Gluaiseacht tuaithe atá de dhíth
Seosamh Ó CuaigBa chóir Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta a thabhairt ar ais ach ní ar an gcaoi chéanna le 1968, a scríobhann Seosamh Ó Cuaig
Is iontach grinn, géarchúiseach an t-alt é sin le Kevin Hickey a foilsíodh in eagrán an Mheithimh de Chomhar faoin teideal ‘Thar am Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta a thabhairt ar ais’. Thiocfainn leis ach ní dóigh liom gur ar an gcaoi chéanna a ndearnamar é i 1968 is cóir é a dhéanamh.
Sílim gur feachtas ar son na gceantar tuaithe ar fad is ceart a bheith ann anois agus cás eacnamaíochta na Gaeltachta a bheith ina chuid shuntasach de. Ní shin le rá gur cheart dearmad a dhéanamh den chath ar son na Gaeilge sa nGaeltacht ach is ceist faoi leith í sin, cé go bhfuil gaol gairid idir an dá rud, mar a thuigeann Kevin Hickey go rímhaith.
Bleá Cliathach é Kevin ach, murab ionann agus formhór na mBleá Cliathach, bhí sé sásta staidéar a dhéanamh ar fhadhbanna na tuaithe, léirmheas a dhéanamh orthu agus toradh a chuid machnaimh a chur i gcomparáid leis an dearcadh atá sa bpríomhchathair ar shaol na tuaithe. Is mór an cúnamh i gcónaí tuairim duine ón taobh amuigh a bhfuil meabhair chinn ann agus atá in ann éisteacht lena bhfuil á rá timpeall air. “An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé! mar a deir an Bíobla. (Matha 11: 11-18).
“As leacracha na cathrach a fáisceadh mé,” a dúirt Kevin. Ní aithneodh sé speal thar shleán ar an gcéad luí súl. Níor chaith sé oiread is lá ar an bportach ag baint mhóna ná ins an ngarraí ag crú na mbó.
A thréimhse anseo in Iorras Aithneach a chuir barr feabhais ar a chuid staidéir. Seo é an ceantar taobh thiar de Ros Muc a shíneann siar chomh fada le Carna agus beagán taobh thiar de sin aríst. Anseo atá cónaí orm féin. Feicim an pobal ag tanaíochan ó bhliain go bliain, sinn buailte ag easpa fostaíochta, ag drochbhóithre, ag leathanbhanda atá mall. Imíonn na daoine óga uainn chomh luath agus a bhíonn a gcuid meánoideachais críochnaithe acu agus tá an ceantar ar fad plúchta ag rialacháin Aontas na hEorpa a chuireann rialtais lúitéiseacha Bhaile Átha Cliath i bhfeidhm orainn, taitníodh sé linn nó ná taitníodh.
Níl ach dhá cheantar i gcontae na Gaillimhe atá i measc “spotaí dubha” dífhostaíochta Phoblacht na hÉireann de réir an daonáirimh is deireanaí. Sin iad Scainimh (Iorras Aithneach) agus Garmna (Ceantar na nOileán).
An chéad rud a theastódh ó ghluaiseacht ar son na gceantar tuaithe sainmhíniú a fháil ar céard is ceantar tuaithe ann. Déantar iarracht a chur ina luí orainn i gcónaí gur pobal uirbeach atá sa tír seo anois. Ní mar sin a chonaic an coimisiún rialtais é a raibh Pat Spillane ina chathaoirleach air, coimisiún a cuireadh ar bun d’aon ghnó le géarchéim na tuaithe a scrúdú agus moltaí a dhéanamh lena leigheas. Pobal tuaithe acusan an dream go léir atá ina gcónaí taobh amuigh de na príomhchathracha. Cinnte tá bailte taobh amuigh de na cathracha sin ach is bailte tuaithe iad atá ag brath go hiomlán beagnach ar na daoine atá ina gcónaí timpeall orthu. An bhfuil duine ar bith a cheapadh nach baile tuaithe á an Clochán i gConamara cuirim i gcás? Tuigeann Kevin Hickey go bhfuil lárú cumhachta ag tachtadh na gceantar tuaithe. Is againn atá an córas rialaithe is láraithe an taobh seo den Chóiré Thuaidh. Lena gceart a thabhairt do na Sasanaigh bhí beagáinín béime acu ar rialú áitiúil nuair a bhí ceannas na tíre seo acusan. Gan a dhul thar an taobh seo tíre, cuimhnigh