Thar am Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta a thabhairt ar ais

Kevin Hickey
Thar am Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta a thabhairt ar ais

Ní gluaiseacht teanga per se a bhí i ngluaiseacht na seascaidí ach dream daoine a d’fhéach le bunchearta pobail tuaithe a bhaint amach. Tá sé in am a leithéid a thosú an athuair, a deir Kevin Hickey

‘Ba bhreá liom dhá ndéanfadh glúin eile é - theastódh sé go géar.’ - Joe Steve Ó Neachtain
‘Ní thuigeann tú cás duine eile nó go gcuireann tú thú féin ina áit agus an cosán céanna anama a shiúl agus a shiúlann seisean, go bhfeice tú cá luíonn an bhróg air.’ – ‘Atticus Finch’, To Kill a Mockingbird
D’fhág an cor is deireanaí i mo shaolsa gur in Iorras Aithneach i gContae na Gaillimhe a bhíos ag cur fúm go dtí le gairid. Cuid den aistear foghlama agam le linn an ama sin ba ea teacht isteach ar chanúint nua agus léargas a fháil ar shaol na tuaithe i gceantar iargúlta. Ag caint air go garbh agus i mbeagán focal, is é an ceantar taobh thiar de Ros Muc, a shíneann chomh fada siar le Carna, atá i gceist le hIorras Aithneach, i gceartlár Ghaeltacht Chonamara.
Is mór idir é agus mo phaiste dúchais.
Ainneoin gur dream cuibheasach bocht a bhí i mo sheanmhuintir romham agus gurbh éigean do mo mhuintir a bheith cnuaisciúnach fan na slí, bhí saol na bhfuíoll agam féin ag fás aníos i mBaile Átha Cliath theas agus seirbhísí den uile chineál ar leic an dorais againn i gcónaí. Agus cé go bhfuil seal thall is abhus tugtha agam ar an tsluasaid i ngarrantaí agus ar láithreacha tógála, ní fhéadfainn a rá le fírinne go n-aithneoinn speal thar sleán ar an gcéad luí súl; ná níor chaitheas oiread is lá ar an bportach ag baint mhóna, ná, go deimhin, ins an ngarraí ag crú na mba.
As leacacha na cathrach a fáisceadh mé, más ea, agus is mar dhuine ón taobh amuigh, mar sin, atáim ag tabhairt faoin gceist áirithe seo, rud a fhágann beagán drogaill orm i mbun an chúraim. Mar sin féin, tá rudaí feicthe agam le cúpla bliain anuas a chuir olc orm agus a dhúisigh ó mo shuan cathrach, meánaicmeach mé. Sílim nár mhiste ceann nó dhó de na ceisteanna sin a phlé anseo.
Cúpla míle siar an bóthar ó mhuintir mo chéile, tá cónaí ar Josey Cooke, mar is fearr aithne air sa phobal sin. Seosamh Ó Cuaig a thugtar ar an bhfear céanna i mbothán an raidió agus i mbólaí áirithe taobh amuigh den Ghaeltacht. Bhí Seosamh ar dhuine de na daoine a chuir tús le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i gConamara i dtreo dheireadh na seascaidí.
Taibhsítear do dhaoine uaireanta gur gluaiseacht teanga a bhí i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ach níorbh ea per se. Bhí na daoine a bhain leis an ngluaiseacht ag iarraidh bunchearta agus cumhacht réigiúnach a bhaint amach dóibh féin agus dá bpobal. Bhí a mhacasamhail de ghluaiseacht in áiteanna eile in Éirinn agus ar fud an domhain, agus beidh go deo.
Ráinig sa chás áirithe seo gur dream Gaeltachta a bhí i gceist agus Gaeilge acu dá bharr. Bheadh an teanga lárnach sa bhfeachtas sa mhéid sin. I measc na gceisteanna a bhí ag dó na geirbe acu, áfach, bhí easpa fostaíochta, cearta iascaireachta, cearta foghlaeireachta, agus cearta úinéireachta ar thalamh agus ar uiscí na gceantar lenar bhain an pobal.
