Anois teacht an toghcháin ...

Breandán Delap
Anois teacht an toghcháin ...

Amharcann Breandán Delap ar na himpleachtaí a bheas ag toradh an reifrinn ar an ochtú leasú ar na páirtithe polaitiúla éagsúla...

Cé gur mairg don té a dhéanann neamhaird den tuairim nach gá go mbeadh aon bhaint ag vóta ard i reifreann le bua in olltoghchán, níl aon amhras ach gurb é Fine Gael is mó a bheas ag súil le fómhar a bhaint as an toradh. Ins na laethanta beaga roimh lá na vótála, chuir an Taoiseach, Leo Varadkar, comhairle ar a pháirtí gan a bheith róchaithréimeach dá n-éireodh leis an mholadh go mbainfí an t-ochtú leasú ar an ghinmhilleadh ón Bhunreacht. Bhí sé sin bunaithe ar an tuiscint gur dócha nach mbeadh bearna rómhór idir an dá thaobh agus ní raibh drogall ar bith air droim láimhe a thabhairt lena chomhairle fhéin agus glacadh leis an moladh uilig a tugadh dó – agus don Aire Sláinte, Simon Harris - i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Cad tuige nach mbeadh? Chloígh sé lena ghealltanas go mbeadh reifreann ann taobh istigh de bhliain ón uair a ceapadh é mar cheannaire ar Fhine Gael agus is cinnte go bhfuil ardú meanman ar a pháirtí anois. Is fada uathu an geimhreadh fada crua, inar cuireadh an milleán orthu as torthaí contráilte a tugadh do mhná ar a gcuid tástálacha ailse agus inar thug siad na cosa leo (ar éigean) as conspóid Mhaurice McCabe.
Níl aon cheist ach go mbeidh cathú ar an Taoiseach olltoghchán tobann gan choinne a ghairm tar éis na cáinaisnéise ar an bhonn go mbeidh mandáid láidir de dhíth air le tabhairt faoi ghéarchéim an Bhreatimeachta san Earrach. Beidh sé ábalta a mhaíomh ins an fheachtas go dtuigeann pearsana móra a pháirtí an ghlúin úr atá ag teacht i méadaíochta in Éire úr. Cé a chreidfeadh go n-éireodh le Fine Gael an gradam mar pháirtí an phobail a sciobadh ó Fhianna Fáil? Cuirtear i leith an dá phríomhpháirtí go minic nach bhfuil aon difear suntasach eatarthu - Tweedledum agus Tweedledee - agus gur cheart dóibh teacht le chéile chun comhrialtas láidir a bhunú. Beidh sé le maíomh ag an Taoiseach le linn an chéad fheachtas olltoghcháin eile, áfach, go mbeadh sé doiligh dá pháirtí cumhacht a roinnt le dream atá chomh caomhach le Fianna Fáil. Is maith a thuigeann ceannaire Fhine Gael go mbeidh deacrachtaí ag a gcéile comhraic traidisiúnta an míchlú, a d’eascair as an seasamh a ghlac siad san fheachtas reifrinn, a chur díobh.
Óir tá Fianna Fáil in aimhréidh go mór tar éis toradh an reifrinn, go háirithe san ardchathair. Roimh an reifreann bhí siad ag prapáil go tréan don olltoghchán agus iad réidh le breith ar an fhaill chun an rialtas a tharraingt anuas. Ní bheidh aon fhuadar chun na botháin vótála fúthu anois. Mhaígh bunaitheoir an pháirtí, Éamon de Valera, tráth nach raibh le déanamh aige ach amharc ina chroí istigh chun go mbeadh a fhios aige cad é a bhí ag teastáil ó phobal na hÉireann. Is léir, áfach, nach bhfuil go leor dá shliocht ar aon bhuille leis an toghlach faoi láthair.