go mbíodh ionadaithe tofa dár gcuid ag teacht le chéile go rialta sa gClochán agus dream eile in Uachtar Ard. Sliocht Shinn Féin, nuair a tháinig siad i gcumhacht, a chuir deireadh leis an gcóiriú sin. Is eagal liom nach mbeidh Sinn Féin an lae inniu blas ar bith níos fearr má fhaigheann siadsan cumhacht. Ar fhaitíos nach bhfuil muid sách dona anseo ó thaobh easpa cumhachta de tá sé i gceist anois Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus an Chomhairle Contae a chur faoi aon bhrat amháin. Tairne eile i gcónra na gceantar tuaithe a bheas anseo. Meon cathrach a rialós cúrsaí agus ní bheidh i bpobal tuaithe an chontae ach aguisín. Bhí an scéal sách dona mar bhí sé go deimhin. Is cuimhin liom díospóireacht fhada a bheith ar bun faoi chalafoirt ag cruinniú den Chomhairle Contae lá. Níorbh fhada a bhí an chaint ar bun nuair ba léir dhom féin gurbh é calafort chathair na Gaillimhe ba mhó a bhí ag déanamh imní do na hoifigigh. B’éigean dom a chur i gcuimhne dóibh go raibh comhairle dá cuid féin ag an gcathair agus gur ar an gcuid eile den chontae ba chóir dhúinne díriú. Céard faoi chalafort Ros an Mhíl arsa mise? Drogallach go leor a thug siad an cás sin isteach sa gcomhrá.
Lena rá i mbeagán focal, níl sa gcóras rialtais áitiúil atá againn ach mugadh magadh ceart críochnaithe. Nach agam atá a fhios: chaith mé dhá théarma i m’ionadaí tofa ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus trí thréimhse ar Údarás na Gaeltachta. Cur amú ama a bhí gcuid mhór dár saothar cheal cumhachta agus airgid.
Ba dhóbair dom a dhearmad gur chaith mé tréimhse ar Údarás Réigiúnach an Iarthair freisin. Ba é an cás céanna ansin é. Ní raibh againn ach eagraíocht bhréige a chuir an rialtas ar bun lena thabhairt le tuiscint dá gcuid máistrí sa mBruiséil go raibh réigiúnachas in Éirinn. Bhí an oiread frustrachais orm lá amháin gur mhol mé don chuid eile de na hionadaithe go n-éireodh muid as oifig in éineacht le deireadh a chur leis an gcur i gcéill. Is maith a thuig mé an chaint a rinne Paddy McGuinness nuair a d’éirigh seisean as a bheith ina chathaoirleach ar Choimisiún Forbartha an Iarthair le teann frustrachais. Ar seisean: ‘I believe strongly that there is absolutely no commitment at either political or administrative level to balanced regional development, nor is there any worthwhile plan to address rural decline.’
Roinnt blianta ó shin d’fhógair Charlie McCreevy go raibh dílárú le déanamh. Chuir státseirbhísigh ina aghaidh go nimhe neanta. Níor theastaigh uathusan bogadh síos faoin tír as Baile Átha Cliath. Ach cén fáth nár fágadh i mBaile Átha Cliath iad, arsa tusa? Ní aistriú státseirbhíseach a chuirfeadh rath orainne ach dílárú cumhachta agus airgid. Tá an fhoireann againn féin agus d’fhéadfaí cur leo. Rud mór eile atá ag goilliúint orainn is ea príobháidiú. Caithfear chuile bheart fiúntach atá le déanamh a fhágáil faoin Dia uilechumhachtach, an Margadh. An té a bhfuil faoi monarcha a chur ag obair in aice le haerfort Bhaile Átha Cliath gheobhaidh sé an chabhair chéanna agus a gheobhadh tionsclóir a bheadh ag iarraidh obair a chur ar fáil i Ros Muc, i gCill Chiaráin nó i gCarna. Sin é dlí an mhargaidh, creideamh daingean Aontas na hEorpa. Blianta ó shin chuir an Stát leictreachas ó cheann ceann na tuaithe. Ní raibh deiseanna oibre ann an uair sin chomh maith is atá anois. Bhí sé i gceist ag na fir oibre cuaillí leictreachais a iompar in aghaidh an chnoic ar a nguaillí anseo i gCill Chiaráin go dtí gur tháinig