Eagarfhocal

Deis amháin eile don Straitéis 20 Bliain?

Agus seo á bhreacadh againn ní raibh Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge foilsithe go fóill.
B’fhéidir nach raibh a fhios ag cuid dár léitheoirí go raibh a leithéid de phlean beartaithe fiú, agus thuigfeá dóibh. Tá sé ina shamhradh agus is mó plean gníomhaíochta atá feicthe cheana againn gur bheag an gníomh a deineadh dá bharr.
Sea, is fada ó bhíog a chroí ar an nGael ar chloisteáil dó scéal a bhain leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge chéanna.
Tá ceithre bliana ann ó d’admhaigh lucht Roinn na Gaeltachta féin in aighneacht réamhbhuiséid go raibh an Straitéis ag ‘pointe leochaileach’ agus go raibh an baol ann go dtaibhseofaí do mhuintir na Gaeltachta nach raibh an Stát ‘dáiríre’ nó ‘macánta’ faoin teanga. Ba dheacair easontú chomh maith leis an gcur síos a rinne na saineolaithe Conchúr Ó Giollagáin agus Martin Charlton in 2015 ar an Straitéis.

Tá forálacha Gaeltachta na Straitéise agus an Achta [Acht na Gaeltachta 2012] róleamh ó thaobh físe de, ró-lagbhríoch ó thaobh na ceannaireachta de, ró-thrína chéile ó thaobh straitéise de, rósheachantach ó thaobh a gcuid aidhmeanna de, agus rósheachmallach ó thaobh buntuiscintí de, le tionchar dearfach a imirt astu féin ar chúinsí reatha na Gaeltachta.
(Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht)

De réir taighde a rinne an sochtheangeolaí aitheanta Seosamh Mac Donnacha níos túisce i mbliana, níl feidhm ar bith le haon chuid den struchtúr a tugadh isteach chun an Straitéis a chur i gcrích.
Dúirt Mac Donnacha gur ‘léir anois nach bhfeictear an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge mar thosaíocht ag an Rialtas reatha’ agus go raibh cúram na Straitéise, plean náisiúnta an Stáit do tharrtháil na Gaeilge, fágtha ‘ar aire sóisearach’ agus ‘ar fhoireann meánbhainistíochta’ Roinn na Gaeltachta. Ní fheictear an Straitéis anois ‘mar thosaíocht’ laistigh den Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta féin fiú, dar le Mac Donnacha.
Thairis aon rud eile, baineadh leas as an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge mar leithscéal i dtaobh easpa gnímh agus neamhshuim an rialtais i gcás na Gaeilge agus na Gaeltachta. An freagra pras céanna a bhí acu i gcónaí nuair a ceistíodh iad mar gheall ar chiorruithe, nó figiúirí daonáirimh nó faillí na státseirbhíse i leith na teanga – tá an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge againn!
B’fhíor dóibh, ach mar leithscéal amháin a bhí sé acu go dtí seo. Seift chun an fhírinne a sheachaint agus an t-aineolas a cheilt.
Mar sin féin, is cáipéis thábhachtach í an Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.
Seo an deis dheiridh chun muinín éigin a chothú sa phlean náisiúnta don Ghaeilge. Chuige sin ní foláir spriocanna soiléire réadúla agus spriocdhátaí cinnte a bheith ann. Caithfidh cur chuige aontaithe agus struchtúr láidir a bheith ann bunaithe ar mhaoiniú cinnte seachas gealltanais atá ‘ag brath ar acmhainní’.
Caithfidh plean a bheith ann.
Fillfimid ar an scéal seo an mhí seo chugainn. Idir an dá linn, bainigí súp as an dea-aimsir an fhaid a mhaireann sí.