Chuir ceannaire an pháirtí, Micheál Martin, a údarás féin i mbaol nuair a thug sé a bheannacht do mholtaí an Chomhchoiste Oireachtais ar an ochtú leasú in aitheasc spreagúil a thug sé sa Dáil. Ní mó ná sásta a bhí go leor de sheanfhondúirí a pháirtí le ruathar aonair an Mháirtínigh agus is cinnte go raibh an chloch sa mhuinchille ag an pháirtí Parlaiminteach dó. I ndeireadh ama, áfach, ba léir go ndearna an ceannaire breithiúnas stuama agus gurbh iad lucht a cháinte a bhí scoite amach ón phobal. Cé go raibh dhá thrian den tír i bhfabhar an t-ochtú leasú a aisghairm, bhí 80% de pháirtí parlaiminteach Fhianna Fáil ina éadan. Ar lá an chomhairimh thagair an Taoiseach do Bhunreacht nua-aimseartha a dhéanfadh freastal ar phobal nua-aimseartha ach b’fhearr le go leor de Theachtaí Fhianna Fáil cloí le seanBhunreacht a rinne freastal ar phobal atá ina mhionlach anois. Tá an chosúlacht ar an pháirtí go bhfuil siad mar a bheadh Oisín i ndiaidh na Féinne agus tá a oiread creimthe déanta ar a seasamh i measc an phobail is go gcuirtear i gcomparáid go minic iad leis an Eaglais Chaitliceach. I bhfianaise thoradh an reifrinn, mhol comhairleoir rialtais amháin go leathmhagúil gur cheart do Mhicheál Martin ceannairc a eagrú ina pháirtí féin! Thosaigh an cheannairc sin nuair a chuir sé cosc, a bheag nó a mhór, ar a chuid comhghleacaithe leasuithe ar an reachtaíocht a mholadh gan iad a bheith curtha faoi bhráid a n-urlabhraí sláinte, Stephen Donnelly, ar dtús. Beidh lúcháir ar an Máirtíneach, áfach, go bhfuil an chosúlacht ar an scéal go dtabharfar an reachtaíocht go ceann scríbe taobh istigh d’achar gairid mar gur mó deacrachtaí inmheánacha a bheadh le sárú aige dá n-imeodh an próiseas i bhfadscéal.
Cé gur chuir toradh an reifrinn go mór le cáil an cheannaire, seans gur buaileadh an buille ba thubaistí ar a pháirtí ó ollchliseadh na bliana 2011. Tá an baol ann go fiú nach bhfaighidh an dornán beag de Theachtaí Dála s’acu a bhí ar son aisghairm an ochtú leasú a dhath ar a shon ins an chéad olltoghchán eile. Níl ach leathdhosaen suíochán ag an pháirtí i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil cónaí ar 28% den daonra. Ar an meán, vótáil 70% de phobal na hardchathrach ar son na haisghairme agus rachaidh sé an-dian ar Fhianna Fáil aon dul chun cinn a dhéanamh ann an chéad gheábh eile. Má theipeann orthu ansin, drochsheans go mbeidh siad ar an pháirtí is mó ins an chéad chomhrialtas eile.
Táthar ann a deir go bhfuil polaitíocht an láir plódaithe go maith um an dtaca seo agus go bhfuil bearna ann do pháirtí níba chaomhaí. Tá an iliomad páirtithe in iomaíocht do vóta an dhá thrian den toghlach a vótáil ar son na haisghairme agus bheadh rith an ráis ag Fianna Fáil leis an 33.6 % den phobal a vótáil ina éadan. Ach is baolach an straitéis í d’aon pháirtí polaitíochta a bheith gafa sa chianaimsir agus an chluas bhodhar a thabhairt d’aos óg na tíre. Bheinn ag súil mar sin go leanfaidh an Máirtíneach ag suirí leis an eite liobrálach.
Níl na fadhbanna céanna ag ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, áfach. Rinne an páirtí sin cinneadh go mbeadh éadan a gceannaire le feiceáil ar a gcuid póstaer agus tá an chosúlacht ar an scéal gurb í Mary Lou an acmhainn is luachmhaire atá ag Sinn Féin anois. Ba í an t-aon pholaiteoir a bhí ar son na haisghairme a bhí ar an ardán ins an chéad díospóireacht teilifíse ar an reifreann. Chuir sé sin go mór lena stádas agus thug sí sárthaispeántas. Beifear ag súil mar sin go dtiocfaidh na tréithe ceannaireachta a léirigh sí san fheachtas chun béil le linn an chéad olltoghcháin eile agus go mbeidh sí ábalta vótaí aistrithe a ghnóthú, rud a theip ar a páirtí a dhéanamh le dornán blianta anuas.
