Cathain a thiocfas lá na cinniúna?

Breandán Delap
Cathain a thiocfas lá na cinniúna?

Deineann Breandán Delap anailís ar cén seans atá ann go mbeidh olltoghchán againn go luath…

Tá na hiarrthóirí roghnaithe, tá na forógraí priontáilte agus tá na póstaeir réidh le crochadh. Níl le socrú anois ach cén dáta a ghairfear an chéad olltoghchán eile agus cén páirtí is túisce a mhúchfaidh an cnaipe ar an rialtas reatha.

Tá ceithre fhéidearthacht ann:

1. Go gcuirfidh Fianna Fáil deireadh leis an socrú ‘Muinín agus Soláthar’ atá acu leis an rialtas roimh cháinaisnéis an fhómhair. É sin nó go ndéanfaidh an páirtí cinneadh gan a theacht ar aon socrú úr ina dhiaidh sin. Is ionann agus fógra scoir a bheadh ina leithéid don rialtas.

2. Go ndéanfaidh an Taoiseach, Leo Varadkar, cinneadh go bhfuil mandáid cheart de dhíth air agus go ngairfidh sé olltoghchán gan choinne.

3. Go dtarraingeoidh cuid de na Teachtaí neamhspleácha amach as an rialtas.

4. Go gcaillfeadh an rialtas vóta Dála a bhaineann leis an bhuiséad nó go deimhin rún mímhuiníne.

Is lú baol go dtarlóidh an tríú ceann de na féidearthachtaí sin. Tá a bport ionann is seinnte ag an Chomhghuaillíocht Neamhspleách agus tá seans mór ann go gcaillfidh leithéidí Shane Ross, John Halligan agus Finian McGrath go háirithe, a gcuid suíochán san chéad olltoghchán eile.

Thuigfeá mar sin nach mbeadh mórán fonn orthu tabhairt faoi thoghchán vótála go luath agus go ndéanfaidís a dtréandícheall achan cent rua a dhiúl as an rialtas dá ndáilcheantair féin - fiú más ar chúla téarmaí (mar dhea) a dhéanfaí a leithéid, mar a tharla i gcás an deontas flaithiúil do chaipiteal spóirt a tugadh le déanaí do Choláiste Wesley atá lonnaithe i ndáilcheantar an Aire Ross.

Is beag baol ach an oiread go dtarraingeoidh na hairí Denis Naughten nó Katherine Zappone amach as an rialtas. Cé gur mar iarrthóir neamhspleách a sheasfaidh an Neachtaineach an chéad iarraidh eile ní bheadh iontas ar éinne dá dtairgfeadh Fine Gael aireacht dó - sa chás go mbeidís ar ais i mbun rialtais – ach é a bheith sásta pilleadh ar an pháirtí. Maíonn na neamhspleáigh uilig go bhfuil caidreamh níos fearr acu le Leo Varadkar ná mar a bhí acu lena réamhtheachta, Enda Kenny, ach níl aon amhras ach go mbeidh siad ag fáil níos corrthónaí de réir mar a threisíonn an chaint faoi thoghchán a bheith ar na bacáin.

Tar éis an tsaoil, beidh gach aon duine acu ag tarraingt uisce ar a mhuileann féin nuair a thiocfas lá na cinniúna.

Tá míshuaimhneas fosta ar chúlbhinseoirí Fhianna Fáil agus iad den tuairim nach bhfuil mórán ar a shon acu as seasamh lena bhfocal. Cén reicneáil a bheas ann as a ndílseacht don socrú ‘Muinín agus Soláthar’? Is cinnte go gcuireann sé cuma na measúlachta orthu agus iad ag iarraidh a chur ina luí ar phobal na hÉireann go dtig iad a thrust i mbun an sparáin arís. Seachas sin, is beag tairbhe atá ann don pháirtí.

Tá an tréimhse ina raibh ar Fhianna Fáil sacéadach agus luaithreach a chaitheamh istigh anois ach is mó dul chun cinn atá déanta ag a gcéilí comhraic san idirlinn.

Tá Fine Gael ocht bpointe chun cinn orthu sna pobalbhreitheanna agus tá gnaoi an phobail ar an Taoiseach thar mar a bhí riamh, agus an gean céanna air a bheag nó a mhór is a bhí ar Bhertie Ahern le linn na mblianta 2004-05, tráth ina raibh an Tíogar Ceilteach in ard a réime. Mar sin de, ní thiocfaidh siad ar chomhaontú úr tar éis na cáinaisnéise agus beidh an rialtas mionlaigh ag streachailt leis ó lá go lá agus ó vóta Dála go vóta Dála.

Cé go bhfuil brú damanta ag teacht ó chúlbhinseoirí Fhianna Fáil tarraingt amach as an socrú, tá a gceannaire, Micheál Martin, tiomanta go dtabharfaí an comhaontú go ceann scríbe. Leanfar ag tacú leis an rialtas mar sin go dtí an chéad cháinaisnéis eile i mí Dheireadh Fómhair.

Ach ní bheidh cuid d’fhorálacha an Bhuiséid, ar nós na mbillí Leasa Shóisialaigh agus Airgeadais rite ag an Dáil go dtí mí na Samhna nó mí na Nollag agus má chloíonn an Máirtíneach lena fhocal caolseans go mbeidh olltoghchán againn i mbliana.