Theastaigh ón dream a bhí i gceannas na gluaiseachta go mbunófaí údarás áitiúil a chuirfeadh oiliúint ar dhaoine agus a chuirfeadh fostaíocht ar fáil don phobal. Theastaigh uathu freisin go mbunófaí stáisiún raidió do phobal na Gaeltachta. Arís ar ais, toisc go mbainfeadh a leithéid de stáisiún leis an nGaeltacht, is i nGaeilge a chraolfaí na cláracha air.
Féachadh leis an dól a thabhairt ar ais d’fhir shingile agus le caoi a chur ar Chéibh Ros a’ Mhíl, le súil is go mbláthódh an iascaireacht sa dúiche mar is ceart. Ceist amháin a raibh baint aici go sonrach leis an teanga, áfach, ná comharthaí bóthair na háite, agus géilleadh le haimsir don éileamh gur i nGaeilge amháin a bheidís taobh istigh de theorainneacha na Gaeltachta.
Bunchearta pobail a bhí i gceist, más ea, agus diminsean áirithe teanga ag baint leo.
I dtuairisc amháin a rinneadh ar fheachtasaíocht na gluaiseachta, léiríodh a meon i leith na n-acmhainní nádúrtha ar leo féin iad le ceart. Dar le muintir na háite: ‘the ownership of the Erriff river by Lord Braybourne symbolised the control and ownership of Ireland’s natural resources by British Imperial interests’.
Níor ghá ach focal nó dhó a athrú san abairt thuas agus bheadh dealramh léi i gcónaí. Chuirfinnse isteach na focail ‘European Imperial interests’ mé féin. San áit a mbíodh aibhneacha agus locha i gceist, is iad farraigí na hÉireann atá sa treis anois. Ar éigean gur ghá an méid sin a chur ina luí ar iascairí iarthar na hÉireann, iascairí na Gaeltachta ina measc.
Ní leis an nGaeltacht amháin a bhaineann a leithéid de dheacracht, áfach, agus tá cuid de na fadhbanna ceannann céanna ag goilliúint ar phobal na tuaithe trí chéile agus a bhí aimsir na gluaiseachta thiar sna seascaidí: easpa fostaíochta, easpa seirbhísí, go háirithe seirbhísí sláinte; drochbhóithre, easpa áiseanna don aos óg, agus bánú na gceantar - is é sin le rá, daoine óga a bheith ag imeacht cheal oibre. Tá léargas faighte agam féin ar an méid seo agus mé ag cur fúm i bParóiste Mhaírois in Iorras Aithneach.
Sílim féin, ó thaobh na Gaeltachta de, nach féidir ceist na teanga a scaradh ó na ceisteanna seo thuas, agus gur gá éirí as ceist na teanga a phlé aisti féin, i dtéarmaí teibí, mar a dhéantar rómhinic.
Fear a bhfuil a mhéar ar chuisle scéal na Gaeltachta agus ar lomchlár na fírinne faoin tuath ná Máirtín Ó Catháin, fear as Iorras Aithneach é féin. In alt a scríobh sé ar an tseirbhís nuachta ar líne, Tuairisc.ie, anuraidh, d’fhiafraigh sé céard ab fhiú pleananna teanga agus tumoideachas trí Ghaeilge mura bhfuil fostaíocht agus deiseanna oibre ar fáil do dhaoine óga sa Ghaeltacht:
‘Níl ach dhá cheantar i gContae na Gaillimhe atá i measc ‘spotaí dubha’ dífhostaíochta Phoblacht na hÉireann, de réir an Daonáirimh is deireanaí. Agus cá bhfuil siad? Istigh i gceartlár fhíor-Ghaeltacht Chonamara! ’Siad Scainimh [Iorras Aithneach] agus Garmna [Ceantar na nOileán] an dá áit atá i gceist.’
Lean Máirtín air agus caint aige ar ‘chaisleán’ Abraham Maslow:
‘Tá stádas ar leith ag an nGaeltacht – nó bhíodh sé ráite go raibh. Tobar na Gaeilge. Nár cheart go mbeadh aird ar leith ar an ngad is gaire don scornach sa gcás sin? Céard é an gad sin? Bhí an freagra ag an síceolaí agus scríbhneoir Meiriceánach, Abraham Maslow, fadó.