Ar ndóigh is páirtí uile-Éireannach é Sinn Féin agus caithfidh sí a chinntiú go n-éireoidh léi gach éinne a shásamh. Ba ag feacadh glúine chuig na fíréin a bhí sí mar shampla nuair a thug sí an rosc catha úd ‘Up the Republic, up the rebels and Tiocfaidh ár lá’ ina céad aitheasc mar Uachtarán. Seans nach mbeidh sé chomh furasta céanna gnáthbhaill an pháirtí sa Tuaisceart a thabhairt léi ar cheist an ghinmhillte. Tá lucht tacaíochta an pháirtí sa Tuaisceart níos caomhaí ná a gcuid comhghleacaithe sa deisceart agus beidh ar Mhary Lou a chinntiú nach gcuirfidh sí a thuilleadh oilc orthu maidir leis an cheist chigilteach seo. Tá Poblachtánaigh cháiliúla ar nós Francie agus Anne Brolly imithe as Sinn Féin cheana féin de bharr seasamh an pháirtí i leith an ghinmhillte agus ní mian léi a thuilleadh ball a chailliúint. Caithfidh Uachtarán Shinn Féin láimhseáil chúramach agus shiosmaideach a dhéanamh mar sin ar an mhalairt tuairime atá ar an dá thaobh den teorainn faoin cheist seo. Ag an am céanna, beidh an ceannaire ag iarraidh a húdarás a chur in iúl agus smacht a chur ar an bheirt Teachtaí Dála a bhí ag feachtasaíocht in éadan na haisghairme. Ní chuirfeadh sé iontas ar éinne dá ndéanfaí díroghnú ar Charol Nolan as Uíbh Fhailí roimh an olltoghchán.
Páirtí eile a bheas ag iarraidh teacht i dtír ar thoradh an reifrinn is ea Páirtí an Lucht Oibre. Thar aon pháirtí eile, beidh siad ábalta a mhaíomh go raibh polasaí seasmhach acu ar cheist an ghinmhillte le blianta fada anuas. Go deimhin, is é ceannaire an pháirtí, Brendan Howlin, an t-aon Teachta Dála atá sa Dáil faoi láthair a chuir go tréan in éadan an ochtú leasú i 1983. Níl aon cheist ach gur páirtí liobrálach seachas páirtí sóisialach ab ea an Lucht Oibre le blianta fada anuas. Bhí sé sin le feiceáil ach go háirithe sa tréimhse dheireanach a chaith siad i gcomhrialtas le Fine Gael inar cuireadh go leor beartas déine i bhfeidhm mar thoradh ar an ghéarchéim eacnamaíochta. Rinne sé sin dochar d’iontaoibh na cosmhuintire as an pháirtí. Ag an am céanna, tá a gcuid polasaithe liobrálacha uilig goidte ag na páirtithe eile agus amhail an reifreann ar phósadh comhghnéis, is doiligh a shamhlú go bhfaighidh Páirtí an Lucht Oibre aon bhuntáiste rómhór mar thoradh ar aisghairm an ochtú leasú.
Beidh ciallachais ag an toradh fosta do na Teachtaí Dála neamhspleácha agus do pholaiteoirí áirithe ó achan pháirtí a thaobhaigh leis an taobh ‘contráilte’ i súile an phobail, bíodh sin an dream a bhuaigh nó iad sin a chlis. Bhí an feachtas binbeach, nimhiúil agus thar a bheith pearsanta agus drochsheans go ndéanfaidh na daoine a bhí sáite i gceachtar den dá thaobh dearmad ar an seasamh a ghlac a gcuid Teachtaí Dála ar an cheist. Seans mar sin go mbeidh iarmhairtí an toraidh le brath in achan dáilcheantar nuair a reáchtálfar an chéad olltoghchán eile. Is fiú a chuimhneamh, áfach, go bhfuil sé de chumhacht go fóill ag daoine aonair cróga ar nós Emma Mhic Mhathúna agus Maurice McCabe bunaíocht na polaitíochta a chur ó rath, beag beann ar na hathruithe sóisialta móra uilig atá tarlaithe sa tír. I ndeireadh ama mar sin is dócha go mbeidh níos mó tionchair ag an reifreann seo ar cén uair a tharlós an chéad olltoghchán eile, seachas ar an toradh.

Breandán Delap

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht TG4 agus údar é Breandán Delap.