Is dócha ná a mhalairt mar sin gur in earrach na bliana 2019 a bheas an t-olltoghchán ann. Ach ná déanaimis dearmad ar an chliché úd a luaitear le hiarPhríomh-Aire na Breataine, Harold Macmillan faoin ábhar buartha is mó a bhíonn ag lucht rialaithe - eachtraí a mhac, eachtraí!

Thiocfadh le rún mímhuiníne tuisle a bhaint as an rialtas seo i bhfaiteadh na súl. Bhí baol mór ann i mí na Samhna anuraidh nuair a chuir Sinn Féin a leithéid de rún síos in éadan Thánaiste an ama, Frances Fitzgerald, de bharr an brachán bocht a rinne sí de chás Mhaurice McCabe. Ba ar éigean a thug an rialtas na cosa leo an uair sin, ach amháin gur chinn an Tánaiste éirí as oifig dá stuaim féin chun olltoghchán a sheachaint. Ach léirigh an eachtra cé chomh míshocair is atá an rialtas seo.

Ba mhaith le Fianna Fáil go mbeadh cúrsaí tithíochta agus sláinte ar na hábhair spairne ba mhó san fheachtas toghchánaíochta. Bheadh deacrachtaí móra acu mar sin dá dtabharfaidís an t-eiteachas do rúin mhímhuiníne sna hairí Simon Harris nó Eoghan Murphy as a dteip dul i ngleic leis an dá mhórfhadhb sin.

Is cinnte go mbeidh Sinn Féin ag faire ar a ndeis chun a mhacasamhail de rún a chur arís, cé go gcaithfidh siad a bheith cúramach gan barraíocht leasa a bhaint as an uirlis fhíorluachmhar sin.

Ar ndóigh thig leis an Taoiseach a bheith réamhghníomhach san phróiseas agus toghchán gan choinne a ghairm; ar a chonlán féin agus ag am a fhóireann dá pháirtí. Táthar ann a déarfadh gur chun sioparnaí a chuaigh an cur chuige céanna do Theresa May, nuair a chaill na Caomhaigh a dtromlach san olltoghchán deireanach sa Bhreatain. Ní hionann an dá chás, áfach. Ní raibh aon ghá go ngairfeadh Príomh-Aire na Breataine toghchán gan choinne in 2017. Chuaigh sí sa tseans go mór mar go raibh sí ag iarraidh a chinntiú nach mbeadh uirthi dul chun na tíre díreach tar éis bailchríoch a chur leis na socruithe Breatimeachta. Ba gheall le reifreann a bheadh ann agus is beag seans go mbainfeadh a rialtas na cosa leo. B’in í an chúis gur chinn sí olltoghchán - a tháinig aniar aduaidh ar chách - a ghairm.

Ach ó thaobh na tíre seo, tuigeann an Taoiseach gur dócha go mbeidh olltoghchán againn go luath san earrach, i gcás ar bith ina ainneoin féin. Cad tuige mar sin nach dtabharfadh sé aghaidh ar an phobal ar dháta a d›fhóirfeadh dó féin?

Is é an Breatimeacht an chonstaic is mó a bheadh ann roimh thoghchán gan choinne a ghairm. Chuirfí i leith an Taoisigh go mbeadh sé mífhreagrach amach is amach dul chun na tíre, gan aon ghá a bheith leis, ag am thar a bheith suaite agus cinniúnach ó thaobh an Bhreatimeachta de. Os a choinne sin, thiocfadh leis a mhaíomh gur cheart go mbeadh sainordú faighte ón phobal ag rialtas na tíre chun dul i ngleic leis na dúshláin a bheas ag teacht chun cinn de thairbhe imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach. Bheadh sé ina chuidiú dó ar ndóigh dá mbeadh cúpla vóta Dála caillte aige roimhe sin.

Anuas air sin, tá borradh mór faoin gheilleagar agus ardú meanman ar an phobal dá bharr. Bígí ag dréim le neart féiríní a bheith á mbronnadh sa chéad cháinaisnéis eile agus nach gcuirfear barraíocht ar leataobh do lá na coise tinne.

Ní fada go mbeidh lánfhostaíocht sa tír, rud a bheas ina ábhar mór maíte le linn an fheachtais toghcháin. An bhfuil an baol ann go mbainfeadh an éiginnteacht a eascróidh ón Bhreatimeacht an bonn ar fad as an dul chun cinn eacnamaíochta? Is cinnte go mbeidh cathú ar an Taoiseach toghchán tobann a ghairm ag tús na bliana úire ach tuigeann sé fosta go mbeadh baol nach beag ag baint le gníomh dalba mar sin.

Rud amháin atá cinnte ná go mbeidh toghcháin áitiúla agus toghchán do Pharlaimint na hEorpa ar siúl roimh an 22 Bealtaine, 2019. An bhféadfadh sé tarlú mar sin go mbeadh trí thoghchán againn ar an lá céanna? Ba mhór an mhíorúilt í dá mairfeadh an rialtas chomh fada sin.

Breandán Delap

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht TG4 agus údar é Breandán Delap.