Bhíodh caisleán tarraingthe aige ar pháipéar – an caisleán leathan in íochtar agus é ag cúngú de réir mar a bhí sé ag ardú. Ba é íochtar an chaisleáin bunchloch an tsaoil – b’ionann sin agus na rudaí ba mhó a bhí ag teastáil ón gcine daonna. Theastaigh beatha agus dídean, nó i bhfocail na linne seo: fostaíocht, airgead agus áit chónaithe chompordach.’
In alt eile a scríobh sé go luath ina dhiaidh sin ar Tuairisc.ie, labhair an Cathánach ar chás cúirte thall san Eoraip a bhain le cúrsaí pleanála. Mar seo a chuir sé síos ar an gcás:
‘D’fhéadfadh sé go mbeadh ar údaráis áitiúla in Éirinn polasaithe pleanála a thugann buntáiste do dhaoine ina gceantar dúchais féin faoin tuath a chaitheamh in aer. Ciallaíonn na polasaithe pleanála seo, atá i bhfeidhm faoi láthair, gur féidir go bhfaigheadh duine as an áit – nó duine a bheadh ag obair go buan sa gceantar a bheadh i gceist – cead pleanála ach nach bhféadfadh duine ón taobh amuigh teach nua a thógáil sa gceantar tuaithe céanna. Tá na polasaithe claonta i dtreo daoine ón áit ar an mbonn gur daoine as an gceantar iad. Tá na coinníollacha seo i bhfeidhm go láidir i gcontaetha Gaeltachta, go háirithe ar an gcósta thiar.’
Le linn don chás a bheith ar siúl, pléadh bunchearta ar nós saoirse taistil agus saoirse cónaithe an uile dhuine san Aontas Eorpach. Rialaíodh go raibh na ceangail a bhí i bhfeidhm i bhfabhar mhuintir na háite ag sárú cearta bunúsacha shaoránaigh na hEorpa. Sa bhFlóndras a troideadh an cás cúirte seo ach cá bhfios nach mbeadh tionchar ag an méid a thit amach ann ar Éirinn amach anseo? Más mar sin a bheidh, cé na himpleachtaí a bheidh ag an rialú áirithe seo do phobal tuaithe na Gaeltachta, go mór mór agus géarchéim tithíochta sa tír?
Ceist eile a d’fhéadfadh a bheith ag déanamh tinnis do dhaoine áirithe ná ceist na Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta nó na Special Areas of Conservation (SACs), agus impleachtaí rialacháin ina dtaobh do bhaint na móna. Fágann an rialachán is deireanaí de chuid an AE i dtaobh na ceiste seo gur cion coiriúil é móin a bhaint ar thalamh caomhnaithe anois, rialachán a rinneadh beagnach trí bliana ó shin.
Fillfidh mé ar cheist na talún ar ball ach, idir an dá linn, is leor a rá gur léir go bhfuil bundeacrachtaí maidir le tithíocht, fostaíocht, oideachas, agus seirbhísí pobail fós ag goilliúint ar phobal na tuaithe, díreach mar a bhí aimsir na gluaiseachta cearta sibhialta sna seascaidí.
Céard ’tá le déanamh faoi?
Tugaimse faoi deara go n-éiríonn le gluaiseachtaí dul i bhfeidhm ar an mórphobal nuair a insíonn siad a scéal féin dóibh ón gcroí amach. Uaireanta is gá cruth agus craiceann beagán difriúil a chur ar scéal, ach is é an scéal céanna a bheidh ann i ndeireadh báire, agus an teachtaireacht chéanna taobh thiar de. Is é seo an dúshlán atá roimh mhuintir na Gaeltachta anois, dar liom.
Tuigeann daoine sa Ghaeltacht, cuir i gcás, a dheacra atá sé dóthain cúramóirí sláinte a fháil ar bhonn rialta, go háirithe cúramóirí a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Cuirfear fáilte thar tairseach isteach roimh dhuine ar bith a thabharfaidh cúnamh, is cuma cén teanga atá aige, ach nuair a bhuaileann míshuaimhneas nó drochthinneas duine a tógadh le Gaeilge, is í an teanga sin is túisce ar a bhéal aige, go háirithe má bhaineann sé le glúin ar leith.
