dul ar seachrán ó am go chéile agus a bhí anois ag breathnú amach ar thír dhúchais a mhuintire óna theach féin.
Ba é seo an dara cogadh á bhí á fheiscint aige. Tar éis dó glacadh lena phost sa Mhúsaem agus teacht i gcomharbacht ar Standish Hayes O’Grady roinnt blianta roimh an gCéad Chogadh Domhanda, cuireadh anall go dtí Carl Marstrander i mBaile Átha Cliath é, i 1910, lena chur faoi oiliúint.
Bhí tréimhse tugtha ag Marstrander féin ar an mBlascaod tamall roimhe sin, agus ba é a mhol do Bhláithín cuairt a thabhairt ar an Oileán chun Gaelainn na háite a fhoghlaim agus tuiscint cheart a fháil ar cheann de chanúintí na Nua-Ghaeilge; téacsanna Sean-Ghaeilge agus Meán-Ghaeilge a bhí faoina stiúir sa Mhúsaem.
Dála mar a dhein na scoláirí eile a tháinig go dtí an Blascaod, bhí baint nach beag ag Bláithín leis an tine a bhí ar tí múchadh ann a adhaint agus a chaomhnú, agus le taifead a dhéanamh ar shaol na ndaoine ann sular imigh an saol sin le sruth.
Faoin am a raibh sé ina chathaoirleach ar Chomhairle Chumann na Scríbheann nGaedhilge, bhí greim maith faighte aige ar Ghaeilge iarthar na Mumhan – ón uile thréimhse – agus é ag cur comhairle ar bhaill eile an Chumainn i dtaobh cúrsaí aistriúcháin.
Duine acu sin ab ea ‘Torna’ – Tadhg Ó Donnchadha. Scríobh Bláithín litir chuige i 1922, ag míniú dó conas ba cheart dánta Gaeilge a aistriú, dar leis. Mhol sé dó gan a bheith in aimhréidh i gcomhréir an bhuntéacs go ródhlúth. Cé gur ghá a bheith dílis don Ghaeilge sa bhuntéacs, níor mhór go mbeadh an t-aistriú Béarla nádúrtha, a dúirt sé:
…a translation of both spirit and fidelity seems required to let them [baill an Chumainn] see the kind of thing the bards were aiming at.
Is féidir talamh slán a dhéanamh de go raibh cuid den chur chuige céanna i gceist aige féin nuair a chuir sé Béarla ar An tOileánach agus, ina dhiaidh sin, ar a leabhar féin, Seanchas ón Oileán Tiar. Anuas ar an obair a dhein sé le Maidhc File agus Peig Sayers, d’fhág na haistriúcháin Bhéarla seo go mbeadh aird an domhain ar an Oileán sara i bhfad.
Éacht ann féin é gur éirigh le Flower na saothair seo i chur i gcrích, óir ba mhinic tograí dá chuid á gcur go leataobh, ní díreach de bharr go ndeachaigh sé dian air díriú ar aon cheann amháin díobh sa turas, ach de bharr é a bheith breoite chomh maith.
Go deimhin, b’éigean an saothar filíochta ar chuir sé comhairle ar Thorna ina thaobh a chur ar fionraí faoi Mhárta na bliana 1926. Bhí Torna sásta roimhe sin go dtabharfadh Bláithín faoi na dánta a aistriú agus go luafaí a ainmsean leis an saothar, chomh maith lena ainm féin. Is baolach, áfach, nuair a thóg Bláithín an obair aistriúcháin sin ar láimh, go raibh sé ag tarraingt ualach rómhór air féin, agus chuile sheans gurbh in cúis eile nár chríochnaigh sé gach togra dár thug sé faoi.
Má d’oscail sé doirse gan iad a dhúnadh, áfach, tá slí isteach déanta aige do dhaoine eile agus deis ag scoláirí na linne seo roinnt dá chuid oibre a chríochnú, mar a chríochnaigh seisean cuid d’obair Standish Hayes O’Grady, sa roth nach stadann.
Amach ón éacht a dhein sé ar son mhuintir an Bhlascaoid, is fiú a rá gurb é a bhí mar chathaoirleach ar Chomhairle Chumann na Scríbheann nGaedhilge agus a fhoclóir mór á réiteach ag an Athair Pádraig Ua Duinnín. Murach an Chomhairle chéanna, ní sheasfaí na costais don fhoclóir sin beag ná mór. Dhá mhíle cúig chéad is a caoga cóip den fhoclóir a díoladh laistigh den mhí tar éis a fhoilsithe i 1927 – agus éileamh air ó shin.
