Na Fúire  

Na Fúire  

Le Deirdre Brennan

Cloisim glam nach binn
na doininne anocht
na Fúire ar ais arís,
is is mallaithe a dtoisc chugainn
Tisphone, Magaera, is Alecto
ag imeacht le craobhacha,
bandéithe an díoltais
ag marcaíocht na stoirme
faoi ainmneacha nua,
Ophelia, Fleur, is Emma
iníonacha scanrúla na hoíche
i ndúil le díoltais orainn,
a ngruaig nathartha
ag leathnú thar néalta scéine,
srúillí fola ag sileadh
óna mbéil go húir.

Níl ionainn ach puipéidí i gcoinne
an fhóirnirt dhíoltach san os ár gcomhair
ag éisteacht i gcuibhreann ár dtithe
le scréacháin is olagóin na Fúire,
na mílte crann réabtha as a bhfréamha,
cuaillí leictreacha tite,
díonta ag eitilt ó fhoirgnimh
amhail is nach raibh iontu
ach cánacha feochadáin.
Is ní shásódh tada iad
ach ionsaí a dhéanamh
ar dhaingean Cré-Umhaoiseach
is ursain chloiche an bhealaigh isteach
maille le huaimh talún Dhún Bhig
a scaoileadh ó bharr aille
go droim na bóchna.

Ar imeall beochta is báis
a leathnaíonn tonn bhán na maidine.