Sa chás sin, is deas agus is caoithiúil cúramóir a bhfuil Gaeilge ar a thoil aige a bheith ar an láthair chun teacht i gcabhair ar an duine sin agus féachaint lena chur ar a shuaimhneas ina chéad teanga.
Amach ó ghné na teanga, áfach, ní mór dóthain cúramóirí a bheith ar fáil chun freastal ar dhaoine i dteanga ar bith, agus ba dhóigh leat ar iompar institiúidí sláinte an stáit nach fiú leo cúramóirí a chur chuig ceantracha tuaithe atá ar an iargúil. Chonaic mé féin na deacrachtaí a chothaíonn a leithéid d’fhaillí do theaghlach grámhar láidir le mo dhá shúil.
Ag cloí le cúrsaí sláinte go fóill beag, tógaimis ‘Seáinín’, duine ficseanúil ach duine atá ann i ndáiríre chomh maith céanna.Is déagóir é Seáinín atá aerach sa chiall nua-aimseartha den fhocal sin. Níl sé réidh fós an méid sin a insint dá thuismitheoirí.
Tá Béarla breá ag Seáinín ach is í an Ghaeilge teanga a chroí agus teanga na mothúchán aige. Tagann sí amach as a bhéal chomh neafaiseach, chomh nádúrtha leis an uisce ag rith nó leis an bhféar ag fás. B’fhearr leis gan labhairt le haon duine seachas comhairleoir faoina scéal, áfach, de ghrá an phríobháideachais.
An bhfaighidh Seáinín comhairleoir stuama, discréideach a thuigeann canúint na háite agus a bhainfidh cuid den ualach dá ghuaillí, sula n-inseoidh sé a chuid dá mhuintir? An cheist chéanna i dtaobh ‘Mháire’, atá tugtha don ól agus don snaoisín bán.
Is gá a chinntiú go bhfuil a leithéid de sheirbhísí sláinte agus tacaíochta ar fáil do phobal na Gaeltachta ina rogha teanga, dar liom, agus sa chás go bhfuil siad ann, is gá a chinntiú go bhfuil a ndóthain díobh ann chun freastal ar na haon duine.
Faoi mar a dúrt cheana, ceist eile atá ag goilliúint ar phobal na tuaithe trí chéile, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, ná an iascaireacht.
Fillimis ar an tábhacht a bhaineann le scéal a insint agus cuirimis i gcás ‘Máirtín’ an geábh seo, iascaire a bhfuil a shlí bheatha ar an dé deiridh. Insíonn an rialtas dó gurb iad boicíní na hEorpa a thug isteach na rialacháin a bhaineann le cuótaí éisc, cé gurb é an rialtas féin a thug isteach cuid acu agus a mhol don Eoraip iad a chur i bhfeidhm in Éirinn.
An cleas céanna atá ar bun ag polaiteoirí na hEorpa, ar ndóigh; iad ag cur an mhilleáin ar Éirinn nuair a labhraíonn siad go príobháideach le hiascairí dár gcuidne, ach ansin ag cur iachaill ar ár bpolaiteoirí rialacháin áirithe de chuid na hEorpa a chur i bhfeidhm agus cloí leis na horduithe sin, nó ‘is daoibh is measa’. Ní fhéadfá a bheith suas le ceachtar den dá dhream.
An bhfuil tada i ndán d›iascairí Gaeltachta nó ar cheart dúinn leanúint orainn ag ligean do na Spáinnigh farraigí na hÉireann a réabadh gan freagracht, gan faitíos?
Ach sracfhéachaint a thabhairt ar a bhfuil pléite thuas, is léir go bhfuil cuid de na ceisteanna ceannann céanna ag goilliúint ar phobal na tuaithe agus a bhí aimsir Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. Go deimhin, is in olcas atá an scéal imithe i dtaobh cuid de na ceisteanna sin, go háirithe ceist na gceart iascaigh.
Le cois na ndeacrachtaí seo go léir, tá ceist na teanga ann agus an easpa gnímh atá le sonrú maidir le sraith moltaí agus straitéisí a chur i bhfeidhm chun an teanga a chaomhnú sa Ghaeltacht, ní áirím tús áite a thabhairt don Ghaeltacht agus iarrachtaí á ndéanamh seirbhísí stáit a chur ar fáil trí Ghaeilge de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla.