Nuair a bhí síocháin i réim an athuair, d’fhill Bláithín ar an mBlascaod, mar a d’fhilleadh go minic chaon taobh den dá chogadh. Thugadh sé a bhean, Ida Mary Streeter, agus a cheathrar clainne, leis.
Sa dán ‘After Holiday’, labhraíonn Bláithín ar an
uaigneas a thagann ar dhaoine tar éis dóibh teacht abhaile
ó laethanta saoire:
While lingering in the misty sky,
Time’s lenient wings beat slowly by,
But now no more in time may be,
The self-same shore, the self-same sea,
Or the same self in you and me.
‘Is mó mé i mise amháin’ a scríobh an Ríordánach, agus d’fhiafraigh Davitt de féin ‘An aithne Dhún Chaoineach atá anois agam orm féin?’ ar theacht abhaile dó tráth. Ba dhóigh leat go bhfuil macalla de na smaointe agus na mothúcháin sin le fáil i líne dheiridh úd Bhláithín.
Amach ón éacht a dhein Robin Flower agus na scoláirí Blascaodacha ar fad, agus dá shuimiúla dá bhfuil a scéal, b’ionann, ar shlí, an méid a bhí ag déanamh tinnis dóibh agus an méid a bhíonn ag déanamh tinnis dúinn féin; b’ionann a gcuidsean fadhbanna agus ár gcuidne fadhbanna. B’ionann a gcuidsean deacrachtaí agus ár gcuidne deacrachtaí. Aithnímid sinn fhéinig ina scéal, faoi mar a mhínigh Robert Kanigel sa leabhar gleoite On an Irish Island:
They were products of a society by now almost a century past, yet much like ours, with many of the urban, technology-bound pleasures and social pathologies we experience today; we need scant imagination to recognise their worries, problems and pre-occupations as our own, their lives like ours.
Thuigeamar agus tuigimid a gcás, agus tá spléachadh faighte ag cuid againn, b’fhéidir, ar an méid a d’fhulaing siad ina nduine is ina nduine:
One man a frustrated, bureaucratical intellectual, forever coming down sick, behind in his work, worried about his bills…A Left Bank intellectual, prone to depression. The troubled Brian Kelly, struggling with obscure psychic wounds, finally retreating to the insular little world on the Continent. And of course Thomson, who worked for much of his life against what he deemed the evils of industrial capitalism. All, in the Blaskets, had found a balm, a peace, a happiness.
Tháinig athrú as cuimse ar shaol an Bhlascaoid nuair a foilsíodh na leabhair mhóra agus nuair a aistríodh go teangacha an domhain iad. B’ionann an t-athrú sin agus deireadh a theacht leis an saol a bhíodh ann. Sa mhéid sin, is d’íoróin an tsaoil é go raibh baint éigin ag na scoláirí breátha seo leis an saol a theastaigh uathu a chaomhnú a chur de dhroim seoil – cé nárbh in aon turas é, dar ndóigh. Mar a dúirt Flower féin agus é ag caint ar an ngramafón, ‘It is strangely ironical that the instrument which does most to preserve Ireland’s folklore should be an agent of its decline’ (Kanigel).
Ina dhiaidh sin féin, saol ab ea saol an Bhlascaoid a bhí ar tí múchadh ar aon nós, agus ba cheart dúinn a bheith buíoch de na scoláirí breátha seo gur chabhraigh siad leis an saol sin a thaifeadadh do na glúnta a bhí agus atá le teacht.
Maidir leo féin mar dhaoine, d’éirigh leo a gcuid créachtaí a chneasú agus iad ar an Oileán; d’éirigh leo, trí bhíthin an chairdis agus an chomhair, teacht ar an leagan ab fhírinní agus ba dhílse díobh féin mar dhaoine. I dtéarmaí na linne seo, ‘d’aimsigh siad iad féin’, agus sonas dá bharr, sa ‘tír álainn trína chéile’ sin.
Suaimhneas síoraí dóibh go léir agus go raibh siad ar fad i dTír úd na nÓg a shantaigh siad chomh mór sin chúns a mhair siad beo.