saoiste tuisceanach an bealach a mhol dóibh capall a fháil lena dtarraingt. Inniu tá sé ag dul rite linn leathanbhanda éifeachtach a chur ar fáil sna ceantair seo. Scaoil an Stát uathu ceannas ar an obair sin. Níorbh fhada go rabhamar ag brath go hiomlán ar bhilliúnaí eachtrannach. Ach thar rud ar bith eile, tá Aontas na hEorpa ina bhadhbh badhbh os ár gcionn. Tá scrios déanta ag rialacha Aontas na hEorpa ar Chonamara. Scrios siad tionscal na hiascaireachta orainn. Mura gcreideann tú sin tabhair cuairt ar chalafort Ros an Mhíl. Mar bharr ar an mí-ádh, ní cheadóidh a gcuid rialacha timpeallachta bóthar maith amháin trí Chonamara. Le linn dhom a bheith ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe mhol mé go rachadh toscaireacht go dtí an Bhruiséil le ceist na gCeantar Caomhnaithe a phlé leis an maorlathas ansin. Tharraing mé léarscáil de Chonamara agus léirigh mé le dath dubh go raibh an chuid ba mhó ar fad den réigiún ina Cheantar Caomhnaithe. Mhínigh mé nach raibh fágtha againne le pobal marthanach a chinntiú ach stráice caol talún—‘limistéar Ghaza’ mar a thug mé air. D’fhiafraigh mé díobh an raibh sé sin ceart ná cóir? Sea, ar siad, d’éiligh sinne Ceantair Chaomhnaithe in Éirinn ach is iad bhur rialtas féin a leag síos na teorainneacha a cuireadh orthu. Seo é aríst é, maorlathas na Bruiséile ag cur milleán ar mhaorlathas Bhaile Átha Cliath agus sinne inár dtrua Mhuire eatarthu.
Céard atá le déanamh mar sin? Feictear dom féin go bhfuil freagra na ceiste soiléir go leor: eagraíocht phobail a bhunú a chuirfeadh clár oibre ar son na tuaithe le chéile agus é d’aidhm acu buíon Teachtaí Dála a thoghadh a mbeadh leas na gceantar tuaithe ar a n-aire dháiríre. Cuirtear i gcuimhne dhúinn aríst agus aríst eile gur i mBaile Átha Cliath atá an chumhacht pholaitiúil. Is ea freisin ach d’fhéadfadh cothromaíocht na cumhachta a bheith sa gcuid eile den tír. Tabhair faoi deara an chaoi a bhfuil greim dúdáin ag Feisirí an DUP ar rialtas na Breataine. Dá mbeadh naonúr nó deichniúr Teachtaí Dála againne a mbeadh clár aontaithe oibre acu ar son na tuaithe cé a déarfadh nach bhféadfadh tionchar mór a bheith acu tar éis an chéad toghcháin eile. Tá lá an rialtais aon pháirtí thart. Níor ghá ar chor ar bith go mbeadh na Teachtaí seo ar aon fhocal faoi chuile ghné den saol. Ba leor go seasfaidís go daingean le sraith éileamh a bheadh ullmhaithe roimh ré ag an eagraíocht phobail. Ar chuid de na rudaí a d’éileoidís bheidís seo:
· Go mbeadh Aire Tuaithe sa gcéad rialtas eile.
· Go mbeadh córas ceart rialtais áitiúil sa tír mar atá i chuile thír eile san Eoraip.
· Go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcaoi a bhfuil na Ceantair Speisialta Chaomhnaithe leagtha amach.
· Go mbeadh córas ceart leathanbhanda againn.
· Go gcuirfí deireadh le dúnadh scoileanna beaga, oifigí poist agus beairicí Gardaí.
· Go dtabharfaí an t-ómós atá dlite dóibh do na hiascairí.
· Go neartófaí Údarás na Gaeltachta.
· Go spreagfaí meas ar an nGaeilge, agus ar chultúr na hÉireann tríd is tríd.
Bhí an-dóchas agam féin go gcuirfeadh an Teachta Dála Michael Fitzmaurice tús le gluaiseacht den chineál seo nuair a toghadh eisean. Faraor ní raibh sé dhá lá fliuch i mBaile Átha Cliath nuair a bhí sé faoi dhraíocht ag Shane Ross!
Dá mbeadh gluaiseacht phobail tuaithe ann a bheadh láidir diongbháilte ní tharlódh sé sin. Threorófaí ar an mbóthar ceart é. Ach níl a leithéid de ghluaiseacht againn.
Cá ndéanfar tús? Sa nGaeltacht b’fhéidir?
Seosamh Ó Cuaig