An cheist dheireanach is fiú a lua ná ceist Údarás na Gaeltachta, eagras nach bhfaigheann muintir na Gaeltachta deis a mbaill a thoghadh iad féin níos mó, faoi mar a d’fhaigheadh roimhe seo. Is gá córas daonlathach a thabhairt isteach san Údarás an athuair.
Ní féidir an méid sin a dhéanamh, áfach, nó go rachfar i ngleic le ceist chigilteach theorainneacha na Gaeltachta. Is gá dul i ngleic leis an gceist sin mar níl aon dealramh le deis a thabhairt do leithéidí mhuintir Chnoc na Cathrach baill an Údaráis a thoghadh, dá mhéad líonraí Gaeilge atá i gCnoc na Cathrach.
Go hachomair, más ea, tá sraith ceisteanna ann ar gá do phobal na Gaeltachta dul i ngleic leo agus cur ar a son mar phobal tuaithe. A scéal a insint don tír agus don domhan, agus gluaiseacht agóidíochta a chur ar bun an athuair, an cur chuige is fearr chun an méid sin a bhaint amach, dar liom. I measc na gceisteanna ar gá aghaidh a thabhairt orthu, tá:

· seirbhísí sláinte sa Ghaeltacht;
· deiseanna fostaíochta sa Ghaeltacht;
· feabhsú bóithre sa Ghaeltacht;
· áiseanna d’aos óg na Gaeltachta;
· cearta iascaireachta d’iascairí Gaeltachta;
· Údarás Gaeltachta nua-dhéanta a dtoghfaidh croíphobal na Gaeltachta a mbaill.

Idir an dá linn, is gá súil a choinneáil ar an méid a tharlóidh amach anseo i taobh cearta maidir le móin a bhaint agus cearta úinéireachta talún agus tithíochta.
Maidir le ceist na teanga go sonrach, creidim gur ghá do ghluaiseacht nua-bhunaithe aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna seo a leanas agus cur ar a son mar phobal uathúil teanga, le súil is go ndéanfaí:

· moltaí an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach - An sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta a chur i bhfeidhm ina n-iomláine;
· an siollabas Gaeltachta a chur i bhfeidhm ina iomláine;
· brú a chur ar Chomhairlí Contae an teanga a chosaint agus forbairtí nua tithíochta ar bun, sa chás go bhfuil a leithéid de shocrú déanta ar pháipéar leis na Comhairlí cheana;
· teorainneacha na Gaeltachta a leasú de réir mar a fheileann, ach leanúint de bheith ag tabhairt tacaíochta do theaghlaigh a labhraíonn Gaeilge agus do líonraí Gaeilge i gceantair bhreacGhaeltachta agus iarGhaeltachta;
· feachtas a chur ar bun chun go mbeidh stáisiún teilifíse lán-Ghaeilge ann;
· féachaint ar na féidearthachtaí atá ann reachtaíocht a leasú sa tslí is go mbeadh ar lucht déanta fógraí a gcuid fógraí a dhéanamh i nGaeilge amháin ar TG4;
· polasaí teanga a aontú i gcomhar le siopadóirí agus le clubanna Chumann Lúthchleas Gael sa Ghaeltacht d’fhonn dul i ngleic leis an náire iarchoilíneach atá le braistint i measc cuid den dream sin i leith na Gaeilge;
· seasamh le hiriseoirí Gaeilge atá ag iarraidh ceisteanna móra an domhain a phlé i nGaeilge chomh maith le scéalta áitiúla pobail.

An drochscéal atá ann ná gur le hagóidíocht leanúnach agus clampar, agus leis an méid sin amháin, a bhainfear amach aon cheann de na spriocanna thuas, má bhaintear in aon chor – ach is gá an méid sin a dhéanamh má tá aon rath le bheith orainn.
Murar ghluaiseacht teanga í Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ag deireadh na seascaidí, féachadh le cuid dá gcearta a shéanadh ar lucht na gluaiseachta de bharr na teanga a labhair siad. Lena chois sin, ba dheacair dóibh cuid de na haidhmeanna is tábhachtaí a bhí acu a bhaint amach gan aitheantas de shaghas a bheith á thabhairt don teanga lenar tógadh iad ón gcliabhán.
Ag labhairt dó ar cheist na Gaeilge go sonrach anuraidh, dúirt eagarthóir Tuairisc.ie, Seán Tadhg Ó Gairbhí, nach ceist náisiúnta níos mó í ceist na Gaeilge. An dream a dhéanfaidh torann agus clampar go leanúnach, áfach, beidh siad i lár an aonaigh sula i bhfad, agus tá deis againn ceist náisiúnta a dhéanamh den Ghaeilge an athuair, taitníodh sé leis an mbunaíocht nó ná taitníodh.
Tá idir bhunchearta pobail agus bhunchearta teanga á séanadh ar mhuintir na Gaeltachta le tamall maith anois agus ní thiocfaidh aon athrú ar a scéal mura ngníomhóidh siad.
Ba é a dúirt Máirtín Ó Cadhain gurbh iad an dóchas agus an misneach géaga giniúna an ghnímh.
Agus an méid sin á scrúdú ag an Ollamh Emeritus le Stair, Gearóid Ó Tuathaigh, dúirt sé gurbh ionann leis an gCadhnach staid fhírinneach éadóchais a bheith sroiste ag duine agus saoirse de chineál a bheith bronnta air imeacht ón gcáiréis a bhaineann le dóchas ar choinníoll; gurbh ionann a leithéid agus saoirse chun droim láimhe a thabhairt leis an ‘réasún’ (reasonableness) agus an status quo i struchtúr na cumhachta – ‘an saol mar atá’ – agus fráma loighic an réasúin sin a chaitheamh i dtraipisí, sa chaoi is nach n-éistfí leo siúd a bhíonn ‘réalaíoch i gcónaí faoina bhfuil indéanta faoi na cúinsí ina bhfuil muid’.
Dhiúltaigh Ó Cadhain don reasonableness sin toisc gur chreid sé in Aisling 1916 siar go heireaball:
‘Fiú má mhair Ó Cadhain faoi scáth dorcha an éadóchais an chuid is mó dá shaol, chomh fada is a bhain le slánú na Gaeltachta agus fíorú ceart aisling na saoirse de, fós níor ghéill sé riamh nach bhféadfadh teacht an tsamhraidh a bheith ina aisling ag Gaeil. Gach buille dár bhuail sé, gach fód dár sheas sé, sa pholaitíocht, d’fhéadfaí a rá gur ag tuar an tsamhraidh úd a bhí sé’ (Ó Tuathaigh, Máirtín Ó Cadhain, An Stair agus an Pholaitíocht: Athmhachnamh).
Is le gairid a casadh comharsa orm a mheabhraigh dom gur gá do phobal na Gaeltachta ‘a scéal a insint’, mar a mhol mé níos luaithe san alt seo, chun dul i bhfeidhm ar mhórphobal na hÉireann agus athrú meoin a thabhairt i gcrích. Sa chomhrá dúinn, dúrtsa leis gur ag plé leis an nGaeilge a bhíos ach gur snámh in aghaidh easa ba ea cuid den chúram. Ar seisean de fhreagra liomsa:
‘With all due respect, with issues like housing, health - including mental health - and education, the Irish language is hardly going to get a look-in, is it?’ Dá ndéarfainnse leis an duine sin go bhfuil an Ghaeilge fite fuaite leis na ceisteanna sin go léir ó thaobh phobal na Gaeltachta de, meas tú céard a déarfadh sé?
Tá a gcion féin déanta ag leithéidí Sheosaimh Uí Chuaig agus Joe Steve Uí Neachtain cheana féin. Is gá don ghlúin óg iad féin a dhúiseacht, cuid éigin de mhisneach an Chadhnaigh a ghlacadh chucu féin, agus creathadh a bhaint as leacacha Bhaile Átha Cliath.
Bunaítear Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta an athuair agus tacaíodh mórphobal na Gaeilge ar fud na hÉireann léi.

Kevin Hickey

Teagascóir, tráchtaire agus aistritheoir é Kevin Hickey